dimanche 20 mars 2022

Ar a dteitheadh ón Úcráin - agallamh le Nadia Dobryanska (Meon Eile, 16 Mar 2022)

Ar a dteitheadh ón Úcráin -
agallamh le Nadia Dobryanska
Tá muintir na hÚcráine ar a dteitheadh óna dtír dhúchais ó thosaigh ionradh na Rúise ag deireadh mhí Feabhra. Ina measc siúd a tháinig go hÉirinn le déanaí tá Nadia Dobryanska, a bhí ina cónaí anseo cheana cúpla bliain ó shin. Is go Contae Chorcaí a bhog sí féin agus a teaghlach, leanbh úr agus cat ina measc. Bhí Nadia sásta suí síos linn agus labhairt ar na dúshláin atá roimpi féin go pearsanta agus roimh mhuintir na hÚcráine trí chéile mar gheall ar ionsaí na Rúise. (Pádraic Mac Oitir)

vendredi 18 février 2022

Tomás Mac Síomóin, scríbhneoir, smaointeoir agus sóisialach, tar éis bháis


Tomás Mac Síomóin, scríbhneoir, smaointeoir agus sóisialach, tar éis bháis

Bhí Tomás Mac Síomóin ina eagarthóir ar an nuachtán Anois agus ar an iris Comhar agus file, úrscéalaí agus gearrscéalaí gradamúil ab ea é

Tá an scríbhneoir, smaointeoir agus sóisialach aitheanta Tomás Mac Síomóin tar éis bháis. Bhí sé 83 bliain d’aois.

Bhí Tomás Mac Síomóin ina eagarthóir ar an nuachtán Anois agus ar an iris Comhar. File, úrscéalaí agus gearrscéalaí gradamúil ab ea é a raibh cur chuige sainiúil dearscnaitheach i gcónaí aige agus a threabh a ghort féin beag beann ar fhaisin na linne.

Ba as Baile Átha Cliath do Thomás Mac Síomóin, a rugadh i 1938, ach bhí sé ag cur faoi in Barcelona le breis is 20 bliain anuas. Fear ildánach ab ea Tomás a raibh PHD sa bhitheolaíocht aige ó Ollscoil Cornell i Nua-Eabhrac. Thug sé tréimhsí ag obair mar léachtóir agus mar thaighdeoir eolaíochta. Bhí ról lárnach chomh maith aige san Fheachtas Náisiúnta Teilifíse as ar eascair Teilifís na Gaeilge.

I measc na n-úrscéalta a chum sé bhí An bhfuil Stacey ag iompar? (2011), Ag Altóir an Diabhail (2003), Ceallaigh (2009), a scríobhadh i gCúba, agus An Tionscadal (2007), a bhuaigh príomhdhuais liteartha an Oireachtais.

Bhuaigh a chnuasach Cín Lae Seangáin agus Scéalta Eile príomhdhuais an Oireachtais don ghearrscéalaíocht.

Leis an bhfilíocht a chuaigh sé i dtosach agus foilsíodh ceithre chnuasach filíochta leis sular thug sé faoin bprós, Scian (1991), Cré agus Cláirseach (1983), Codarsnaí (1981) agus Damhna agus Dánta eile (1974).

Bhreac sé a smaointe i leith cúrsaí sóisialta agus cultúrtha i gcúig leabhrán a foilsíodh idir 2004 agus 2006. Rinne sé cuid de na téamaí ab ansa leis a chíoradh sna leabhráin sin, stádas paradacsúil na Gaeilge, dán na teanga, an poblachtánachas agus duáilcí an nualiobrálachais. Phléigh sé lorg an choilíneachais ar mhuintir na hÉireann agus ceisteanna cultúrtha, féiniúlachta agus cumhachta i saothair neamhfhicsin eile amhail The Broken Harp: Identity and Language in Modern Ireland (2014) agus The Gael becomes Irish: An Unfinished Odyssey (2020).

Aistritheoir ab ea é chomh maith agus chuir sé Gaeilge ar shaothair filíochta agus phróis Spáinnise agus Catalóinise. Chuir sé féin agus Douglas Sealy Béarla ar dhánta Mháirtín Uí Dhireáin don chnuasach Selected poems/Tacar dánta (1984). Aistríodh saothair le Mac Síomóin féin go teangacha éagsúla, ina measc na Béarla, an Spáinnis agus an Chatalóinis.

Maireann a bhean chéile, Karen, agus gaolta agus cairde leis.

