mercredi 4 janvier 2017

Plean Gàidhlig seolta ag seirbhís phóilíneachta na hAlban

Plean Gàidhlig seolta ag seirbhís 
phóilíneachta na hAlban
Ní chaithfear aon airgead breise ó bhuiséad Phoileas Alba ar chur i bhfeidhm an phlean teanga nua
Maitiú Ó Coimín, (Tuairisc, Eanáir 4)

Tá suaitheantais dhátheangacha, Gàidhlig agus Béarla, le bheith ar chultacha na bpóilíní in Albain feasta de réir Plean Gàidhlig Phoileas Alban a seoladh an tseachtain seo.

“Tá an suaitheantas atá ag Poileas Alba le bheith dátheangach ar fud seirbhís Phoileas Alba, rud a léireoidh an meas céanna don Ghàidhlig agus don Bhéarla,” a deirtear sa Phlean, ina leagtar síos na céimeanna a thabharfar leis an teanga a chur chun cinn sna cúig bliana amach romhainn.

Is ar bhonn “nua agus nuachan” a chuirfear an plean i bhfeidhm, is é sin le rá gur ar chultacha nua amháin a chuirfear an suaitheantas nua dátheangach. Ní chuirfear an plean i bhfeidhm i gcás cultacha atá in úsáid cheana féin, ach amháin sa chás go bhfuil deisiú nó “athnuachan” le déanamh ar sheanchultacha.

Fágann sé sin nach bhfuiltear ag súil go gcaithfear aon airgead breise ar an bPlean Gàidhlig agus níl pingin curtha ar leataobh i mbuiséad na bliana seo ag Poileas Alba leis an bplean a chur i bhfeidhm. Tá maoiniú beag faighte ag Poileas Alba ó eagraíochtaí seachtracha Gàidhlig chun an costas beag a bhaineann leis an bplean a ghlanadh . Maítear sa Phlean féin go lorgófar tuilleadh maoinithe ó fhoinsí éagsúla amach anseo.
___________________________

jeudi 22 décembre 2016

'Oíche Nollag' le Máire Mhac an tSaoi & Cór Alumni OÉ Gaillimh. Aitheasc Nollag ó Uachtarán na hÉireann.



‘Oíche Nollag’ le Máire Mhac an tSaoi
Is amhrán Nollag nuachumtha é seo, atá á chanadh ag Cór Alumni OÉ Gaillimh. Is ón dán ‘Oíche Nollag’ le Máire Mhac an tSaoi a thagann formhór na bhfocal san amhrán agus tá glór an fhile féin le cloisteáil sa taifeadadh. Is iad John Caulfield agus Peter Mannion (stiúrthóir an chóir) a chum an leagan nua seo, agus i measc na nguthanna éagsúla tá an soprano Lorraine Gilchrist. Is céimithe de chuid na hollscoile a bhíonn ag canadh i gCór Alumni OÉ Gaillimh.
-----------

Aitheasc Uachtaráin Micheál D. Ó hUigínn: 
‘Íosa gan dídean ag brath ar fhéile strainséirí’
A Chairde anseo in Éirinn, agus thart timpeall an domhain, mar Uachtarán na hÉireann, is cúis áthais dom mo bheannachtaí a chur chugaibh agus guím Nollaig shona, shíochánta agus Bliain Nua mhaith daoibh.

Is am speisialta dúinn go léir í an Nollaig. Is am ceiliúrtha atá inti, ina mbímid gar dá chéile agus dóchasach faoina bhfuil amach romhainn. Am, freisin, é le díriú ar an teachtaireacht atá sa scéal faoin leanbh sa mhainséar, a saolaíodh do thuismitheoirí gan dídean, agus iad ag brath ar fhéile strainséirí.

Is scéal é atá ábhartha dúinn sa lá atá inniu ann, agus tá teachtaireacht ann dúinn go léir, pé cúinsí a bhaineann linn agus pé creideamh atá againn. Is teachtaireacht í, ina dtugtar ár ndúshlán tabhairt faoin ngníomh morálta, agus ina dtugtar misneach dúinn maidir lenár n-acmhainn. Tá tús nua agus síocháin i gceist leis an teachtaireacht chéanna.

