dimanche 16 juillet 2017

Startha na Gaeilge: Alt le Vincent Morley

Startha na Gaeilge
Vincent Morley 
(20/10/2015)

Foilsíodh A History of the Irish Language: From the Norman Invasion to Independence le hAidan Doyle, léachtóir Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, cúpla mí ó shin agus tá sé díreach léite agam. Chuireas suim ar leith sa leabhar seo mar is gearr go mbeidh aiste liom féin ar an ábhar céanna i gcló sa Princeton History of Modern Ireland. B’éigean dom dul i ngleic leis na fadhbanna stairiúla atá pléite ag Doyle agus b’údar spéise dom é toradh a chuid oibre. Caithfear a rá, áfach, gur mór idir scála an dá shaothar: trí chéad leathanach atá i leabhar Doyle i gcomórtas le fiche leathanach sa chaibidil a scríobhas. Thairis sin, tá scóip na caibidle níos cúinge: níor ghá dom bacadh le stair na hÉireann, ábhar atá pléite go mion ag údair eile sa Princeton History, agus níor bhain stair inmheánach na teanga (na hathruithe a tháinig ar an bhfoclóir, ar an ngramadach, ar an litriú, etc.) le mo chúram. Ach tá iarracht déanta ag Doyle dhá thrá a fhreastal trí stair inmheánach agus stair sheachtrach na Gaeilge a chuimsiú in aon imleabhar amháin. Béarlóirí nach mbeadh ar a gcumas Stair na Gaeilge le Kim McCone et al. a léamh, bainfidh siad tairbhe as an gcuntas comair ar éabhlóid na teanga ón 12ú céad go dtí tús an 20ú céad atá le fáil anois in A History of the Irish Language. Ní phléifidh mé an ghné sin den leabhar, áfach, mar ní hé ‘Cúrsaí Teangeolaíochta’ teideal an tsuímh seo. Tabharfaidh mé spléachadh ar an gcur síos a dhein Doyle ar stair na hÉireann, agus scrúdóidh mé an dearcadh sainiúil atá aige ar stair sheachtrach na Gaeilge. De réir an nóta admhála i dtosach A History of the Irish Language, léigh staraí anaithnid lámhscríbhinn an leabhair sular ligeadh i gcló í. Más ea, caithfear a rá nár léamh cúramach é mar chuirfeadh líon na mbotún as do staraí gairmiúil ar bith.
_____________________________________

jeudi 13 juillet 2017

Idir dhá chultúr: Impiriúlachas, Éirí Amach agus Teanga sa tréimhse réabhlóideach 1914-18


Ajoutée le 2 juin 2015
Idir dhá chultúr: Impiriúlachas, Éirí Amach 
agus Teanga sa tréimhse réabhlóideach 1914-18

Alan Titley agus Aindrias Ó Cathasaigh
_________________________

Agallamh le Gabriel Rosenstock - Ólann mo Mhiúil as an nGainséis


Ajoutée le 5 juin 2012
_____________________________