mercredi 21 février 2024

FÍSEÁIN: RTÉ agus TG4 | Méabh Ní Thuathaláin: Cén fáth? | Alan Esslemont: An ‘scannal’ craoltóireachta ‘ba mheasa i mbliana’ (Feabhra 21 2024)

Méabh Ní Thuathaláin: Léirigh iniúchadh a rinne Tuairisc go bhfuil brí nua á baint as sprioc an Rialtais gur cainteoirí Gaeilge a bheidh i 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí. Seo míniú ar an scéal…  
____________________________
Dúirt Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont i dTeach Laighean go raibh sé cruthaithe gur craoltóir ‘de facto Béarla’ é RTÉ agus gur ‘buille tubaisteach’ do phobal na Gaeilge a bheadh ann dá ndéanfaí socrú nua maoinithe le RTÉ gan socrú a dhéanamh le TG4 —
_________________________
Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont, a thug le fios ag cruinniú i dTeach Laighean tráthnóna inné gur cuireadh amach feasacháin nuachta réamhthaifeadta aimsir na Nollag, rud nár cheart tarlú go deo, a dúirt sé. Bhí an scéal ina shampla ag Esslemont den drochbhail, a deir sé, atá ar sheirbhís nuachta an stáisiúin ceal acmhainní agus infheistíochta ó RTÉ —