vendredi 29 novembre 2019

'Ar Luch agus ar Dhuine' le John Steinbeck

Ar Luch agus ar Dhuine
John Steinbeck
€16.00
Luach Speisialta €14.00
Le Réamhordú ar Lascaine go dtí 13 Nollaig
120 lch; clúdach crua: ISBN 978 1 911363 22 4

Eagrán álainn Gaeilge den tseanchlasaic le John Steinbeck Of Mice and Men a céadfhoilsíodh in 1937, ceann de mhórshaothair na haoise seo caite.

Beirt spailpíní iad George agus Lennie, i gCalafóirne i dtríochaidí an chéid seo caite. Fathach urrúnta ‘ar chiall na bpáistí’ é Lennie agus bíonn George ag tabhairt aire dó. Agus cé nach bhfuil acu de mhaoin an tsaoil ach an t-éadach ar a ndroim, tá aisling acu – feirm bheag a cheannach dóibh féin agus a bheith ‘beo ar mhéith na tíre’.
An Garbhadas, an Mhíofaireacht agus an Suarachas
Ar Luch agus ar Dhuine ar cheann de na scéalta is cumhachtaí dár scríobh John Steinbeck. Tá an garbhadas ann, agus an mhíofaireacht agus an suarachas, ach is é an cineáltas agus an grá atá in uachtar. Scéal gairid é ach, más ea féin, beidh cuimhne fhada air ag an té a léifidh.

An saothar seo le Colmcille Ó Monacháin, tá sé ar cheann de na heiseamláirí aistriúcháin is breátha dá ndearnadh le tamall de bhlianta.
___________________________________

lundi 4 novembre 2019

An Chatalóin: Stát nua de chuid na hEorpa? (Vincent Morley, Cúrsaí Staire 12/12/2012)


An Chatalóin: 
Stát nua de chuid na hEorpa?
(Vincent Morley, Cúrsaí Staire 12/12/2012)
Ag breacadh an lae, an 11 Meán Fómhair 1714, d’ionsaigh arm Francach agus Spáinneach cathair Barcelona. Níos mó ná 40,000 fear a bhí san arm aontaithe seo i gcomórtas le harm beag de 10,000 Catalónach a bhí ag cosaint na cathrach. Bhíodh buntáiste nár bheag ag an lucht cosanta i gcogaíocht an 18ú céad, áfach, agus b’éigean do na comhghuaillithe a ngunnaí móra a dhíriú ar Barcelona ó lár mhí Iúil go dtí mí Mheán Fómhair sula raibh dóthain damáiste déanta d’fhallaí na cathrach chun an t-ionsaí a dhéanamh. I measc na saighdiúirí a réab isteach trí na bearnaí bhí ceithre reisimint Éireannacha i seirbhís na Fraince – reisimintí Dillon, Lee, Berwick agus Bourke. ‘Géanna fiáine’ ba ea na saighdiúirí seo agus bhí James Sarsfield (1693-1719), Iarla Leamhcáin agus aonmhac Phádraig Sáirséal, ar dhuine de na hoifigigh a goineadh sa troid fhíochmhar. Tuairim is 10,000 de na hionsaitheoirí agus 6,000 de na cosantóirí a maraíodh nó a goineadh sular ghéill na Catalónaigh timpeall a ceathair a chlog um thráthnóna.
________________________
Freisin:
Tomás Mac Síomóin: Ceachtanna ón gCatalóin
________________________