lundi 21 septembre 2020

Liam Ó Flaithearta: Rogha Scéalta (Micheál Ó Conghaile a d'aistrigh ón mBéarla)

Liam Ó Flaithearta: 
Rogha Scéalta

Micheál Ó Conghaile
a roghnaidh agus a d'aistrigh ón mBéarla

Tá leagan Gaeilge de scéalta áirithe le Liam ó Flaithearta le fáil i nGaeilge anois ach ar roghnaigh, ar aistrigh agus ar fhoilsigh Micheál Ó Conghaile a rogha trí cinn is tríocha féin de ghearrscéalta an Fhlaitheartaigh.

Ainneoin gur mar scríbhneoir Béarla is mó a bhí cáil ar an Árannach Liam Ó Flaithearta (1896–1984) – na déaga d’úrscéalta agus beagnach dhá chéad gearrscéal – bhí tionchar nach beag ag an aon leabhar Gaeilge a d’fhoilsigh sé lena bheo, an cnuasach gearrscéalta Dúil (1953) Ríomhleabhar, ar léitheoirí Gaeilge. 

Sa leabhar nua seo tá Gaeilge curtha go paiteanta ag Micheál Ó Conghaile ar a rogha féin de scoth na ngearrscéalta, trí cinn agus tríocha, mar a gcíortar téamaí mar chruas agus ainnise shaol na n-oileánach Éireannach, ról na mban sa tsochaí sin, dearcadh suaithinseach Uí Fhlaithearta ar an gcléir agus ar an eaglais Chaitliceach, an spéis thar na bearta sa dúlra agus sa nádúr. Athshealbhú cruthaitheach don aonú haois is fiche.

Praghas: €15.00

Tá gach eolas le fáil ina thaobh 
______________________________
______________________________

mardi 15 septembre 2020

Lá Roald Dahl, agus aistriúcháin Ghaeilge (Pádraig Mac Oitir, Meon Eile, 15 Sept 2020)

Lá Roald Dahl, agus aistriúcháin Ghaeilge

 (Pádraig Mac Oitir, Meon Eile, 15 Sept 2020)

An 13 Meán Fómhair gach bliain déanann an domhan ceiliúradh ar an údar Roald Dahl. Rugadh Dahl sa Bhreatain Bheag in 1916 agus bhí sé ag scríobh úrscéaltaí do pháistí go dtí go bhfuair sé bás in 1990. Tá níos mó ná 250 milliún leabhar dá chuid díolta fud fad an domhain, agus scannáin déanta de roinnt acu fosta.

In imeacht na mblianta, aistríodh na leabhair go dtí 58 dteanga éagsúla, an Ghaeilge ina measc. Chuaigh Meon Eile i dteagmháil le Muiris Ó Raghallaigh, saoraistritheoir atá ag obair faoi láthair ar leabhar eile de chuid Dahl a aistriú go Gaeilge.

Bhí spéis mhór ag Muiris in úrscéalta Roald Dahl agus é ag fás aníos. Bhí sé ag iarraidh na leabhair a thabhairt dá mhac féin ach ní raibh ach dhá leabhar aistrithe go Gaeilge ag an am. Chinn sé na leabhair is mó a thaitin leis agus é óg a aistriú agus ó shin d'fhoilsigh an foilsitheoir Leabhar Breac 'Danny Seaimpín an Domhan' agus 'Na Gamail' leis, agus tá sé anois ag obair ar 'Matilda'.

Labhair Meon Eile leis faoin dúil atá aige sna leabhair seo agus na deacaireachtaí is mó a bhaineann le leabhair mar iad a aistriú.

Is féidir na leabhair a cheannach anseoanseo.
___________________________________

jeudi 10 septembre 2020

Dorchadas um Nóin (Darkness at Noon) le Arthur Koestler | Aistriúchán le Risteárd Mac Annraoi

Dorchadas um Nóin
le Arthur Koestler
Aistriúchán le Risteárd Mac Annraoi
Sept 10, 2020 

Tá aistriúchán nua le Risteárd Mac Annraoi ar an bhfód – leagan Gaeilge den leabhar Darkness at Noon le Arthur Koestler a céadfhoilsíodh i 1940.

“Dúnadh doras an chillín de phlab thaobh thiar de Rúbaiseov…”

Chaith Arthur Koestler (1905-83) saol fíoreachtrúil mar iriseoir, úrscéalaí, agus trodaire ar son an chirt. Ungárach de phór Giúdach ab ea é, fear iltíreach ildánach agus comhbhá aige le teifigh is cimí. Saoi de chuid na fichiú haoise ab ea é, agus tábhacht bhuan lena fhís. Chaith sé a dhúthracht leis an tsaoirse aigne a chothú i ngach tír.

Mór-úrscéal machnamhach is ea Dorchadas um Nóin a foilsíodh i 1941. Cáineadh ar stáit ollsmachtacha de shaghas ar bith atá ann, rabhadh d’éinne a mbeadh rómhuinnín aige as idé-eolaíocht ar bith. Ní mór aird a thabhairt ar fhírinní an chroí chomh maith leis an réasún fuarchúiseach.

Cime polaitiúil ina chillín uaigneach is ea Rúbaiseov. Tráth dá raibh, bhí sé óg idéalach, ag tnúth leis an Tír Tairngire. Tá curtha ina leith anois, áfach, gur fheall sé ar an réabhlóid a thug a ghlúin féin i gcrích. Agus an bás ag teannadh leis, tá léargas ar a shaol uaidh. Conas a tháinig drochthorthaí ar dhea-aisling? An bhfuil modhanna gránna mídhaonna ceart má chuireann siad cuspóirí uaisle chun cinn?

Is aistritheoir bisiúil é Risteárd Mac Annraoi agus cónaí air i gCorcaigh. Mar chuid dá thionscnamh chun litríocht an domhain a chur ar fáil do Ghaeil, tá aistriúcháin leis ar shaothar Franz Kafka, Erich Maria Remarque, Agatha Christie, Italo Calvino, Yann Martel, Eivgéiní Saimiatin, Stefan Zweig agus eile i gcló.

Is féidir an leabhar a fháil ó Gael-Taca i gCorcaigh.

_______________________________________