vendredi 31 mai 2019

FÍSEÁN: Achainí ar an Rialtas agus an Dáil a aithint go bhfuil ‘géarchéim teanga’ sa Ghaeltacht (Tuairisc)


TuairiscAjoutée le 30 mai 2019

FÍSEÁN: Achainí ar an Rialtas agus an Dáil a aithint go bhfuil ‘géarchéim teanga’ sa Ghaeltacht.
Dúradh sa Dáil an tseachtain seo gur chóir an ghéarchéim teanga a aithint toisc ‘nach féidir dul i ngleic le fadhb gan an fhadhb a aithint i dtús báire’

Tá iarrtha ar an Rialtas sa Dáil a aithint go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht.

An Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly a d’iarr ar an Rialtas an tseachtain seo, go n-aithneofaí go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht.

Dúirt Catherine Connolly atá ina cathaoirleach ar Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán go gcaithfeadh an Rialtas agus an Dáil an ghéarchéim sa Ghaeltacht a aithint.

“…Má tá muid i ndáiríre faoi earnáil na Gaeilge, ní mór don Rialtas an ghéarchéim a aithint. Tá géarchéim ann ó thaobh na Gaeilge in ainneoin an dul chun cinn atá déanta. Tá géarchéim sna Gaeltachtaí. Tá a fhios againn é sin.

“Tá laghdú suntasach ar líon na gcainteoirí Gaeilge. Tá sé sin soiléir ón taighde atá déanta ag lucht acadúla ar easpa Gaeilge ar na meáin chumarsáide agus ar dhul siar na Gaeilge. Ní mór dúinn é sin a aithint. Ní féidir dul i ngleic le fadhb gan an fhadhb a aithint i dtús báire agus ansin plean a réiteach agus acmhainní cuí a chur ar fáil.

“Tá ardmholadh tuillte ag cosmhuintir na Gaeltachta agus ag na daoine ar an talamh ar fud na tíre atá i mbun oibre go leanúnach ó thaobh na Gaeilge de, ach tá gá le plean cuimsitheach ón Rialtas. Tá an Straitéis 20 bliain agus an Plean Gníomhaíochta againn, ach in ainneoin sin, tá géarchéim fós againn.”

Tá diúltaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne géilleadh go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht.

Níos túisce i mbliana, dúirt an t-iarChoimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin go bhfuil an baol ann go mbeidh an Ghaeilge ina ‘zombie-language’ má leantar ar aghaidh ag seachaint na fírinne faoi ghéarchéim na Gaeltachta

Dúirt sé nach mbeadh aon bhiseach i ndán don Ghaeilge nó go ngéillfí ar dtús go bhfuil géarchéim ann, rud nach bhfuil déanta ag aon aire go fóill.

Bunaithe ar áiteamh Uí Chuirreáin, chuir Tuairisc.ie ceist ar an Aire Stáit ar ghlac sé leis go bhfuil  ‘géarchéim teanga’ sa Ghaeltacht agus gur chóir an méid sin ‘a admháil’ ar dtús má táthar chun dul i ngleic le cás na teanga.

Ní raibh an tAire Stáit sásta a rá go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht. Ina áit sin, thug sé le fios gur údar iontais é go bhfuil oiread dul chun cinn á dhéanamh i dtaobh na pleanála teanga is atá.

“Cuireadh feidhm le hAcht na Gaeltachta in 2012. Dá mbeadh sé ráite ag aon duine ag an am go mbeadh os cionn dhá scór duine sa bhreis ag obair i measc an phobail sa Ghaeltacht agus sna bailte a fhreastalaíonn uirthi go heisiach ar fhorbairt teanga faoi 2020/21, ba bheag duine a chreidfeadh é nó í,” a dúirt Seán Kyne.

Níos túisce i mbliana mhaígh Catherine Martin, leascheannaire Chomhaontas Glas, go bhfuil an cur chuige lochtach céanna ag an Rialtas i leith ghéarchéim na Gaeltachta is atá acu i leith athrú aeráide agus géarchéim na timpeallachta.

Is amhlaidh an scéal, a dúirt sí, toisc nach bhfuil “polasaí cuí” acu le déileáil le ceachtar géarchéim agus toisc go bhfuiltear ag brath an iomarca sa dá chás ar “iarrachtaí pearsanta aonaracha”.

Dúirt Martin go raibh ardmholadh tuillte ag Leo Varadkar as iarracht a dhéanamh an Ghaeilge a fhoghlaim ach gur “cuma cé mhéad pop-up Gaeltachtaí a fhreastalaíonn an Taoiseach orthu” mura ndéantar “beart de réir briathair” i dtaobh polasaí teanga.

