jeudi 12 novembre 2020

Brian Ó Conchubhair | Fin de Siècle na Gaeilge: Darwin, an Athbheochan agus Smaointeoireacht na hEorpa

Obair ealaíne an chlúdaigh: 'Low Tide' le Paul Henry
Fin de Siècle na Gaeilge:
Darwin, an Athbheochan
agus Smaointeoireacht na hEorpa

Brian Ó Conchubhair
Cló Iar-Chonnacht   €10.00
"Is saothar ceannródaíoch é Fin de Siècle na Gaeilge a dhéanann mionléamh íogair, idirdhisciplíneach ar stair intleachtúil dhioscúrsa na Gaeilge sa tréimhse sin idir deireadh an naoú haois déag agus tús an fichú haois ar a dtugtar an fin de siècle. Mínítear anseo an chaoi a ndeachaigh an fin de siècle Eorpach i bhfeidhm go smior ar Athbheochan na Gaeilge agus an chaoi ar mhúnlaigh tuiscintí conspóideacha Charles Darwin idir idé-eolaíocht, chultúr, theanga agus litríocht í. Tugtar mórthéamaí na linne - meathlú, díothú ciníocha, meascadh agus truailliú fola agus cros-síolrú - chun solais i dtéarmaí na Gaeilge trí anailís a dhéanamh ar chonspóidí móra na hAthbheochana: an cló, na canúintí, an litriú, an ghramadach agus an t-úrscéal."

Ollamh cúnta i Roinn Theanga agus Litríocht na Gaeilge, Ollscoil Notre Dame, é Brian Ó Conchubhair agus is comhalta d'Institiúid Mhic Eochaidh-Uí Neachtain um an Léann Éireannach é. Bhí sé ina eagarthóir ar Gearrscéalta Ár Linne (CIC, 2006), Why Irish? Irish Language and Literature in Academia (Arlen House, 2008) mar aon le mórán alt acadúil in irisí éagsúla.

Ghnóthaigh an leabhar seo an chéad duais do shaothar próis i gComórtas an Oireachtais 2009, maoinithe ag Oireachtas na Gaeilge.
___________________________

dimanche 1 novembre 2020

"Madadh teiripe" ag Scoil an Droichid (Meon Eile, 27 Oct 2020)


Dhá bhliain ó shin chuir príomhoide Scoil an Droichid, Fionnghuala McCotter, tús le próiseas chun madadh teiripe a fháil don scoil a chuideodh le páistí a bhfuil riachtanais speisialta orthu.

Agus sa deireadh tá madadh darb ainm Lexi faighte ag an scoil anois ón eagras ADNI (Assistance Dogs NI). Thug Lexi agus a traenálaí, Gary, cuairt ar an scoil den chéad uair ag tús na míosa, am a chuaigh siad ar turas thart ar na ranganna agus a bhuail siad leis na páistí ar fad agus le foireann na scoile.

Aimseadóir buí í Lexi agus bhí gach duine sa scoil an-tógtha lena gcara nua. Beidh Lexi ag obair sa scoil mar theiripeoir cúpla uair sa tseachtain ag tabhairt cuidiú le forbairt shóisialta agus oideachas na bpáistí. Seo an chéad uair a bhfuil madadh teiripe ag Gaelscoil sna Sé Chontae.

Ní bheidh Lexi leis an scoil ach ar feadh bliain amháin, agus tuigeann Fionnghuala an tábhacht leis an obair atá Lexi a dhéanamh. Agus cé go mbeidh an príomhoide ag éirí as an phost go luath, tá spriocanna aici madadh lánaimseartha a fháil don scoil. Beidh ar mhúinteoir amháin an madadh a thabhairt abhaile agus ar ais chun na scoile achan lá agus aire a thabhairt dó. Tá smaointe cheana féin ag an fhoireann faoi dóigh le bia agus táirgí an mhadaidh a mhaoiniú.

Pádraig Mac Oitir 27 Oct 2020
_____________________________

Seoladh Oifigiúil Concise English-Irish Dictionary

Tá an Concise English-Irish Dictionary le fáil i siopaí agus ar líne anois. 

Tá 30,000 iontráil, 85,000 aonad céille agus 1,800 leathanach ann. 

€30/£25 an PMM atá air. 

Is é seo an chéad mhórfhoclóir Béarla-Gaeilge atá foilsithe le seasca bliain anuas. 

Tá suíomh an fhoclóra le fáil saor in aisce ag www.focloir.ie

Tá aip an fhoclóra le fáil saor in aisce do ghléasanna Android agus Apple. 

Le haghaidh tuilleadh eolais faoin leabhar téigh go dtí: https://www.focloir.ie/ga/page/book.html
_________________________________