vendredi 23 novembre 2018

Iain Moireach, ceannródaí sa litríocht Gàidhlig, ar shlí na fírinne

Iain Moireach, ceannródaí sa litríocht Gàidhlig, ar shlí na fírinne
Fear ildánach agus ceannródaí sa ghearrscéalaíocht Gàidhlig ab ea Iain Moireach, a fuair bás an tseachtain seo caite
le Anton Mac Cába 
(TUAIRISC, Samhain 23 2018)

Ba cheannródaí sa ghearrscéalaíocht Gàidhlig é Iain Moireach, a fuair bás an tseachtain seo caite, in aois a 80 bliain. Foilsíodh an t-aon chnuasach uaidh An Aghaidh Choimheach i 1973, tráth gur beag leabhar Gàidhlig a bhí dá fhoilsiú.

Aithnítear gur leabhar den scoth An Aghaidh Choimheach. Bhí stíl agus saothar Moireach préamhaithe sa phobal Gaeltachta as ar fáisceadh é. Bhí sé mar bhua faoi leith aige go raibh sé ábalta seasamh siar ón bpobal sin, agus amharc go grinn air. 

Bhí greann ina shaothar, agus doimhneacht in éineacht leis. In amanna, dhéanfadh an léitheoir gáire. Ansin, chuirfeadh sé ceist air féin: ‘Cad chuige go ndearna mé gáire faoi sin, rud chomh tromchúiseach?’ 

Ba é An An Aghaidh Choimheach an t-aon chnuasach uaidh, cé gur foilsíodh gearrscéalta eile in irisí. Scríobh sé freisin drámaí, dánta, scripteanna, agus úrscéal amháin. Dar leis go raibh sé “riachtanach” aige na híomhánna a bhí ina intinn a a chur i bhfocail ar phár.

Ní i dtaobh leis an scríobhneoireacht amháin a bhí sé mar b’fhear ildánach é.

Rugadh mí Márta 1938 é i mBarbhas ar an taobh thiar d’Eilean Leòdhais sna hEileanan Siar. Gàidhlig ar fad a bhí sa phobal ag an am. Fuair sé a chuid meánscolaíochta ar Sgoil MhicNeacail i Steòrnabhagh, agus d’freastail sé ar Ollscoil Dhún Éideann ina dhiaidh sin. Chaith sé seal ina mhúinteoir Béarla, seal ina eagarthóir le Comhairle nan Leabhraichean, seal i mbun an oideachais dhátheangaigh le Comhairle nan Eilean Siar, seal ina chraoltóir leis an BBC agus seal ina leas-stiúrthóir oideachais ag Comhairle nan Eilean Siar. Bhí sé ar an dream a bhunaigh an comhlacht foilsitheoireachta Acair atá lonnaithe i Steòrnabhaigh agus a chuireann idir shaothair Gàidhlig agus shaothair Bhéarla ar fáil. Mhothaigh sé dualgas air féin sin a dhéanamh toisc chomh gann agus a bhí leabhair Gàidhlig sna 1970idí. Agus an obair sin go léir ar siúl aige, bhíodh sé ag scríobh leis. Chomh maith le hábhar cruthaitheach, chuir sé Gàidhlig ar roinnt leabhar Gaeilge do pháistí.

Ar bhonn pearsanta, ba dhuine séimh, lách é. Dar leis go raibh dhá ábhar bróid aige: an bhean a phós sé, agus a bheith ina eagarthóir ar chuimhní cinn an Leòdhasaigh Aonghus Chambeuil, ‘Suathadh ri Iomadh Rubha’.

Buaileadh buille trom air nuair a fuair a bhean bás go tobann ocht mbliana ó shin. Ar an drochuair, theip an tsláinte air níos luaithe i mbliana.

Chomh fada agus a bheidh léamh a dteanga dúchais ag oiread agus duine amháin de Ghaeil na hÉireann nó na hAlban, beidh a shaothar dá léamh.

le Anton Mac Cába
________________________________
AN AGHAIDH CHOIMHEACH
le Iain Moireach
Gairm, 1993.
Cruinneachadh de dhusan sgeulachdan goirid a tha uile stèidhichte air cuspairean ceangailte ris an fhacal coimheach.

Comhairle nan Leabhraichean £5.95

Èist ri trì sgeulachdan bhon a' chruinneachadh seo:
Briseadh na Cloiche
An Aghaidh Choimheach
Feòil a' Gheamhraidh


ansgeulachdghoirid.com
________________________________________
Feoil an Gheimhridh
agus scéalta eile as Albain
Cnuasach aistrithe go Gaeilge ag Colm Ó Baoill,
trí ghearrscéal le Iain Moireach san áireamh:
An Aghaidh Mhaide, Briseadh na Cloiche, Feoil an Gheimhridh
 FNT - Foilseacháin Náisiúnta Treoranta 1980 (as cló)
_______________________________

jeudi 22 novembre 2018

Féile CS Lewis in Oirthear Béal Feirste (Meon Eile)


Ar an lá seo 22ú de mhí na Samhna i 1963 cailleadh duine dena húdáir is cáiliúla ar domhan, C. S. Lewis. Is iad úrscéalta Narnia - ar díoladh breis agus 100 milliún cóip díobh in 47 dteanga - na leabhair is clúití a scríobh sé agus tá tionchar an chreidimh, na miotaseolaíochta clasaicí agus sheanscéalta na Gaeilge le feiceáil ina shaothar trí chéile.

Le tamall de bhlianta anuas tá féile á reáchtáil i gceantar dúchais Lewis, Oirthear Béal Feirste, a dhéanann ceiliúradh ar an údar agus ar a chuid leabhar. I mbliana ba é “Of this and other worlds” téama na féile agus bhí Meon Eile i láthair le labhairt le beirt a raibh baint acu le cuid de na himeachtaí...
_________________________________


An Leon, an Bandraoi 
agus an Prios Éadaigh‏
C.S. Lewis a scríobh.
Antain Mac Lochlainn a chuir Gaeilge air.
An Gúm 2014
ISBN 9781857918885

LITRÍOCHT €8.50

"Aistriúchán gleoite le hAntain Mac Lochlainn 
ar shaothar cáiliúil C.S. Lewis"
_____________________________

dimanche 11 novembre 2018

(Leagan Dátheangach) An Corrmhíol ag Simon Ó Faoláin / A' Mheanbhchuileag le Fearghas MacFhionnlaigh


An Corrmhíol
Simon Ó Faoláin
(Réamhrá úr Gaeilge le Fearghas MacFhionnlaigh)
Lth/Pgs 94 
ISBN 6660012180325
COISCÉIM 2018     
LITRÍOCHT €7.50
__________________
Aistriúchán go Gaeilge den dán
A’ Mheanbhchuileag 
le Fearghas MacFhionnlaigh (1980)
(Tá an leagan Gaeilge móide an leagan Gàidhlige sa leabhar seo)
___________________
Gàidhlig air loidhne AN SEO
_____________________
English online HERE
_____________________
_____________________

vendredi 2 novembre 2018

Diarmuid Johnson ag caint faoin leabhar úr aige: 'Tuatha Dé Danann: Seilbh Inse Fódla' (PléScéal, Raidió na Gaeltachta, 1.11.18)


 Tristan Rosenstock (PléScéal 1.11.18) 
ag caint le Diarmuid Johnson faoin leabhar úr aige:
Tuatha Dé Danann
Diarmuid Johnson
Leabhar Breac €16.00
120 lch, clúdach crua, ISBN 978-1-911363-20-0
___________________________
TUILLEADH
___________________________