vendredi 28 novembre 2014

Ian Rankin: Taghadh de Sgeulachdan Inspeactair Rebus



Fiosrachadh bho chùlaibh an leabhair:
     
Thàinig an taghadh seo de sgeulachdan eucoir Ian Rankin às na cruinnichidhean aige A GOOD HANGING (1992) agus BEGGARS BANQUET (2002). Clàradh, Mallachd Dean, A’ faicinn Rudan, Auld Lang Syne agus Club nam Fear-uasal – agus Freagairt Ceàrr, Balla-ciùil, Uinneag a’ Chothruim, Bitheamaid Geanach agus Thadhail Cuideigin air Eddie. Ann an naoi de na sgeulachdan tha rannsachadh le Inspeactair John Rebus. An aon sgeulachd anns nach eil Rebus ’s e ‘Thadhail Cuideigin air Eddie’. A rèir Ian Rankin, tha an sgeulachd sin mu mhodh-obrach nam poileas: “Tha murtair innte, chaidh cuideigin a mhurt agus tha car san deireadh.”

Tha Tormod MacGill-Eain ainmeil fad is farsaing mar-thà na sgrìobhadair ealanta ann am Beurla is ann an Gàidhlig. ’S e fianais ùr nodha air a bhuadhan a tha san eadar-theangachadh seo air obair sgrìobhadair barraichte eile. A thuilleadh air sin fhuair e coingheall o Ruaraidh Mac an t-Saoir, duine òg a tha an geall air an aon cheann-uidhe ris fhèin a ruigheachd. Tha a’ Ghàidhlig aca dìleas do bhrìgh na Beurla bheothail aig Ian Rankin: fad na h-ùine a’ seachnadh cruth doilleir. Tha Tormod MacGill-Eain gu mòr ri mholadh; dà chànan a tha cho eadar-dhealaichte is a tha a’ Beurla is a’ Ghàidhlig agus an tionndadh cho soirbheachail. Tha sinn uile fada na chomain (Iain MacAonghais)
____________________________________

jeudi 27 novembre 2014

Cén Ghaeilge ar ‘right-hand man’ ach ‘giolla gualainne’?

Cén Ghaeilge ar ‘right-hand man’ ach ‘giolla gualainne’?
FRIOTAL: Tá neart le foghlaim ó fhoinsí ar ligeadh dóibh dul as cló, a deir ár gcolúnaí.

Antain Mac Lochlainn 
(Dé Céadaoin, Samhain 26 2014)

Guím borradh agus bua ar an eagraíocht nuabhunaithe, Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge. Dá mba fúmsa a bheadh sé cnuasainm a chumadh ar scata scríbhneoirí, ní hé ‘aontas’ is túisce a rithfeadh liom, ach cé a shéanfadh go gcaithfimid, anois nó riamh, an fód a sheasamh don teanga scríofa? Ar cheann de mholtaí an Aontais tá ‘aistritheoirí agus eagarthóirí a oiliúint chun ábhar atá as cló le fada, bunleabhair agus aistriúcháin, a sholáthar sa nualitriú ar líne.’


_____________________

lundi 24 novembre 2014

FÍSEÁN – Alan Titley faoi agallamh


Labhraíonn Alan Titley ar a leabhar nua ‘An Bhean Feasa’, scéal ‘Goody Glover’, bean Éireannach a crochadh chun báis ar chúis asarlaíochta sa seachtú haois déag agus nár labhair ach Gaeilge le linn a trialach, an chéad tagairt atá againn don teanga i Meiriceá thuaidh.

___________________

Gregory Campbell DUP: Acht Teanga curtha ar ‘pháipéar leithris’

Gregory Cambell ón DUP
Acht Teanga curtha ar ‘pháipéar leithris’ ag Campbell
Ní ghéillfidh an DUP ‘go deo’ don éileamh ar Acht Teanga ó thuaidh, a deir Gregory Campbell, a thosaigh a óráid agus pota iógairt ina lámh aige mar fhrapa

Seán Tadhg Ó Gairbhí, Samhain 22 2014

Níl san Acht Teanga don Tuaisceart atá á lorg le fada ag pobal na Gaeilge ach éileamh ar ‘liosta aislingeach’ arb ionann é agus ‘páipéar leithris’, dar le Gregory Campbell ón DUP.