Agus deireadh ag teacht leis an mbliain seo agus tús le bliain nua, ag smaoineamh ar an aisling sin, ‘Síocháin ar Domhan’, nára fada uainn í. Sa bhliain atá caite, chonaiceamar foréigean agus fulaingt uafásach i dtíortha mar an tSiria, Éimin agus an Iaráic ach, chomh maith leis sin, níos gaire don bhaile in Iostanbúl, Nice, an Bhruiséil agus san iliomad cathracha agus bailte eile nach iad.

I dtíortha éagsúla ar fud an domhain, tá níos mó páistí agus mná fós faoi chois, iad ag maireachtáil ar éigean sna campaí do theifigh, daoine ag teitheadh óna mbailte de bharr coimhlintí agus tubaistí.

Táthar fós ag fanacht le freagairt dhomhanda chomhbheartaithe ar staid dhaonnúil na milliún duine leochaileach gan chosaint.

Tá cúinsí breithe Chríost, a raibh eisimirce éigeantach, easpa dídine, agus easpa cumhachta ag baint leo, á dtaispeáint arís ar fud an domhain maidir leis an droch-chaoi atá ar imircigh – leanaí agus páistí ina measc – agus iad ag fanacht, agus gan a fhios acu céard atá i ndán dóibh.

Tá go leor daoine in Éirinn chomh maith, a bhfuil imní orthu faoina bhfuil amach rompu. Ní fios céard atá i ndán dúinn sa bhaile agus ar fud an Aontais Eorpaigh, mar a bhfuil daoine ag streachailt leis an ngeilleagar agus an saol sóisialta.

Agus a bhfuil fórsaí nua ann ag iarraidh leas a bhaint as seandeighiltí, nó deighiltí nua a chruthú, agus úsáid á baint acu fiú as an gciníochas gránna agus an t-eisiamh eitneach.

Sa bhliain áirithe atá caite, bliain chomórtha agus mhachnaimh, cuireadh i gcuimhne dúinn cé chomh luachmhar agus atá ár saoirse againne.

Rinneamar comóradh ar an gcaoi ar chuir grúpa beag ban agus fear, tús le sraith eachtraí céad bliain ó shin, arbh astu a tháinig Stát neamhspleách ar deireadh.

Agus sin á dhéanamh againn, rinneamar ceiliúradh ar ghnéithe dár stair ar féidir leo údar bróid agus muiníne a thabhairt dúinn, chomh maith le treoir don am atá amach romhainn.

Rinneamar machnamh, freisin, ar ghnéithe dár stair a bhí ligthe i ndearmad, a bhí seachanta againn nó fiú a raibh beag is fiú déanta againn díobh.

Agus sinn ag tabhairt ár n-aghaidh ar bhliain nua, is dúshlán dúinn glacadh chugainn féin an rud atá nua. Tá misneach uainn chun pé rud nár chun ár leasa é a fhágáil inár ndiaidh, agus tá inspioráid uainn le caidreamh nua a bhunú eadrainn agus leis an bpláinéad leochaileach a bhfuilimid ag maireachtáil air.

Mheabhraigh Nelson Mandela agus an tArd-Easpag Desmond Tutu dúinn gur duine, duine trí bhíthin daoine eile. Ba cheart go gcuirfeadh an tuiscint bhunúsach seo, ar thábhacht ár ngrá dá chéile agus ár spleáchais ar a chéile, bonn eolais faoinár bpleananna agus ár ngníomhartha, agus go dtabharfadh sé an ghaois dúinn chun múnlaí agus beartais nua a chruthú a chinnteoidh go mbeidh pé gníomh a dhéanfaimid sa bhaile agus thar lear cuimsitheach agus uileghabhálach.

