Litir ó Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Antonio Tajani
Ní mór dúinn smaoineamh ar a thábhachtaí
atá aontacht na hEorpa, anois níos mó ná riamh.
Is gá don Eoraip athrú, gan í a lagú
Tuairisc Dé Sathairn, Márta 25 2017
Inniu déanaimid ceiliúradh ar chomóradh seasca bliain de ré saoirse nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo san Eoraip. Fós féin, níos mó ná riamh, tá cúl á thabhairt ag daoine le tionscadal na hEorpa.
Tá na náisiúnachtaí, na daoine a mheasann ‘gach aon duine ar a shon féin’, ag éirí níos cumhachtaí taobh istigh den Aontas agus lasmuigh de. Den chéad uair, in áit áthas a bheith orainn maidir le haontachas tíortha nua, caithfimid aghaidh a thabhairt ar imeacht na Ríochta Aontaithe.
Mar gheall air seo, ní féidir linn sinn féin a shásamh le ceiliúradh nach bhfuil ann ach focail dheasa. Caithfimid an Eoraip a thabhairt níos cóngaraí dá saoránaigh trí réiteach nithiúil a sholáthar dá gcuid fadhbanna.
Freagraímis don phobalachas le hEoraip ghníomhach, le hEoraip a mhaolaíonn ar an dífhostaíocht, a bhainistíonn na sreafaí imirce, a áirithíonn an tslándáil agus a thugann aire don chomhshaol.
Ní hé tráth na deighilte é ná tráth chun milleán a chur ar na hinstitiúidí eile nó ar rialtais AE toisc ár n-earráidí. Níl aon mhaitheas i meon mar sin. Os a choinne sin, is mithid misneach chun ár bhfreagrachtaí a ghlacadh chugainn féin chun réitigh chomhpháirteacha a aimsiú chun sochair do mhuintir na hEorpa.
Chun an dífhostaíocht a laghdú, go háirithe i measc na n-óg, tá gá le hEoraip níos iomaíche a thugann aird níos fearr ar an bhfíorgheilleagar. Tá gá le comhshocrú glúine in éineacht leis an gcomhshocrú cobhsaíochta agus fáis. Ní féidir linn fiacha atá ó smacht agus geilleagar neamhéifeachtach nach bhfuil fabhrach ó thaobh chruthú post de a fhágáil le huacht ag an aos óg. Caithfimid a áirithiú go mbainfidh an t-aos óg leas freisin as buntáistí ár ngeilleagar margaidh sóisialta.
Ní leor bearta maidir le comhdhlúthú fioscach amháin chun an réiteach sin a bhaint amach. Tá beartais uainn a spreagfaidh infheistíocht, déantúsaíocht, seirbhísí agus digitiú ar fhíormhargadh na hEorpa.
Caithfimid rialú eacnamaíoch na hEorpa a threisiú. Tá an tsolúbthacht bhuiséadach agus úsáid na gcistí Eorpacha fite fuaite le caílíocht an chaiteachais agus leis na hathchóirithe chun ár n-éifeachtúlacht eacnamaíoch agus riaracháin a fheabhsú. Sin é an bealach chun tús a chur le fíorchóineasú ár ngeilleagar, atá riachtanach chun go mbainfidh na hEorpaigh uile leas as an euro.
Is gá rialacha agus nósanna imeachta níos simplí a bheith againn, nach gcuirfidh srian ar ár saoránaigh ná ar ár ngnóthaí. Ná téimis amú sna mionsonraí.
Ina áit sin, dírímis ar dtús ar na dúshláin mhóra dhomhanda, an beartas eachtrach, an chosaint, an trádáil, an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide. Níl aon Stát Eorpach amháin láidir go leor chun caibidlíocht a dhéanamh ina aonar leis na Stáit Aontaithe, leis an tSín nó leis an Rúis. Is i dteannta a chéile amháin is féidir linn ár gceannasacht a chur i bhfeidhm i gceart.
Is i gcomhaontas le chéile is féidir linn barr feabhais Eorpach maidir le rochtain ar mhargaí domhanda a áirithiú, ar bhonn rialacha daingne a chinnteoidh deireadh na hiomaíochta éagóraí.
Tá gá againn freisin le margadh cosanta agus le tionscal cosanta Eorpach chun gur féidir linn sinn féin a chosaint ar bhealach éifeachtach le cothromaíocht acmhainní. Caithfimid sineirge agus acmhainneacht mhíleata a thógáil, ar féidir leo feidhmiú ar bhealach comhordaithe, in ainneoin gur ó thíortha éagsúla iad.
