dimanche 18 octobre 2020

Ní comóradh céad ach leac cuimhneacháin atá de dhíth ar ár dtír bheag féin (le BLOSC Oct 16 2020)

Ní comóradh céad ach leac cuimhneacháin 
atá de dhíth ar ár dtír bheag féin
le BLOSC 
(Fearghal Mac Bhloscaidh, Oct 16, 2020)
[...] Le bua na hiarghaoise, maíonn an bheirt go raibh an locht ar na radacaigh agus gur cheart ligint do Terence O’Neill leasaithe a chur i bhfeidhm – conclúid choimeádach chámasach a chuireann an locht ar na híospartaigh agus a chuidíonn le daoine áirithe codladh sa oíche agus iad gléasta i gculaith caorach nó eirmín Theach na dTeachtaí. Ach sionnaigh i gcraiceann caorach atá iontu agus más fhianaise atá uait, ba cheart dúinn súil siar a chaitheamh ar chomóradh eile nó cothrom lae an dara mórshiúil chearta sibhialta i nDoire ar 5 Deireadh Fómhair 1968 mar chan amháin gur fhás an PD amach as an eachtra seo, ach go mínítear taobh istigh d’aon léiriú an fáth nach dtiocfaidh smidín na fírinne amach as fóram an tuaiscirt. Tá íomhánna an lae greanta ar chuimhne na ndaoine agus seachadadh an smachtín ó shearbhóntaí an stáitín craolta fud fad an domhain ag criú ceamara RTÉ. Baineadh geit as an tsaol agus a máthair agus baineadh síor-shotal de na Sasanaigh a shíl go raibh an scéal suarach seicteach suaimhnithe go stuama sna Sé Chontae acu ar shiúl ó shúile an tsaoil mhóir. [...]
___________