lundi 29 novembre 2021

SÚIL AN DAILL le Darach Ó Scolaí (Leabhar Breac)


Súil an Daill

Darach Ó Scolaí

240 lch; crua; ISBN 978-1-913814-14-4

Prionsa Eorpach ar an Déanamh Nua

Tir Eoghain 1539: Conn Bacach ina thiarna agus a chlann mhac in iomaíocht lena fhábhar a thuilleamh. Seo é scéal Chonchúir Mhic Ardail: cléireach, ardfheidhmeannach, athair. Is í forbairt agus cur chun cinn an tiarnais fís Chonchúir. Idir é agus fíorú na físe tá iliomad rud — guagacht a mháistir, éad na n-uaisle, cistí folmha, cúraimí clainne, agus a laigeachtaí féin mar dhuine.

Anuas orthu sin ar fad, tá mac an tiarna ann, Feilimí Caoch Ó Néill, an gaiscíoch mealltach ar mian le Conchúr é a mhúnlú mar phrionsa Eorpach ar an déanamh nua.

Táipéis Bheo na Meánaoise

As dlúth is inneach na staire, fíonn údar An Cléireach agus Táin Bó Cuailnge bréidín an tiarnais Ghaelaigh dúinn, taipéis mhór bheo Ghaeltacht dheireadh na Meánaoise agus thús an Renaissance ina mhaireann easpaig is iascairí, dochtúirí is dlíodóirí, giollaí is gallóglaigh, cailíní cuideachta is bantiarnaí.

Saothar Suntasach Cumhachtach

A ndúirt moltóirí an Oireachtais faoin saothar seo:

“Léitheoirí a chuireann spéis sna seanscéalta méithe snasta loinnreacha … bhainfidís sásamh agus taitneamh as cumhacht shuntasach an tsaothair stairiúil seo.” — Breandán Ó Conaire

Tour de Force Stíle agus Reacaireachta

“Úrscéal thar a bheith soifisticiúil … Éacht taighde agus teanga déanta ag an údar a aimsíos ardréim liteartha de theanga an lae inniu lena scéal a inseacht. Tour de force stíle agus reacaireachta atá ann a fhágas blas na seanteanga ar theanga an lae inniu.” — Gearóid Denvir

Ghnóthaigh Súil an Daill Duais an Oireachtais 2019.

LEABHAR BREAC   10.80

AN CEATHRÚ PÓILÍ £16.20

lundi 8 novembre 2021

Ruaraidh MacThòmais: Bàrd, Foillsichear, Sgoilear (Nov 2021)

PÀIRT 1
Còmhradh eadar Catrìona Mhoireach, Gillie NicDhòmhnaill agus Iain MacCoinnich mu Ruaraidh MacThòmais.
————
L
PÀIRT 2
Còmhradh eadar Catrìona Mhoireach, Calum Greum agus Iain MacDhòmhnaill mu Ruaraidh MacThòmais.
————

vendredi 20 août 2021

Léachtaí Uí Chadhain: Mórchnuasach in ómós do Mháirtín Ó Cadhain (1906–1970)

Léachtaí Uí Chadhain
Mórchnuasach in ómós do Mháirtín Ó Cadhain (1906–1970)

Eagarthóirí: 
Liam Mac Amhlaigh
Caoimhín Mac Giolla Léith

Cailleadh Máirtín Ó Cadhain (1906–1970), mórscríbhneoir an nuaphróis sa Ghaeilge, leathchéad bliain ó shin. Deich mbliana i ndiaidh a bháis, i 1980, cuireadh tús le sraith léachtaí bliantúla in ómós dó sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, sraith atá faoi lánseol i gcónaí. Dírithe ar phobal na Gaeilge trí chéile a bhí Léachtaí Uí Chadhain ón gcéad lá, bíodh nach beag an chomaoin atá curtha ag an tsraith ar léann na Gaeilge ó shin. Dhá thrá a bhí le freastal ó thús: athléamha a sholáthar ar shaol agus ar shaothar an Chadhnaigh agus athmhachnamh a dhéanamh ar na mórcheisteanna cultúrtha, sóisialta agus polaitiúla a bhí ag déanamh scime dó ar feadh a shaoil. Sa mhórchnuasach seo de na léachtaí ar fad a tugadh go dtí seo aimseofar an flosc agus an faobhar, an cur agus an cúiteamh, an saibhreas agus an ghaois agus, go háirithe, an ilchineálacht chéadach chéanna ba dhual do scríbhinní Uí Chadhain féin riamh.

Seo é an chéad leabhar sa tsraith ‘Aistí Léannta’ de chuid an inphrionta, Cló Léann na Gaeilge.
_________________

dimanche 13 juin 2021

An Gúm agus an Comhthéacs Eorpach le Michael Cronin

An Gúm agus an Comhthéacs Eorpach
le Michael Cronin

Agus é ag dul ar cuairt chuig an mainistir chlúiteach in St. Gallen san Eilvéis, meabhraítear do Thorlach Mac Con Mídhe go bhfuil ról faoi leith ag na hÉireannaigh sa saol. Luann sé na lámhscríbhinní cáiliúla a bhfuil na habairtí agus na corrfhocail Ghaeilge breactha síos iontu mar áis do mhanaigh óga agus iad ag tochailt i gcré luachmhar na Laidine. Dar le Mac Con Mídhe, is meafar í an pheannaireacht imeallach seo do staid na nGael agus iad ag comhrac le ceist na féiniúlachta i gcomhthéacs domhanda: ‘Níorbh fhéidir leis na Gaeil ach a gcuid a scríobh in interstices nó bearnaí an díoscúrsa sin, ar imeall an leathanaigh nó idir na línte’ (2015: 52). Bhí an t-údarás ag an Laidin tráth, díreach mar atá an cheannasaíocht chultúrtha ag an mBéarla i láthair na huaire. De réir an taistealaí, is bua é seo a bheith ar an imeall agus, nuair a ghéilleann na hÉireannaigh do gheáitsíocht an lárnachais (agus iad faoi gheasa ag Londain, ag Washington nó ag an mBruiséil), is iad a bhíonn thíos leis, de ghnáth.
(PDF) 
———————-
(PDF)
———————-
BAILE:
———————-

vendredi 14 mai 2021