mercredi 3 décembre 2014

Tástáil curtha ar chúrsa Gaeilge Duolingo


Tástáil curtha ar chúrsa Gaeilge Duolingo
LÉIRMHEAS: Tá os cionn 143,000 ag foghlaim na Gaeilge ar Duo-lingo a bhfuil cúrsa Gaeilge saor in aisce curtha ar fáil anois mar aip acu. Ach an bhfuil aon mhaitheas ann?

Maitiú Ó Coimín
Dé Céadaoin, Nollaig 3 2014

Tá cúrsa foghlama Gaeilge anois ar fáil ar aip ag Duolingo, ceann de na hardáin foghlama teanga is aitheanta ar an ngréasán domhanda.

Go dtí seo, ní raibh teacht ar an gcúrsa Gaeilge ach ar shuíomh idirlín Duolingo amháin. Dar le Duolingo, tá 143,000 duine cláraithe leis an gcúrsa Gaeilge cheana féin. Tá an-rath go deo ar an gcúrsa Duolingo ó seoladh dhá bhliain ó shin é. 

D’ainmnigh Apple mar Aip na Bliana é agus is é sméar mullaigh an choráis Android é, dar le Google. Tá 39 dteanga ar fáil faoi láthair ar Duolingo agus 11 eile le teacht.

Scéal mór é cinnte go bhfuil an Ghaeilge anois ag Duolingo, ach an bhfuil aon mhaitheas ann? Rinne Tuairisc.ie tástáil air...

_____________________

Ag gearán nó ag clamhsán?

‘AN LEON, AN BANDRAOI AGUS AN PRIOS ÉADAIGH’,
an saothar is déanaí a d’aistrigh ár gcolúnaí. B’fhearr leis féin an leagan ‘cóipeanna bolscaireachta’ seachas ‘cóipeanna promóisin’.
Ag gearán nó ag clamhsán?
FRIOTAL: An rud atá neodrach sa Bhéarla, seans go bhfuil sé diúltach sa Ghaeilge, a deir ár gcolúnaí.

Antain Mac Lochlainn
Dé Céadaoin, Nollaig 3 2014

Foilsitheoirí ar mian leo a gcuid foilseachán a phoibliú, is gnách leo ‘promotional copies’ a bhronnadh ar iriseoirí, le súil go ndéanfar léirmheas orthu nó go scríobhfar alt ina dtaobh. Tharla go raibh duine i dteagmháil liom le gairid ag iarraidh a fháil amach cén Ghaeilge a bheadh ar a leithéid. ‘Cóipeanna bolscaireachta,’ arsa mise, as maoil mo chonláin. Níor thaitin an freagra le mo dhuine, nó mheas sé gurb é an chiall atá leis ná ‘propaganda copies’. Ba é an deireadh a bhí air gur ghlac sé le treoir www.focal.ie agus bhaist ‘cóipeanna promóisin’ orthu.

Anois, níl mise ar an dream a bhíonn ag doicheall roimh fhocail iasachta, ach déanaim amach nach bhfuair ‘bolscaireacht’ a cheart anseo. Nuair a chluintear ‘propaganda’ músclaítear cuimhní ar an Tiarna Haw-Haw, ar Goebbels agus ar ‘Pravda.’

An iad na cuimhní céanna a mhúsclaítear in aigne duine ar chluinstin ‘bolscaireacht’ dó? Is deacair a rá nó bíonn a dtuiscintí féin ag daoine ar fhocail.


_____________________

mardi 2 décembre 2014

Agallamh le Alan Titley (2013)


Publiée le 2013-06-15
Alan Titley as Corcaigh a bheidh ag caint le Máirtín Tom Sheáinín ar an gclár seo. Tá aithne ar Alan mar léachtóir i gColáiste Phádraig, BÁC, agus mar scríbhneoir leis an Irish Times.
________________________

Agallamh le Pádraic Breathnach (2013)


Publiée le 2013-02-09
Is é Pádraic Breathnach as Maigh Cuilinn a bheidh ag comhrá le Máirtin Tom Sheáinín inniu. Labhróidh Pádraic faoina chuid scríbhneoireachta, faoina shaol ina léachtóir ollscoile i Luimneach agus faoin taisteal a dhéanann sé chuig áiteanna an-iargúlta ar nós na hÍoslainne agus Oileáin Alban. 
____________________

Agallamh le Susan Folan (2010)


Mise en ligne le 2010-09-26
Susan Folan ag cur síos ar an gcúrsa MA san Ateangaireacht in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
__________________________

Agallamh le Tomás Mac Síomóin (2010)


Mise en ligne le 2010-09-26
Agallamh le Tomás Mac Síomóin, File, Fealsamh, Aistritheoir, Úrscéalaí...
____________________

Treasure Island – ór san aistriúchán

Treasure Island – ór san aistriúchán
LÉIRMHEAS: 
Luíonn an leagan Gaeilge de leabhar cáiliúil Robert Louis Stevenson go réidh leis an traidisiún dúchasach scéalaíochta. Níl an scéal casta agus coinníonn tú ort ag léamh.

Pol Ó Muirí
Dé Máirt, Nollaig 2 2014

Léigh mé an leabhar seo fadó, fadó i mBéarla mar Treasure Island. An léifinn arís é mura raibh an leagan Gaeilge seo, Oileán an Órchiste, ar fáil ó lámh an scríbhneora, Darach Ó Scolaí? Ní dóigh liom é. An bhfuil aithreachas orm gur léigh mé arís é? Níl, leoga. A mhalairt. Bhain mé sult as. Pléisiúr a bhí ann. Sin agat paradacsa an aistriúcháin ó Bhéarla go Gaeilge ag an léitheoir Gaeilge – an col sin le hábhar a thiontaítear ó Bhéarla – Béarla na banríona! – go Gaeilge.

_____________________