dimanche 1 novembre 2020

"Madadh teiripe" ag Scoil an Droichid (Meon Eile, 27 Oct 2020)


Dhá bhliain ó shin chuir príomhoide Scoil an Droichid, Fionnghuala McCotter, tús le próiseas chun madadh teiripe a fháil don scoil a chuideodh le páistí a bhfuil riachtanais speisialta orthu.

Agus sa deireadh tá madadh darb ainm Lexi faighte ag an scoil anois ón eagras ADNI (Assistance Dogs NI). Thug Lexi agus a traenálaí, Gary, cuairt ar an scoil den chéad uair ag tús na míosa, am a chuaigh siad ar turas thart ar na ranganna agus a bhuail siad leis na páistí ar fad agus le foireann na scoile.

Aimseadóir buí í Lexi agus bhí gach duine sa scoil an-tógtha lena gcara nua. Beidh Lexi ag obair sa scoil mar theiripeoir cúpla uair sa tseachtain ag tabhairt cuidiú le forbairt shóisialta agus oideachas na bpáistí. Seo an chéad uair a bhfuil madadh teiripe ag Gaelscoil sna Sé Chontae.

Ní bheidh Lexi leis an scoil ach ar feadh bliain amháin, agus tuigeann Fionnghuala an tábhacht leis an obair atá Lexi a dhéanamh. Agus cé go mbeidh an príomhoide ag éirí as an phost go luath, tá spriocanna aici madadh lánaimseartha a fháil don scoil. Beidh ar mhúinteoir amháin an madadh a thabhairt abhaile agus ar ais chun na scoile achan lá agus aire a thabhairt dó. Tá smaointe cheana féin ag an fhoireann faoi dóigh le bia agus táirgí an mhadaidh a mhaoiniú.

Pádraig Mac Oitir 27 Oct 2020
_____________________________