mercredi 21 janvier 2015

Bheith istigh faighte ag léitheoirí na Gaeilge in Aontas na Scríbhneoirí

Bheith istigh faighte ag léitheoirí na Gaeilge in Aontas na Scríbhneoirí
‘Foras poiblíochta’ do leabhair Ghaeilge i measc na n-ábhar a phléigh leathchéad scríbhneoir ag an gcéad chruinniú d’Aontas na Scríbhneoirí

Maitiú Ó Coimín
Dé Céadaoin, Eanáir 21 2015

‘Litríocht, léitheoireacht agus scríbhneoireacht na Gaeilge a chur chun cinn’.

Sin príomhaidhm Aontas na Scríbhneoirí a bunaíodh i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn seo caite.

I measc na n-ábhar eile a pléadh ag an gcruinniú bhí bunú ‘foras poiblíochta’ chun aird a tharraingt ar shaothair Ghaeilge.

Socraíodh chomh maith nach mbeadh ballraíocht an aontais teoranta do scríbhneoirí a bhfuil saothair i gcló acu, agus go mbeadh fiú cead ag ‘léitheoirí’ na Gaeilge bheith ina mbaill den Aontas.


_____________________