mercredi 4 janvier 2017

'Oileán an Órchiste' agus 'An Fuadach' le Robert Louis Stevenson (podchraoltaí léirmheastóireachta)


Oileán an Órchiste
le Robert Louis Stevenson 
(podchraoladh léirmheastóireachta)

Tá an t-úrscéal Treasure Island le Robert Louis Stevenson áirithe ar cheann de na húrscéalta eachtraíochta is mó cáil riamh. Scéal scleondrach atmaisféarach é seo faoi fhoghlaithe mara ar an bhfarraige mhór, faoi mhapa órchiste, agus faoi Jim Hawkins, buachaill sna déaga a chuireann chun farraige agus é meallta ag draíocht an bhithiúnaigh Long John Silver.

Is mar scéal theacht in inmhe a aithnítear go coitianta é, agus tá cáil ar leith ar Oileán an Órchiste mar gheall ar an atmaisféar, na carachtair, agus ar an léiriú ann ar dhébhríochas na moráltachta - i bpearsa Long John Silver - rud neamhchoitianta i litríocht na n-óg. Tá sé ar cheann de na húrscéala is mó riamh a bhfuil athchóiriú déanta air, agus chuaigh sé i bhfeidhm go mór ar thuiscintí an phobail ar fhoghlaithe mara, le híomhánna den léarscáil d’órchiste marcáilte le crosóga, den scúnar, den Spota Dubh, d’oileáin throipiceacha, agus den mhairnéalach ar leathchois agus pearóid ar a ngualainn aige.

San aistriúchán breá seo le Darach Ó Scolaí, tá an t-úrscéal seo a scríobhadh in 1883 curtha in oiriúint do léitheoirí an lae inniu, agus maisithe le pictiúir ó eagrán 1911 den leabhar le N.C. Wyeth.

Láithreoir: Ian Ó Caoimh
Aíonna: Caoimhe Nic Lochlainn agus Máirtín Coilféir
_______________________________

An Fuadach 
le Robert Louis Stevenson 
(podchraoladh léirmheastóireachta)

An mhí seo labhair Róisín Adams leis an Dr Caoimhe Nic Lochlainn, léachtóir le Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, agus le hEoin P. Ó Murchú, aistritheoir, faoi An Fuadach, aistriúchán nua le Darach Ó Scolaí ar Kidnapped le R L Stevenson.

An Fuadach le Robert Louis Stevenson ar cheann de na húrscéalta is mó cáil riamh. Seo é scéal scleondrach corraitheach an dílleachta Dáibhí Balfúr, fear óg a bhfuil a uncail Eibinéasar ag iarraidh é a mharú agus a oidhreacht a thógáil dó féin. Is é a chairdeas leis an claimhteoir Seacaibíteach Ailean Breac Stíobhaird a thugann slán é - ach is fear é siúd a bhfuil an tóir amuigh ag na Sasanaigh air agus, ina chuideachta, caithfidh Dáibhí dul i mbaol a bháis i nGaeltacht na hAlban agus na Cótaí Dearga sna sála orthu. Aithnítear An Fuadach go forleathan mar an t-úrscéal is fearr de chuid Stevenson, leabhar ar ar thug Henry James ‘coróin agus príomhbhua an ealaíontóra’.

San aistriúchán seo le Darach Ó Scolaí, tá an t-úrscéal a scríobhadh in 1886 curtha in oiriúint do léitheoirí an lae inniu, agus é maisithe le pictiúir ó eagrán 1913 den leabhar le N.C. Wyeth.

Láithreoir: Róisín Adams
Aíonna: Caoimhe Nic Lochlainn agus Eoin P. Ó Murchú
____________________________
 Leabhar eile le Robert Louis Stevenson: 
Cás Aduain an Dr Jekyll agus Mhr Hyde.
____________________________

Plean Gàidhlig seolta ag seirbhís phóilíneachta na hAlban

Plean Gàidhlig seolta ag seirbhís 
phóilíneachta na hAlban
Ní chaithfear aon airgead breise ó bhuiséad Phoileas Alba ar chur i bhfeidhm an phlean teanga nua
Maitiú Ó Coimín, (Tuairisc, Eanáir 4)

Tá suaitheantais dhátheangacha, Gàidhlig agus Béarla, le bheith ar chultacha na bpóilíní in Albain feasta de réir Plean Gàidhlig Phoileas Alban a seoladh an tseachtain seo.

“Tá an suaitheantas atá ag Poileas Alba le bheith dátheangach ar fud seirbhís Phoileas Alba, rud a léireoidh an meas céanna don Ghàidhlig agus don Bhéarla,” a deirtear sa Phlean, ina leagtar síos na céimeanna a thabharfar leis an teanga a chur chun cinn sna cúig bliana amach romhainn.

Is ar bhonn “nua agus nuachan” a chuirfear an plean i bhfeidhm, is é sin le rá gur ar chultacha nua amháin a chuirfear an suaitheantas nua dátheangach. Ní chuirfear an plean i bhfeidhm i gcás cultacha atá in úsáid cheana féin, ach amháin sa chás go bhfuil deisiú nó “athnuachan” le déanamh ar sheanchultacha.

Fágann sé sin nach bhfuiltear ag súil go gcaithfear aon airgead breise ar an bPlean Gàidhlig agus níl pingin curtha ar leataobh i mbuiséad na bliana seo ag Poileas Alba leis an bplean a chur i bhfeidhm. Tá maoiniú beag faighte ag Poileas Alba ó eagraíochtaí seachtracha Gàidhlig chun an costas beag a bhaineann leis an bplean a ghlanadh . Maítear sa Phlean féin go lorgófar tuilleadh maoinithe ó fhoinsí éagsúla amach anseo.
___________________________