Is gá dúinn freisin ár muinín chomhpháirteach a neartú chun ár saoránaigh a chosaint ar sceimhlitheoireacht agus ar choiriúlacht, agus chun imghabháil cánach a chomhrac. Caithfidh ár seirbhísí faisnéise, ár mbreithiúna, ár bpóilíní agus ár ngníomhaireachtaí frithchalaoise faisnéis a mhalartú agus oibriú i gcomhar le chéile.
Chun ár dteorainneacha a rialú, tá orainn ár bpríomhacmhainní a chomhroinnt agus Gníomhaireacht Garda Cósta agus Teorann Eorpach a bhunú .
Is gá dúinn oibriú go dlúth i gcomhar le chéile d’fhonn an ceart chun tearmainn a ráthú agus chun Rialachán Bhaile Átha Cliath a ollchóiriú ionas go mbeidh sé níos éifeachtaí. Is gá dúinn a bheith chomh díograiseach agus sinn ag glacadh le daoine a cháilíonn i gcomhair an chirt ar thearmann agus atáimid ag cur in aghaidh na hinimirce mídhleathaí.
Chun aghaidh a thabhairt ar an bhfeiniméan úrnua seo, a bhfuil dlúthbhaint aige le fás déimeagrafach, leis an athrú aeráide, an sceimhlitheoireacht, cogadh agus an bhochtaineacht, caithfimid straitéis chomhchoiteann a fhorbairt ar son na forbartha san Afraic. Ní féidir linn bainistiú na sreafaí imirce a fhágáil faoi chúram na ngáinneálaithe ar dhaoine ná na sceimhlitheoirí.
Caithfidh taidhleoireacht eacnamaíochta láidir a bheith againn chun filleadh na n-imirceach a éascú agus dlús a chur leis, chun lárionaid ghlactha a chruthú i dtuaisceart na hAfraice i gcomhar leis na Náisiúin Aontaithe, agus chun brú na himirce a laghdú. Is gá plean Marshall le haghaidh na hAfraice, ina mbeidh breis infheistíochtaí agus malartuithe feasa gnó i réimsí amhail an tslándáil, bonneagair, fuinnimh ghlana, an fhiontraíocht, an oiliúint agus forbairt acmhainní riaracháin.
Chun dul i ngleic leis na dúshláin sin, ní mór dúinn smaoineamh ar a thábhachtaí atá aontacht na hEorpa, anois níos mó ná riamh. Is gá don Eoraip athrú, gan í a lagú.
Is féidir linn machnamh a dhéanamh ar ár gcuid earráidí, agus ar a bhfuil le feabhsú, ach níl sé de cheart againn an misneach a chailleadh, ná dearmad a dhéanamh ar an bhféinmheas sin a chuir ar ár gcumas gach a bhfuil bainte amach againn le chéile a dhéanamh.
Is sinne an t-aon réigiún ar domhan nach gcuirtear pionóis an bháis i bhfeidhm a thuilleadh ann. Cuireann an domhan muinín ionainne nuair a chuirtear iriseoirí i bpríosún, nuair a fhulaingíonn mná foréigean agus nuair a dhéantar beag dá gcearta, nuair a bhagraítear ar lucht freasúra polaitiúil nó nuair a bhaintear a saoirse uathu. Caithfimid a bheith inár n-eiseamláir maidir le cearta bunúsacha. Is mó ar fad sinn ná margadh ná airgeadra.
Tá an fhreagracht orainn ar fad ceannaireacht a fheidhmiú le neart agus le crógacht i dtaca lenár luachanna, ar luachanna iad atá mar phríomhbhunús don chómhaireachtáil seo againne.
Cuimhnítear ar aisling rathúil na hEorpa nuair a labhraímid ar an dul chun cinn, ar an rathúnas, ar an tsaoirse agus ar an tsíocháin. Ní chreidim go bhfuil an fonn chun aislinge sin caillte ag na hEorpaigh. Is fúinne atá sé anois íomhá na hEorpa teibí, neamhéifeachtaí agus maorlathaí a athrú. Ní mór dúinn an díograis a spreagadh agus an tuiscint sin a bhaineann le bheith páirteach i mórthogra a chothú.
Is é sin an oidhreacht is fearr is féidir linn a bhronnadh ar na glúine atá le teacht.
____________________________________