dimanche 17 septembre 2017

'An Dochtúir Áthas' le Liam Mac Cóil (Podchraoladh Léirmheastóireachta)


Leabhar mhí Aibreáin 2017
An Dochtúir Áthas
ISBN 978-0-898332-18-5
Foilsitheoir: Leabhar Breac

An mhí seo, labhair Róisín Adams leis an Ollamh Máirín Nic Eoin, Ollamh Emerita in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, agus leis an Dr Eoin Mac Cárthaigh, léachtóir i Roinn na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide, faoin úrscéal An Dochtúir Áthas le Liam Mac Cóil.

"Ceann desna húrscéalta is dea-scríofa, is difriúla, is spéisiúla - in aon fhocal amháin, is fearr - a foilsíodh in Éirinn le fada an lá. Coinnítear ar bís thú ó leathanach go leathanach." - Pearse Hutchinson
Tá an leabhar seo, a céadfhoilsíodh i 1994, ar cheann den bheagán úrscéalta trialacha nua-aimseartha lánfhada sa Ghaeilge. Caidreamh an laoich lena shíciatraí is ábhar dó - nó an féidir an méid sin féin a rá go cinnte?

Láithreoir: Róisín Adams
Aíonna: Máirín Nic Eoin agus Eoin Mac Cárthaigh
_________________________

'Cás Aduain an Dr Jekyll agus Mhr Hyde' le RL Stevenson (Podchraoladh Léirmheastóireachta)


Leabhar mhí Mheán Fómhair 2017: 
Cás Aduain an 
Dr Jekyll agus Mhr Hyde 
le Robert Louis Stevenson, 
aistrithe ag Conall Ceárnach.
Is scéal scáfar é seo a chuirfidh alltacht agus anbhá ar lucht a léite. Déan dearmad ar na léirithe éadroma de atá feicthe agat i scannáin agus cruinnigh do mhisneach le dul i bhfiontar sceimhle síceolaíoch Jekyll agus Hyde. Is i Londain atá an t-úrscéal suite mar dhea, ach tá gach uile leathanach de ar maos in atmaisféar dúrúnda Dhún Éideann - an áit ar rugadh Robert Louis Stevenson. An fabhalscéal Freudach an leabhar seo, nó fáthscéal moráltachta nó fiú allagóire collaíochta? Is fútsa a chinneadh.

Láithreoir: Seán Ó Catháin
Aíonna: Aonghus Ó hAlmhain agus Ian Ó Caoimh
________________________________