mercredi 18 juillet 2018

Crapadh na Gaeilge, easpa scríbhneoirí, eagarthóirí oilte agus léitheoirí – na dúshláin ba chúis leis an gcinneadh Cois Life a scor (Tuairisc)

Crapadh na Gaeilge, easpa scríbhneoirí, eagarthóirí oilte agus léitheoirí – na dúshláin ba chúis leis an gcinneadh Cois Life a scor
(Tuairisc Iúil 17 2018)

Tá crapadh na Gaeilge, ró-ualach riaracháin, easpa scríbhneoirí agus eagarthóirí oilte, agus easpa léitheoirí agus léirmheastóireachta luaite ag stiúrthóirí Chois Life lena gcinneadh an comhlacht foilsitheoireachta mórchlú a scor ag deireadh na bliana seo chugainn.

Deir stiúrthóirí Chois Life, Caoilfhionn Nic Pháidín agus Seán Ó Cearnaigh, chomh maith go bhfuil “crapadh na teanga mar aon le díothú na nualitríochta as na hollscoileanna tubaisteach d’fhoilsitheoir liteartha agus d’údair chruthaitheacha na Gaeilge”.

Sa ráiteas a chuir stiúrthóirí Chois Life, Caoilfhionn Nic Pháidín agus Seán Ó Cearnaigh, amach inniu ag fógairt scor an chomhlachta, déantar trácht go neamhbhalbh ar na dúshláin atá roimh fhoilsitheoirí na Gaeilge agus ar an ngéarchéim atá ann ó thaobh scríbhneoireachta agus léitheoireachta sa teanga.
________________________