vendredi 22 janvier 2021
jeudi 21 janvier 2021
'Im(sh)ní(omh) Aistritheora: Scéal fá Dhá Leabhar' le Séamus Ó Coileáin (Léann Teanga: An Reiviú)
Scéal fá Dhá Leabhar
le Séamus Ó Coileáin
In ainneoin líon iomadúil na leabhar, idir úrscéalta, chnuasaigh gearrscéalta agus drámaí a aistríodh mar chuid de Scéim Aistriúcháin an Ghúim sna 1930idí agus sna 1940idí agus an bhorraidh atá faoin aistriú litríochta go Gaeilge le blianta beaga anuas, is beag éachtaint a fhaighimid ar mheon an aistritheora féin i gcruthú na saothar sin go léir. Seans gurb é is cúis leis sin téiseanna scoláirí a bhain clú agus cáil amach i ndioscúrsa an aistriúcháin litríochta, arb é leabhar cáiliúil Lawrence Venuti, The Translator’s Invisibility: A History of Translation (1995), buaicléiriú na téise sin. Cé gurb é is ciall le ‘dofheictheacht’ an aistritheora i dteoiric Venuti nach mbeadh de rian ar an aistriúchán gur téacs é a aistríodh ó theanga eile, is é sin go mbeadh dul na sprioctheanga ar an aistriúchán agus nach mbeadh friotal coimhthíoch aduain ann a thabharfadh le fios gur tiontaíodh ó theanga agus ó mheon coimhthíoch an litríocht, mar sin féin, is í dofheictheacht nó neamhfheictheacht an aistritheora an tslat tomhais is mó lena meastar aistriúchán litríochta. ‘A good translation is imperceptible,’ a deir Antonia Lloyd-Jones, aistritheoir litríochta ó Pholainnis go Béarla. ‘It reads as if the book were written in the language into which it has been translated. Within the text, the translator is invisible.’ (Derbyshire, 2018). Is amhlaidh a bhítear ag cur i gcéill nach ndearnadh aon chur isteach, ná aon smáladh, ar an mbunleagan. Chuige sin, is rí-annamh a chuireann aistritheoir réamhrá nó iar-rá le saothar aistrithe litríochta. Is annamh a fheictear ainm an aistritheora ar chlúdach an tsaothair aistrithe agus i gcásanna áirithe ní luaitear an t-aistritheoir in aon chor. Ní nós le léirmheastóirí an t-aistritheoir a lua ach oiread má dhéantar léirmheas ar shaothar aistrithe. ‘A book can take two or three times as long to translate as it took to write. Yet translators are often either not mentioned in book reviews or fobbed off with an adjective: ‘vibrant,’ ‘meticulous,’ ‘faithful,’’ a deir Miranda France (2019). [...]jeudi 7 janvier 2021
dimanche 3 janvier 2021
Cad is Éireannachas ann? ‘sí an Ghaeilge an tseoid is gile de (Blosc, Jan 3, 2021)
'sí an Ghaeilge an tseoid is gile de
(Blosc, Jan 3, 2021)
Cuireadh agallamh orm inniu faoinár dteanga i gcomhthéacs an iar-choilíneachais mar chuid de thionscnamh faoi choimirce Ollscoil Bhristó. Fuair mé na ceisteanna roimh ré agus b’éigean dom machnamh a dhéanamh ar ghnéithe de m’fhéiniúlacht a ndearn mé talamh slán díobh le tamall fada anuas – fiontar fiúntach do neacht ar bith a bhíonn ag tabhairt amach go rialta faoi chúrsaí teanga, staire agus polaitíochta. Cuireadh ina luí orm na ceisteanna a fhreagairt idir Ghaeilge agus Bhéarla, ach shíl mé gurbh fhiú cuid de mo smaointe a scríobh síos as Gaeilge ar mhaithe le leanúnaithe an bhlaig.
Cad is Éireannachas ann?
Is ionann é dar liom agus a bheith de bhunú na hÉireann, cé acu ó dhúchas nó de shliocht. Coincheap oscailte chan druidte atá ann. B’Éireannaigh iad Tomas Ó Cléirigh agus Séamus Ó Conghaile cé gur rugadh an bheirt acu thar lear. Éireannaigh iad fosta sliocht na n-imirceach ó Phortaingéil agus ón Pholainn ar chuir a dtuistí fúthu i mo bhaile dhúchais féin le scor bliain anuas agus Éireannaigh fosta sliocht na bplandóirí a tháinig chuig an cheantar céanna nuair a thit an seanchóras Gaelach. Ach tá daoine ann atá de bhunú na tíre seo a bhfuil náire orthu faoina n-oidhreacht, agus is iarsma an choilíneachais é sin. Is dócha gur chuir Diúc Wellington an friotal is fearr ar an fhéin-fhuath seo, nuair a mhaígh sé “má rugadh i stábla thú níl sin le rá gur chapall atá ionat”, ach ní gá duit ach Seoinín ar bith san Indo nó cifleog chaipitleach ar bith eile sa tSaorstát a léamh leis an mheon chéanna a aithint an lá atá inniu ann. Ní bhaineann Éireannachas mar a thuigim féin é leis an chiníochas ar chor ar bith, níl a leithéid de rud ann agus cine Éireannach nó fiú Gaelach – níl ann ansin ach truflais nó íomhá scáthánach den chiníochas a bhain leis an choilíneachas. Baineann mo chuid Éireannachais le tuigbheáil staire de mo mhuintir, de mo chultúr agus de mo thír leis na mílte bliain anuas. Chonacthas tonnta na n-imirceach mar chuid de stair na tíre seo, ach ba rud oscailte é an fhéiniúlacht Ghaelach – próiseas athchultúraithe ina ligtear chugat agus uait. Ba hiad lucht an choncais nó an chéad dream a shéan an traidisiún sin agus a rinne iarracht ar chultúr na nGael a dhíothú. Níl le feiceáil faoi choilíneachas ach gabháil, bíonn léirscrios agus díothú de dhlúth agus d’inneach istigh i meon an choilíneachais. Sa chomhthéacs seo, is ionann Éireannachas agus diultú den choilíneachas mhídhaonna agus féiniúlacht i bhfad níos daonlathaí agus fulangaí a chur chun cinn.
____________
Inscription à :
Articles (Atom)