Déanfar Tomás Mac Síomóin a chréamadh sa Chatalóin agus beidh a chuid luaithrigh á scaipeadh i sléibhte na bPiréiní, mar a raibh cuid dá leabhair lonnaithe.
---------------------------

samedi 1 janvier 2022

‘2022 an bhliain le hiarracht mhór a dhéanamh ar son na teanga’ – ráiteas Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn faoi lánstádas na Gaeilge an Aontas Eorpach


‘2022 an bhliain le hiarracht mhór a dhéanamh ar son na teanga’ – ráiteas Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn faoi lánstádas na Gaeilge an Aontas Eorpach
Ar an ócáid stairiúil speisialta seo déanaim comhghairdeas leo siúd atá ag obair leis an nGaeilge agus trí mheán na Gaeilge san Aontas Eorpach agus sa bhaile.

Is lá suntasach atá ann inniu don teanga, agus lánstádas á bhaint amach aici san Aontas Eorpach agus deireadh tagtha le maolú na Gaeilge.

Is aitheantas tábhachtach ar an leibhéal náisiúnta dár bhféiniúlacht ar leith mar phobal atá sa lánstádas sin, agus teanga ar leith againn a mbainimid úsáid as taobh leis na teangacha eile a mbainimid úsáid astu agus a bhfuil meas againn orthu.

Cuireann sé ár dteanga ar chomhchéim le teangacha bhunaitheoirí an Aontais, agus leis na Ballstáit a tháinig isteach san Aontas sna blianta ó shin. Is éacht suntasach atá ann agus beidh sásamh le baint ag daoine go leor as fios a bheith acu go mbeidh an Ghaeilge in úsáid gach lá san Aontas Eorpach.

Cé go mbeidh an Ghaeilge in úsáid go laethúil san AE, ní mór dúinn an deis a thapú agus freagracht a ghlacadh lena chinntiú go bhfuil tábhacht léi inár saol féin. I gcroílár ghnóthaí laethúla na hEorpa; i gcroílár an tsaoil sa bhaile.

Ach oiread le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), ar chuir mé mo lámh leis go gairid roimh an Nollaig, impím ar dhaoine ar fud na hÉireann an deis seo a thapú a gcaidreamh féin leis an teanga a athnuachan, teanga ar cuid ríthábhachtach dár n-oidhreacht í.

Cinnte, ní mór dúinn teangacha ár gcairde san Eoraip a fhoghlaim agus a mhéad dá dteangacha agus is féidir a úsáid, ach tá suntas ollmhór ag baint le húsáid ár dteanga féin. Tá ár gcuid féin déanta den Bhéarla againn, agus táimid bródúil as an gceathrar buaiteoirí Nobel na Litríochta sa teanga sin, ach anois tá uirlis bhreise teangeolaíochta againn i gcomhair ár machnaimh agus ár malartuithe.

Glacaim go cáiréiseach leis an iliomad cúiseanna nach n-airíonn daoine i gcónaí aon cheangal láidir leis an teanga, lena n-áirítear an taithí éagsúil a bhí ag daoine sa chóras oideachais sna blianta atá caite. É sin ráite, molaim gurb é anois an t-am le hiarracht mhór amháin a dhéanamh ar son na teanga.

Nuair a bhí Teilifís na Gaeilge ar tí teacht ar an aer, dúirt mé ‘tabhair seans eile don Ghaeilge’.

Anois táim ag rá gur cheart dúinn an chúthaileacht, na leithscéalta agus an leisce a chaitheamh uainn agus an teanga úsáid go laethúil ar an leibhéal céanna le teangacha eile san Aontas Eorpach, déanaimis rún áit a thabhairt di inár saol laethúil sa bhaile – i lár an aonaigh, inár ngnáthchaint.

Is deis atá sa lá inniu, nuair atá an Ghaeilge ag dul i bpáirt leis an iliomad eile le lánstádas san Aontas Eorpach.

Ach, is fúinn féin é an deis nua seo a thapú agus a chinntiú gur mór againn an teanga.

Ní hamháin go bhfuil freagracht orainn sa bhliain atá romhainn, ach tá deis iontach againn a chinntiú go mbeidh ár dteanga dhúchais ar fáil ag na glúnta le teacht agus meas acu uirthi.

Is cuid dínn féin í an Ghaeilge. Tapaímis an deis í a chuimsiú inár saol go léir. Tá an óige ag taispeáint nach ualach diúltach ná rud eisiach í. Is féidir le gach glúin a bheith páirteach inár bhféiniúlachtaí iomadúla roinnte Éireannacha, Eorpacha agus domhanda.

Tógaimis ar a bhfuil againn agus bíodh an bhliain 2022 mar an bhliain a ndéantar iarracht mhór ar son na teanga agus a dtugtar an t-ómós is cóir do gach teanga ar domhan.