lundi 4 février 2019

Breandán M Mac Gearailt: Léirmheas ar an scannán 'Black 47'

D’airigh mé uaim Máirtín Jaimsie agus mé ag féachaint ar ‘Black 47’
Breandán M Mac Gearailt (10 Meán Fómhair 2018) 

BLACK 47
Stiúrthóir: Lance Daly

Cliar: James Frecheville, Hugo Weaving, Stephen Rea, Freddie Fox, Barry Keoghan, Moe Dunford, Sarah Greene, Jim Broadbant, Peadar Cox, Diarmaid de Faoite

Is gearrscannán Gaeilge, tathagach é An Ranger (2008) a dhíríonn ar shaighdiúir (Owen McDonnell) agus an scrios a dhéanann sé nuair a fhilleann sé ar an bhfód dúchais i gConamara i rith an Ghorta Mhóir. Ghlac sé le ‘scilling an Rí’ nuair a chuaigh sé sna Connaught Rangers agus chaith sé blianta i gcéin i mbun cogaíochta. Thug McDonnell agus Máirtín Jaimsie taispeántais bhreátha uathu sna príomhrólanna. Ní raibh mo ghoile sásaithe, áfach, agus taibhsíodh dom riamh gur leathscannán a bhí ann mar nár cíoradh cúlra nó todhchaí an tsaighdiúra chun mo shástachta.

Dar liom go bhfuil sárshaothar dlite don Ghorta Mór agus is ábhar iontais agam i gcónaí teirce na saothar faoi.[...]