_____________________

mercredi 19 novembre 2014

FRIOTAL: Ar chaill tú do chiall, literally?

Ba cheart aitheantas a thabhairt do na bríonna nua 
a ghreamaíonn d’fhocail sa teanga bheo.
Antain Mac Lochlainn
Dé Céadaoin, Samhain 19 2014
‘Bíonn craoltóirí cumasacha Gaeltachta ag caint ar ‘coinníollacha aimsire’ agus ‘coinníollacha imeartha’ san áit a mbeadh ‘weather conditions’ agus ‘playing conditions’.’ 
Pictiúr: Photocall Ireland
Ceist: má tá focal á úsáid ‘go mícheart’ ag pobal teanga, an féidir a mhaíomh go bhfuil sé mícheart níos mó?

_____________________

mardi 18 novembre 2014

‘Béarla amháin’ ó Aer Lingus

‘Béarla amháin’ ó Aer Lingus
- Freagra sa deireadh tar éis cúig lá de cheisteanna ó Ghaeilgeoirí ar Twitter faoin easpa seirbhíse Gaeilge ar shuíomh idirlín an aerlíne náisiúnta.

Maitiú Ó Coimín, Dé Máirt, Samhain 18 2014

Níl aon phlean ag Aer Lingus an Ghaeilge a chur leis an rogha teangacha ar a suíomh idirlín.

Thug an aerlíne an méid sin le fios inné tar éis cúig lá de cheisteanna ó Ghaeilgeoirí ar Twitter faoin easpa seirbhíse Gaeilge ar a suíomh.
__________________

dimanche 16 novembre 2014

Mícheál Ó Ruairc faoi agallamh


DAMBATHEANGA agus ‘scríbhneoireacht na Gaeilge gan treoir’

Mícheál Ó Ruairc faoi agallamh ag Tuairsic.ie agus blaisín dá shaothar á léamh aige as a chnuasach filíochta ‘Dambatheanga’, a bhuaigh an chéad duais i gCómórtas Filíochta an Oireachtais 2014. Cnuasach dátheangach atá sa bhailiúchán dánta ‘Dambatheanga’, foilsithe ag Arlen House, a dhíríonn ar staid na teangan sa lá atá inniu, chomh maith le dánta pearsanta. Seo an chéad chnuasach ag an fhile, gearrscéalaí agus úrscéalaí ó cheantar an Leitriúigh i gCiarraí ó 2001 ann.

____________________________________

vendredi 14 novembre 2014

Interstellar: Nolan dulta amú sa spás

Interstellar
Stiúrthóir: Christopher Nolan
Cliar: Matthew McConaughey, Anne Hathaway, Mackenzie Foy, John Lithgow, Michael Caine, Matt Damon.
Nolan dulta amú sa spás
Bheadh braon faoin bhficail nó céim sa réaltfhisic ag teastáil le sásamh iomlán a bhaint as an scannán is déanaí le Christopher Nolan.

Breandán M Mac Gearailt (Samhain 14 2014)

Taibhsítear dom ar uairibh gurb í an chloch is mó ar phaidrín an Nuallánaigh nuair a bheireann sé ar an gceamara ná míobhán a chur ar an lucht féachana.

Ba shaothar cumasach, casta, cliste é Momento (2000) a chuaigh i bhfeidhm ar mhórán agus a raid Nolan i lár an aonaigh, ach bhí ort a bheith ar do bharraicíní nó bhí an scéal imithe sa bhfraoch ort.

