vendredi 20 août 2021

Léachtaí Uí Chadhain: Mórchnuasach in ómós do Mháirtín Ó Cadhain (1906–1970)

Léachtaí Uí Chadhain
Mórchnuasach in ómós do Mháirtín Ó Cadhain (1906–1970)

Eagarthóirí: 
Liam Mac Amhlaigh
Caoimhín Mac Giolla Léith

Cailleadh Máirtín Ó Cadhain (1906–1970), mórscríbhneoir an nuaphróis sa Ghaeilge, leathchéad bliain ó shin. Deich mbliana i ndiaidh a bháis, i 1980, cuireadh tús le sraith léachtaí bliantúla in ómós dó sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, sraith atá faoi lánseol i gcónaí. Dírithe ar phobal na Gaeilge trí chéile a bhí Léachtaí Uí Chadhain ón gcéad lá, bíodh nach beag an chomaoin atá curtha ag an tsraith ar léann na Gaeilge ó shin. Dhá thrá a bhí le freastal ó thús: athléamha a sholáthar ar shaol agus ar shaothar an Chadhnaigh agus athmhachnamh a dhéanamh ar na mórcheisteanna cultúrtha, sóisialta agus polaitiúla a bhí ag déanamh scime dó ar feadh a shaoil. Sa mhórchnuasach seo de na léachtaí ar fad a tugadh go dtí seo aimseofar an flosc agus an faobhar, an cur agus an cúiteamh, an saibhreas agus an ghaois agus, go háirithe, an ilchineálacht chéadach chéanna ba dhual do scríbhinní Uí Chadhain féin riamh.

Seo é an chéad leabhar sa tsraith ‘Aistí Léannta’ de chuid an inphrionta, Cló Léann na Gaeilge.
_________________

dimanche 13 juin 2021

An Gúm agus an Comhthéacs Eorpach le Michael Cronin

An Gúm agus an Comhthéacs Eorpach
le Michael Cronin

Agus é ag dul ar cuairt chuig an mainistir chlúiteach in St. Gallen san Eilvéis, meabhraítear do Thorlach Mac Con Mídhe go bhfuil ról faoi leith ag na hÉireannaigh sa saol. Luann sé na lámhscríbhinní cáiliúla a bhfuil na habairtí agus na corrfhocail Ghaeilge breactha síos iontu mar áis do mhanaigh óga agus iad ag tochailt i gcré luachmhar na Laidine. Dar le Mac Con Mídhe, is meafar í an pheannaireacht imeallach seo do staid na nGael agus iad ag comhrac le ceist na féiniúlachta i gcomhthéacs domhanda: ‘Níorbh fhéidir leis na Gaeil ach a gcuid a scríobh in interstices nó bearnaí an díoscúrsa sin, ar imeall an leathanaigh nó idir na línte’ (2015: 52). Bhí an t-údarás ag an Laidin tráth, díreach mar atá an cheannasaíocht chultúrtha ag an mBéarla i láthair na huaire. De réir an taistealaí, is bua é seo a bheith ar an imeall agus, nuair a ghéilleann na hÉireannaigh do gheáitsíocht an lárnachais (agus iad faoi gheasa ag Londain, ag Washington nó ag an mBruiséil), is iad a bhíonn thíos leis, de ghnáth.
(PDF) 
———————-
(PDF)
———————-
BAILE:
———————-

vendredi 14 mai 2021

jeudi 8 avril 2021

‘Céim bheag shuntasach’ – físeáin i nGaeilge seolta ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste den chéad uair (18 Mar 2021)

Tá ceithre fhíseán seolta ag an gComhairle mar chuid de Sheachtain na Gaeilge agus léargas tugtha iontu ar chuid de na poist atá ar fáil do chainteoirí Gaeilge i dTuaisceart Éireann.
Tuairisc.ie




lundi 5 avril 2021

Siompóisiam Foclóireachta: Foclóireacht na Gaeilge agus Pobal na Gaeilge: Cá bhfuil ár dtriall? (27 Mar 2021)

FORAS NA GAEILGE Dé Sathairn 27 Márta 2021 

Anois agus tionscadal an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge i gcrích, tá Foras na Gaeilge ag iarraidh riachtanais phobal na Gaeilge i leith na foclóireachta Gaeilge a iniúchadh agus a fhiosrú. Sa siompóisiam seo, tá painéal cainteoirí ag caint ar a dtaithí féin i réimsí ar leith i saol na Gaeilge. Tá seisiún plé agus ceisteanna ag an deireadh ina dtabharfar deis don lucht féachana ceisteanna a chur faoi bhráid na gcainteoirí. 

CAINTEOIRÍ —
Dónal Ó hAiniféin (An Gaeloideachas) 
Máirín Ní Ghadhra (Na Meáin) 
Máire Ní Fhinneadha (Pobal na Gaeltachta) 
Dónall Ó Braonáin (An tOideachas 3ú Leibhéal) 
Sorcha Ní Mhonacháin (Ag Tógáil Páistí le Gaeilge) 
Pádraig Ó Mianáin (Eagarthóir Foclóireachta FnaG) 
Áine Ní Chiaráin (Cathaoirleach)
————————————
Seoladh Oifigiúil Concise English-Irish Dictionary (30 Oct 2020)

mardi 30 mars 2021

Franz Fanon: Impiriúlachas, Coilíneachas, Neo-choilíneachas & Díchoilíniú (BLOSC, Mar 30, 2021)

Franz Fanon: Impiriúlachas, Coilíneachas, Neo-choilíneachas & Díchoilíniú
le BLOSC (Mar 30, 2021)

Fuair Franz Fanon bás seasca bliain ó shin – Marxach, daonnachaí radacach agus príomh-theoiricí agus fealsúnaí an díchoilínithe. An tseachtain a chuaigh thart, d’iarr mo chara, Dr Fearghal Mac Ionnrachtaigh, orm alt dá chuid faoi Fanon i gcomhthéacs na hÉireann a phrófléamh agus lena linn, thuig mé nár scríobh mé rud ar bith as Gaeilge faoi Fanon ar an bhlag seo cé go ndeachaigh a fhealsúnacht agus a dhearcadh i bhfeidhm go mór orm. Chinn mé, mar sin de, aistriúchán beag a dhéanamh as blúire den alt úd mar cad is fiú a bheith ag tabhairt amach faoin impiriúlachas, coilíneachas, nua-choilíneachas agus díchoilíniú mura bhfuil bun-thuigbheáil de na téarmaí sin agat i do theanga dhúchais agus tú sáite agus meáite ar dhíchoilíniú a bhaint amach i do thír féin? ‘Sí an Ghaeilge athghabháil na hÉireann, agus is i athghabháil na hÉireann slánú na Gaeilge!
______________