dimanche 5 mars 2023

Ní thig leat an coilíniú a chur i gcré gan an caipitleachas sa chónra leis (BLOSC 24 Jan 2023)

Ní thig leat an coilíniú a chur i gcré gan an caipitleachas sa chónra leis
(BLOSC 24 Jan 2023)

Bhi tuairisc nuachta ann ar na mallaibh faoi scoil i Sasana a bhain Francis Drake dá haine mar gheall ar a bhaint láidir le trádáil na sclábhaíochta agus níl aon amhras ann gur bhain Drake féin tairbhe nach beag as an trádáil chéanna. Leoga, thosaigh a ghairm ar an mhórmhuir agus é ar aistear lena chol ceathrair chun sclábhaithe a fhuadach ó Iarthar na hAfraice. Rith sé liom, áfach, nár luaigh an scéal seo ról Drake i gconcas agus i gcoilíniú na hÉireann go háirithe an slad a rinne sé ar Reachlainn i 1575 nuair a réab sé an tearmainn i ndiaidh do Shomhairle Buí Mac Domhnaill a mhuintir a chur isteach ann. Dhúnmharaigh na Sasanaigh faoi stiúir Drake agus John Norreys 400 sibhialtach, mná agus páistí san áireamh. Maraíodh teaghlach uilig Mhic Dhomhnaill agus Somhairle Buí ag breathnú ar an ár ó chósta Aontroma. Ar ndóighe, rinne Drake agus a leithéid amhlaidh i Meiriceá agus san Afraic ag an am chéanna. Ba cheart a ainm a bhaint den scoil cinnte, ach ba cheart sainmhíniú agus tuigbheáil an díchoilínithe a leathnú fosta leis an tír seo a chuimisú mar b’í Éire saotharlann na himpireachta ó thaobh na Breataine de agus ní fiú tracht ar an díchoilíniú gan oidhreacht an fhoréigin a rianú chun tosaigh chuig an chóras sóisialta s’againn sa lá atá inniu.