jeudi 28 avril 2016

Tá aistritheoirí Gaeilge á lorg i bParlaimint na hEorpa




Aistritheoirí á lorg faoi láthair 
I láthair na huaire, tá aistritheoirí Gaeilge á lorg in Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin i bParlaimint na hEorpa (AS TRAD) i Lucsamburg. Is é an príomhról atá ag aistritheoirí in Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin ná aistriúcháin ar ardchaighdeán a chur ar fáil i bParlaimint na hEorpa chomh maith le comhairle a thabhairt faoi chúrsaí teanga.

Tá AS TRAD anois ag féachaint le comhaltaí nua foirne a fhostú ar conradh i Seirbhís Aistriúcháin na Gaeilge. Tá sé de chúram ar dhaoine atá fostaithe ag Seirbhís Aistriúcháin na Gaeilge in AS TRAD gach cineál doiciméid a aistriú go Gaeilge, agus is fearr más féidir leo é sin a dhéanamh ó dhá theanga ar a laghad de chuid theangacha an Aontais Eorpaigh. I measc chúraimí eile an róil sin, tá athcheartú ar aistriúcháin ó na teangacha sin, mar aon le taighde téarmaíochta.

Le tuilleadh eolais a fháil faoi na deiseanna seo, cliceáil anseo.
___________________________
(Gaelchultúr)
________________________

mercredi 27 avril 2016

Cathal Póirtéir: Léirmheas ar An Litir le Liam Mac Cóil


An Litir le Liam Mac Cóil (Leabhar Breac, 2011, €15)

I dTír Strainséartha le Liam Mac Cóil (Leabhar Breac, 2014, €15).

LÉIRMHEAS LE CATHAL PÓIRTÉIR
Ba léir ón uair a bhain léitheoirí deireadh An Litir le Liam Mac Cóil amach, nach raibh deireadh bainte ag an údar as an scéal seo in aon chor agus go raibh ar a laghad leabhar eile le bheith ann ina leanfadh laoch óg an leabhair ar aghaidh lena thuras eachtrúil. Ní raibh dul amú orainn. D’fhoilsigh Leabhar Breac an dara leabhar sa tsraith seo, I dTír Strainséartha, ag deireadh na bliana seo chuaigh thart. Anois tá an chuma ar an scéal nach mbeidh aon dul as ag an údar ach leabhar nó dhó eile a chur leis an insint chun muid a thabhairt go ceann scríbe.

_____________________