In ainneoin bhuaicphointí Inception (2010), bhí go leor daoine ag tochas a gceann ina dhiaidh agus fonn orthu lámh a síneadh i dtreo na Cliff Notes.

Bhí sé rite le brothall agus an lucht féachana fágtha ina staicíní áiféise.

Tá iomaire an mhearbhaill á threabhadh arís aige anseo.


________________________

jeudi 13 novembre 2014

Isaac Asimov: An Fhondúireacht



An Fhondúireacht
Isaac Asimov a scríobh, 
Panu Petteri Höglund a d’aistrigh go Gaeilge

First edition, 2014. 
Maisiúcháin le Mathew Staunton.
 Cathair na Mart: Evertype. ISBN 978-1-78201-080-7 
(paperback), price: €11.95, £10.95, $15.95.

Áirítear Isaac Asimov, an "Dea-Dhochtúir", ar chlasaicigh mhóra an fhicsin eolaíochta. Ba iad na Scéalta Róbataice agus na Scéalta Fondúireachta an dá mhórshraith a tháinig óna pheann bisiúil. Rugadh sa Rúis sa bhliain 1920 é, ach ní raibh ann ach tachrán buachalla nuair a chuaigh an teaghlach ar imirce go dtí na Stáit Aontaithe. Giúdaigh Rúiseacha ab ea a mhuintir, agus ba í an Ghiúdais (canúint Gearmáinise na nGiúdach in Oirthear na hEorpa) a theanga dhúchais. Bhain sé amach céim sa bhithcheimic, agus bhí sé ina Ollamh Cúnta le Bithcheimic in Ollscoil Boston tráth. Ba iad na scéalta ficsin eolaíochta a thabhaigh clú domhanda dó áfach. Fuair sé bás i Nua-Eabhrac sa bhliain 1992 i ndiaidh dó an SEIF a tholgadh ó fhuilaistriú truaillithe.

  Is é Hari Seldon an matamaiticeoir is mó le rá ar fud Bhealach na Bó Finne, agus é tar éis an mhatamaitic, an tsíceolaíocht agus an scríobh staire a chumasc in aon bhrainse réabhlóideach eolaíochta - an tSíceastaraíocht, a cheadaíos dó todhchaí an chine dhaonna a oibriú amach roimh ré. Is é is toradh dá chuid taighde, áfach, go bhfuil Impireacht na Bó Finne, an impireacht shaibhir shíochánta a chuimsíos an réaltra go léir, le titim as a chéile roimh i bhfad, agus cogaí beaga suaracha idir ríthe cúigiúla agus tiarnaí áitiúla le teacht in áit na sean-bhuansíochána. Caithfidh Seldon Fondúireacht a bhunú ag ceann an réaltra le hoidhreacht na heolaíochta a thabhairt slán trí chéadta bliain na barbarthachta.

  Tháinig na scéalta faoi Phlean Seldon agus faoin bhFondúireacht i gcló an chéad uair sna 1940idí ar an iris Astounding Science Fiction, agus foilsíodh faoi chlúdach leabhair iad sna 1950idí. Fuair a lán scríbhneoirí ficsin eolaíochta inspioráid ó na scéalta seo ó shin i leith, agus is cuid de dhúshraith an tseánra iad inniu. Mar sin tá sé thar am iad a chur ar fáil as Gaeilge.

  Scríbhneoir Gaeilge agus aistritheoir gairmiúil ón bhFionlainn é Panu Petteri Höglund a chaith na blianta fada ag déanamh dianstaidéir ar scríbhinní Gaeilge na Gaeltachta idir litríocht agus bhéaloideas. Bhain sé amach céim sa léann Ghearmánach, Pholannach agus Rúiseach ó Åbo Akademi (Ollscoil Sualainnise na Fionlainne), agus chuir sé Fionlainnis ar cheithre leabhar Íoslainnise nuair a bhí sé óg. Tá sé meáite ar lón léitheoireachta a sholáthar do lucht na Gaeilge a shásós na héilimh is airde amuigh. Tháinig ceithre leabhar próis i gcló uaidh cheana féin, mar atá, Sciorrfhocail (2009 - úrscéilín agus scéalta), An Leabhar Nimhe (2012 - gearrscéalta uafáis in aithris ar Howard Phillips Lovecraft), An Leabhar Craicinn (2013 - gearrscéalta) agus An tSlaivéin (2013 - úrscéal faoi Oirthear na hEorpa).
______________________