Is í an dlúthpháirtíocht cuisle ár sochaí. Tá an nasc eadrainn níos láidre ná a cheapaimid, agus níos láidre ná é sin a dhéanann deighilt eadrainn ó am go ham. Is dúshlán dúinn an domhan casta ina mairimid, ach ní dúshlán níos mó é ná na dúshláin a bhí roimh na glúine a chuaigh romhainn agus ar éirigh leo iad a shárú, ná gluaiseachtaí cróga na ndaoine sin a bhí faoi chois i stair an domhain.

Is í mo mhian, an Nollaig seo dhá mhíle is a sé déag, go leanfaimis ar aghaidh i gcomhar lena chéile, chun fíorphoblacht  a bhí mar aisling ag ár sinsir a thógáil, a mbeadh luachanna, féidearthachtaí agus freagrachtaí na haislinge sin cuimsithe inti.

Guím Nollaig bheannaithe shona agus Bliain Nua, ina mbeidh dóchas agus muinín agaibh arís i dtodhchaí na hÉireann, ar gach uile dhuine beo agaibh.

Beir Beannacht.
_____________________________

jeudi 27 octobre 2016

Katie McGreal le Oisín Ó Muirthile faoin leabhar "Game of Thrones" i nGaeilge



Cluiche na Corónach
George R. R. Martin
€18.00
800 lch; clúdach bog; 
ISBN 978-1-909907-83-6

Úrscéal fantaisíochta móréilimh, agus an chéad imleabhar sa tsraith eipiceach ‘A Song of Ice and Fire’ leis an úrscéalaí iomráiteach Meiriceánach George R. R. Martin — agus é aistrithe ag Oisín Ó Muirthile.

Tá an tsraith aistrithe go hiliomad teangacha agus tá leagan scannánaithe ag HBO á chraoladh ar an teilifís go hidirnáisiúnta. I mBéarla, in 1996 a foilsíodh ar dtús é, faoin teideal A Game of Thrones.
_____________________________

vendredi 22 juillet 2016

FÍSEÁN: Enda Kenny agus François Hollande

‘Tuigim go maith an Ghaeilge, ach cloífidh mé leis an bhFraincis murar mhiste libh!’ – Francois Hollande.

______________________________________________


jeudi 14 juillet 2016

LÉIRMHEAS: Sásta leis an gCaighdeán nua, cé nach ndéarfadh duine ar bith beo ár gcuid oibre baile!

LÉIRMHEAS: 
Sásta leis an gCaighdeán nua, 
cé nach ndéarfadh duine ar bith beo 
ár gcuid oibre baile!
Tabharfaidh an leagan is déanaí den Chaighdeán Oifigiúil, a foilsíodh tráthnóna inné, dúshlán na n-ainrialaithe teanga…

Antain Mac Lochlainn
TUAIRISC, Déardaoin, Iúil 14 2016

An dea-scéal i dtosach: is fearr míle uair an foilseachán seo ná CO 2012. Athchuairt ar choinbhinsiúin na Gaeilge caighdeánaí atá ann. Tá an smörgåsbord foirmeacha scartha agus táite a cuireadh romhainn in 2012 bainte den chlár bia anois. Abair slán le ‘mholas, mholais, mholabhair’ agus ‘mholadar’. Tá gortghlanadh déanta ar an mhír dhiúltach ‘cha’, ar an bhriathar ‘chím’ agus ar leaganacha mar ‘níor chuaigh’ agus ‘gur chuaigh’.

[...] Thit mo chroí, mar sin, nuair a léigh mé samplaí mar ár gcuid oibre baile agus a ndóthain bia the. Bímis ionraic: ní déarfadh duine ar bith beo ár gcuid oibre baile. Nuair is í foirm an ainmnigh atá á moladh ina oiread sin comhthéacsanna eile, shílfeá nár dhochar an rogha a thabhairt do scríbhneoirí amhrán ceol tíre a scríobh seachas amhrán ceoil tíre. Mo thrua an múinteoir a chaithfidh a mhíniú cad chuige a bhfuil roinnt arán cruithneachta inghlactha nuair atá toirmeasc ar blas arán cruithneachta

___________________