Tuairisc
____________________

lundi 20 mai 2019

Stair faoi cheilt: oidhreacht Ghaelach Chúige Uladh á cíoradh ag ‘An tUltach’ (Sorcha Ní Chearúlláin, Meon Eile 17.05.2019)


Stair faoi cheilt: oidhreacht Ghaelach 
Chúige Uladh á cíoradh ag ‘An tUltach’ 
le Sorcha Ní Chearúlláin (Meon Eile 17.05.2019)

‘Stair faoi cheilt: oidhreacht Ghaelach Chúige Uladh a fhiosrú trí shúile An tUltach’ is ainm do thogra úr de chuid na hirise stairiúla An tUltach, atá ag cur Gaeilge Uladh chun cinn le breis agus 95 bliana anuas.

Bunaíodh An tUltach in 1924 agus ó shin i leith rinneadh trácht ar na himeachtaí agus ar na hábhar ba thábhachtaí do Ghaeil Uladh le linn tréimhsí geala agus tréimhsí dhorcha trí chéile.

Ar leathanaigh na seanchóipeanna tá taiscí agus seoda a bhaineann le mórcheisteanna shaol na Gaeilge atá go fóill á bplé sa lá atá inniu ann.

Mar chuid lárnach den tionscnamh is déanaí seo iarrfar ar mheithleacha d’oibrithe deonacha, idir óg agus aosta, teacht le chéile chun dul ag tochailt i gcartlann na hirise d'fhonn cuid de na hailt is spéisiúla a aimsiú agus a chur ar fáil do léitheoirí an lae inniu.

Dúirt Gráinne Ní Ghilín, iar-eagarthóir An tUltach, atá anois mar ina bainisteoir digiteach ar an iris:

“Tá saibhreas mór seanscéalta agus amhrán ann, mar aon le gearrscéalta agus dánta leis na scríbhneoirí Conallacha is clúití ar fad. Is iontach na ceisteanna a bhí á bplé san am a chuaigh thart agus atá go fóill i mbéal an phobail inniu. Tá alt ann in 1972, mar shampla, ar na buntáistí agus míbhuntáistí a samhlaíodh le ballraíocht na Ríochta Aontaithe sa Chomhphobal Eorpach. Tá alt ann sna seascaidí ag moladh deireadh a chur leis an teist aistrithe agus bhíothas ag tuar in 1965 nach mairfeadh an Ghaeltacht ach 10 mbliana eile.”

Reáchtálfar léachtaí poiblí le linn an togra bliana agus déanfar taispeántais fhisiciúla in ionaid éagsúla fud fad Chúige Uladh.

Déanfar digitiú ar chuid den ábhar agus beidh taispeántas ar líne ann fosta ionas gur féidir le daoine blaiseadh a fháil de na féidearthachtaí fadtéarmacha a bhaineann le togra den chineál seo.

Le tuilleadh eolais a fháil, nó le clárú don togra, moltar do dhaoine dul i dteagmháil le fhoireann An tUltach trí na meáin shóisialta ar leathanach Facebook s’acu nó ar Twitter.
___________________________
An tULTACH
___________________________

jeudi 9 mai 2019

Tuairimí na dTráchtairí: Cogadh na Síntí Fada (Meon Eile, 09 May 2019)


Tuairimí na dTráchtairí: Cogadh na Síntí Fada
Seán Ó Baoill, Caoimhe Ní Chathail, Pádraig Mac Oitir (09 May 2019)

Meon Eile ar ais an tseachtain seo leis an tsraith 'Tuairimí na dTráchtairí' ina labhraíonn muid le tráchtairí aitheanta mar gheall ar ábhair thráthúla. An tseachtain seo, is é ‘Cogadh na Síntí Fada’ atá á phlé ag Dónall Mac Ruairí agus Siún Ní Dhuinn.

Rinne Oifig an Choimisiúin um Chosaint Sonraí cinneadh le déanaí a deir nach bhfuil sé in aghaidh an dlí ag comhlachtaí ainmneacha Gaeilge a litriú go mícheart tríd an síneadh fada a fhágáil ar lár. Tugadh an rialú tar éis fiosrúchán a d'eascair as gearán a rinne an léiritheoir teilifíse Ciarán Ó Cofaigh leis an Choimisinéir faoina ainm a bheith á litriú go mícheart ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus Banc na hÉireann.

Dúirt Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus Banc na hÉireann gur cúrsaí teicneolaíochta is cúis le hainmneacha a bheith á litriú acu gan síntí fada. Ach tá sé ráite ag Oifig an Choimisiúin um Chosaint Sonraí nach “ceart absalóideach” é go mbeidh d’ainm litrithe go cruinn agus an síneadh fada ann. An é nach bhfuil an cheist seo ach ina tús?

Labhair Meon Eile le Dónall Mac Ruairí agus Siún Ní Dhuinn lena dtuairimí a fháil ar an ábhar…
____________________________________________