mercredi 12 novembre 2014

C.S. Lewis: An Leon, An Bandraoi, agus an Prios Éadaigh



"Aistriúchán gleoite le hAntain Mac Lochlainn ar shaothar cáiliúil C.S. Lewis"

An GÚM, Baile Átha Cliath 2014
_______________________

lundi 10 novembre 2014

Síle chaoch, Dónall na gealaí agus Tadhg Ó Rodaí

Síle chaoch, Dónall na gealaí agus Tadhg Ó Rodaí
Ní hamháin go mbaineann nathanna le teangacha ar leith, ach is léiriú ar cheantair, ar chanúintí agus ar phobail áirithe iad chomh maith.

Katie Ní Loingsigh
Dé Luain, Samhain 10 2014

Síle: Dhein sé Síle chaoch de, he out‑argued him, made a fool of him, beat him blind. (Dineen 1927, lch. 1343).

Cérbh í Síle chaoch, cad ina thaobh a raibh sí caoch agus an maireann sí go fóill?

In ainneoin na gceisteanna úd, ní hí Síle amháin atá i mbéal an phobail – tá Tadhg an dá thaobh againn (a two‑faced person), Dónall na gealaí (the man in the moon) agus Dónall na gréine (happy-go-lucky person) mar aon le Tadhg Ó Rodaí (Mr. so-and-so), Tadhg an mhargaidh (the man in the street), bodhaire Uí Laoghaire (feigned deafness) chomh maith. Nathanna cainte a thugtar ar na frásaí seasta sin uile.



____________________________

An Chatalóin: mothúcháin agus meáin chumarsáide

An Chatalóin: mothúcháin agus meáin chumarsáide
Dá mbeadh John Walsh ag brath ar chraoltóirí náisiúnta na hÉireann agus na Breataine chun teacht ar anailís agus scagadh ar ‘Lá na Rannpháirtíochta’ sa Chatalóin inné bheadh fuar aige. Mar sin is ag faire theilifís phoiblí na Catalóine a thug sé an oíche aréir agus na torthaí ag teacht isteach.

John Walsh (Dé Luain, Samhain 10 2014)

Dá mbeinn ag brath ar chraoltóirí náisiúnta na hÉireann agus na Breataine chun teacht ar anailís agus scagadh ar ‘phróiseas rannpháirtíochta’ na Catalóine inné, bheadh fuar agam.

Níor craoladh smid ar chláracha nuachta an BBC tráthnóna aréir mar gheall ar scéal na Catalóine lena raibh d’aird acu ar Dhomhnach Cuimhneacháin na bPoipíní.

Níor luadh an scéal ar phríomhchlár nuachta RTÉ ach an oiread.



____________________________

mercredi 5 novembre 2014

Irisleabhar na Gaedhilge á dhigitiú

Irisleabhar na Gaedhilge á dhigitiú
Leagan digiteach den irisleabhar ceannródaíoch Irisleabhar na Gaedhilge le seoladh roimh Cháisc na bliana 2016.

Maitiú Ó Coimín (Samhain 5 2014)

Tá maoiniú €35,000 curtha ar fáil ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta d’Acadamh Ríoga na hÉireann chun Irisleabhar na Gaedhilge, a foilsíodh den chéad uair sa bhliain 1882, a dhigitiú.

Cuirfear an tionscnamh i gcrích roimh Cháisc 2016.


________________________

lundi 3 novembre 2014

Breandán Ó Buachalla agus An Aisling


Mise en ligne le 2010-05-24
_________________________