jeudi 31 mai 2018

An nós seanbhunaithe ‘Gaelic’ a úsáid in áit ‘Irish’ mar mhasla pléite i leabhar nua (Tuairisc)

An Meon Folaithe: Idé-eolaíochtaí agus iompar 
lucht Labhartha na Gaeilge in Éirinn agus in Albain,
 - curtha in eagar ag Tadhg Ó hIfearnáin agus John Walsh
LITRÍOCHT €18
An nós seanbhunaithe ‘Gaelic’ a úsáid in áit ‘Irish’ mar mhasla pléite i leabhar nua.
TuairiscBealtaine 29 2018

Léiríonn taighde atá déanta ag an scoláire Hugh Rowland gur nós seanbhunaithe é an focal ‘Gaelic’ a úsáid in áit ‘Irish’ chun beag is fiú a dhéanamh den teanga agus lucht a labhartha.

In aiste taighde leis faoin Language Freedom Movement agus Conradh na Gaeilge sa chnuasach nua An Meon Folaithe, deir Rowland gur bhain an LFM úsáid as an bhfocal ‘Gaelic’ d’aon ghnó mar chuid de “idé-eolaíocht an díspeagtha”.

Bunaíodh an LFM i 1965 chun cur i gcoinne stádas na Gaeilge sa státseirbhís agus sa chóras oideachais.
______________________________

mercredi 9 mai 2018

Óráid an Uachtaráin Uí Uigínn: 'Bliain na Gaeilge 2018'


Tuairisc | Ajoutée le 17 avr. 2018
Óráid an Uachtaráin Uí Uigínn: 'Bliain na Gaeilge 2018'  
(Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath, Dé Sathairn, 14 Aibreán 2018)

Téacs
A Chairde Gael,

Go raibh míle maith agaibh as bhur bhfíorchaoin fáilte. Tá áthas orm, mar Uachtarán na hÉireann, a bheith anseo inniu chun ceiliúradh a dhéanamh libh ar Bhliain na Gaeilge 2018.

Bhí ról nach beag ag Uachtaráin na hÉireann i gcur chun cinn na Gaeilge – chomh fada siar leis an gcéad Uachtarán, Dubhghlas de hÍde, ceannródaí na hathbheochana, a bhí ina chathaoirleach ag an gcruinniú, i mí Iúil 1893, céad fiche cúig bliain ó shin, nuair a bunaíodh Conradh na Gaeilge.

Tá muid bailithe le chéile inniu, idir óg agus aosta, idir lucht líofa agus foghlaimeoirí, idir mhuintir na cathrach agus mhuintir na tuaithe, chun ceiliúradh a dhéanamh ar ár n-oidhreacht, ár gcultúr ársa - caomhnaithe againn in ainneoin deacrachtaí agus dúshlán na staire, agus an chuid is tábhachtaí, is luachmhara, is áille dár gcultúr: An Ghaeilge, teanga dhúchais an oileáin seo.

Tá muid bailithe le chéile chun fís an Chraoibhín Aoibhinn agus a chomhghleacaithe a cheiliúradh, agus chun ardú meanma agus spreagadh a thabhairt don obair a bheidh ar siúl againn sna blianta atá amach romhainn.

Is iontach an rud í gach teanga. Tugann gach teanga ar domhan léargas faoi leith ar na daoine a labhraíonn í, ar an bpobal ina labhraítear í, ar an áit ina labhraítear í. Léiríonn gach pobal, sa chaoi ina gcaitheann siad lena dteanga, luachanna bunúsacha an phobail sin.

Dúinne, atá chomh tógtha leis an nGaeilge, is ábhar ceiliúrtha í an teanga dúinn mar chuid lárnach dár n-oidhreacht. Nuair a thuigimid luach na teanga agus gach ní a bhaineann léi, tuigimid, ag an am céanna, luach na dteangacha eile a úsáidtear ar an Oileán seo, agus tábhacht na dtraidisiúin éagsúla atá ag maireachtáil ar scáth a chéile fud fad an 32 Contae.  

125 bliain ó shin, nuair a scríobh Dubhghlas de hÍde chuig Eoin Mac Néill den chéad uair, dúirt sé nach raibh rud ar bith níos tábhachtaí ná an Ghaeilge a choinneáil “dá labhairt” in Éirinn. Bhunaigh an bheirt acu Conradh na Gaeilge, gluaiseacht a ghríosaigh muintir na hÉireann chun gnímh: gníomh a raibh géarghá leis, toisc go raibh baol mór go gcaillfí go deo an teanga a labhraíodh anseo leis na mílte bliain.

Inniu, mar chuid de Bhliain na Gaeilge, tá muid ag déanamh machnaimh ar a bhfuil déanta ag na glúnta a tháinig romhainn ar son ár dteanga.

Sheas siad an fód ar son ár n-oidhreachta agus  bhaineadar áit lárnach amach don Ghaeilge i gcroílár an chóras oideachais.

Sheas siad an fód agus bhain siad áit amach don Ghaeilge sa saol poiblí.

Sheas siad an fód le go mbeadh aitheantas tugtha don Ghaeilge, dá luach agus dá litríocht ag muintir na hÉireann.

Sheas siad an fód chun aitheantas a fháil dár nGaeltachtaí, atá chomh lárnach inár dtuiscint ar ár bhféiniúlacht agus ar ár scéal mar phobal agus mar náisiúin.

Sheas siad an fód mar go raibh fís acu dár dtír mar ba chóir di a bheith. Tír ina raibh an Ghaeilge beo beathach. Tír a bhí ar a compord lena hoidhreacht, lena cultúr agus lena dúchas. Tír ina raibh na deacrachtaí agus na dúshláin a bhí cruthaithe tríd na hiarrachtaí ár gcultúr a scrios, taobh thiar dúinn. Tír ar aon chéim le gach tír eile ar domhan. Fís dhaonna a bhí agus atá fós ann, fís shíochánta, agus fís radacach. Fís atá fós beo.

Tá sé tábhachtach go dtuigeann muid sin, go n-aithníonn muid sin, go ndéanann muid ceiliúradh ar sin.

Tá an Ghaeilge beo sna Gaeltachtaí, tá sí beo sna naíonraí agus sna Gaelscoileanna, tá sí beo sna campaí samhraidh, tá sí beo sna teaghlaigh Ghaelacha fud fad na tíre, tá sí beo ar na meáin chumarsáide agus tá sí beo sna ciorcail chomhrá, sna clubanna leabhar, sna “pop-up” Gaeltachtaí agus sna seisiúin cheoil ar fud na tíre agus ar fud na cruinne.

Ní hé sin le rá nach bhfuil dúshláin le sárú fós sa Ghaeltacht leis an nGaeilge a choinneáil mar theanga pobail agus chun go mbeidh fás agus forbairt ar na pobail sin. Tá dúshlán faoi leith os comhair mhuintir na Gaeltachta ach tá gá le tacaíocht sa bhreis uathu chun an seod seo dár gcultúr a choimeád slán.

Caithfimid aitheantas ar leith a thabhairt, agus ceiliúradh ar leith a dhéanamh ar phobail na nGaeltachtaí i mbliana, agus gach iarracht le cinntiú go mbeidh todhchaí inmharthanach acu. Is iad na Gaeltachtaí tobair na teanga sa tír seo, agus tá sé riachtanach go n-aithneoimid chomh luachmhar is atá siad.  

Tá muid réidh anois leis an gcéad chéim eile a ghlacadh i dtreo fís bheo na hathbheochana, ‘sé sin úsáid na Gaeilge a spreagadh agus a craobhscaoileadh go bródúil agus go forleathan ar fud na tíre agus ar fud an domhain.

Tá dualgas agus ról againn ar fad san iarracht seo. Bíodh sé go ndéarfadh muid “Go raibh maith agat” le strainséirí, nó go mbainfeadh muid úsáid as an méid Gaeilge atá againn nuair is féidir. Bíodh sé go dtógfadh muid ár bpáistí trí Ghaeilge nó go n-aimseodh muid ceann de na mílte bealaí eile gur féidir linn an fhís a bhaint amach. A fhad is a mhairfidh an fhís, mairfidh an Ghaeilge. De réir mar a neartófar an fhís, neartófar an Ghaeilge.

For those of you who love our language but may not be confident speaking Irish. The revival of our Irish language starts with each and every one of you. I invite everyone, starting this year in Bliain na Gaeilge, to welcome the Irish language into their lives. To experience, relearn, reengage with it. Tabhair an dara seans dó. Dare to cherish it. Dare to value it. Dare to use it. Dare to recognise and love it as the most essential part of our culture. However much or little of the language you have, I urge you to use it. I promise you, it will be easier than you imagine!

In this regard I salute Minister Joe McHugh, who has shown such leadership in re-engaging with the language, in improving and using it. He has been an inspiration and an example to so many. Molaim é!

Tá an Ghaeilge beo le cúig míle bliain ar a laghad.

·        Beo tar éis 125 bliain den Athbheochan agus beidh an Ghaeilge beo don chéad fiche cúig bliain atá le teacht.
·        Beo agus muid á labhairt lena chéile.
·        Beo agus muid ag bunú agus ag tógáil Gaelscoileanna nua.
·        Beo agus muid ag forbairt ár gceantracha Gaeltachta, le cinntiú go mbeidh saol inmharthanach ag na pobail sin amach anseo.
·        Beo agus muid ag bunú agus ag forbairt Gaelphobal nua.
·        Beo agus muid ag freastail ar pop-up Gaeltachtaí ar fud an domhain
·        Beo agus muid ag tógáil ár bpáistí le Gaeilge, sa Ghaeltacht, sna cathracha, i dtithe ar fud na tíre, agus taobh amuigh di.
·        Beo agus muid ag meabhrú dár státchóras gur ann dúinn agus go bhfuil cearta teanga againn.

Bíodh an fhís sin beo. Bíodh an Ghaeilge beo. Bímis Gaelach, bródúil agus inár bpobal bheo!

Go raibh míle maith agaibh go léir, agus bainigí sult as an lá!
________________________________________
Áras an Uachtaráin | Ajoutée le 15 mars 2018
Teachtaireacht Lá Fhéile Pádraig 2018 ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn
_______________________________________