vendredi 26 octobre 2018

Liz Saville Roberts | Gaeilge | Westminster | Gormfhlaith Ní Thuairisg ag caint le Ciarán Mac Giolla Bhéin (Adhmhaidin 25.10.18)


Gormfhlaith Ní Thuairisg ag caint le Ciarán Mac Giolla Bhéin, Conradh na Gaeilge (Adhmhaidin 25.10.18)
___________________________________

mercredi 24 octobre 2018

Cearta Sibhialta sa Tuaisceart: Agallamh le Niall Ó Dochartaigh (An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra, Raidió na Gaeltachta, 07.10.18)


An Ghluaiseacht Cearta Sibhialta sa Tuaisceart:
Agallamh le Niall Ó Dochartaigh, OÉ Gaillimh (07.10.18)
_________________________________________

lundi 8 octobre 2018

‘Ní mór duit a bheith umhal do dhuine éigin!’ ‘Gaspal’ Bob Dylan le craobhscaoileadh i nGaeilge… (Tuairisc)

(TUAIRISC Lúnasa 14 2018)
‘Ní mór duit a bheith umhal do dhuine éigin!’ : ‘Gaspal’ Bob Dylan le craobhscaoileadh i nGaeilge…
Seo an chéad bhlaiseadh de liricí na leaganacha Gaeilge d’amhráin de chuid Bob Dylan atá cumtha ag Gabriel Rosenstock do sheó nua IMRAM‘Buail na Cloig/Ring them Bells’

Bhain conspóid mhór le ‘blianta na Críostaíochta’ ag Dylan, ach aithníonn go leor anois iad ar cheann de na tréimhsí is bisiúila, is spéisiúla agus is spleodraí ina shaol ceoil. An file Gabriel Rosenstock a chuir Gaeilge ar liricí Dylan:

Bheith umhal do dhuine éigin 
| Gotta Serve Somebody
D’fhéadfá bheith i d’ambasadóir, Sasana, an Fhrainc,
Tugtha don chearrbhachas, pinginí sna bainc,
D’fhéadfá bheith id churadh trom-mheáchain ar an domhan
Nó bheith tugtha do na péarlaí, a chailín deas donn.

TUILLEADH

****
A Aingil Dhílis | Precious Angel
’Aingil dhílis, conas faoin ngréin
Conas nár bhraitheas-sa tú le mo thaobh
A léireodh dom mo dhaille, a léireodh mé ar strae
Nach lag a bhí an bonn fúm is gan ach gaineamh fé?

TUILLEADH
****
Buail na Cloig | Ring them Bells
Buail na cloig, a bhodaigh
Ó chathair úd na néal
Buail na cloig ó na tearmainn
Thar na gleanntáin go réidh
Táid leathan táid domhain
Is an saol bunoscionn
Is an t-am ag rith ar gcúl
An bhrídeog leis is trua.

TUILLEADH

(TUAIRISC Lúnasa 14 2018)
_______________________

lundi 17 septembre 2018

Leabhar nua le Louis de Paor: 'Ag caint leis an Simné' (Tuairisc: Físeán)


Leabhar nua le Louis de Paor seolta in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Ba é Michael Cronin a sheol leabhar nua Louis de Paor 'Ag caint leis an Simné', cnuasach aistí faoi nualitríocht na Gaeilge agus dúshlán an traidisiúin, ag ócáid in Institúid Uí Mhóra, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. 
Is é Cló Iar-Chonnacht a d'fhoilsigh. 

Labhrann an file agus scríbhneoir Louis de Paor faoina leabhar nua a seoladh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Déardaoin, an 13 Meán Fómhair.
Pictiúir/Físeán: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie
__________________________________________

jeudi 9 août 2018

DÌOMHAIR: Cuilbheartan Bhreatainn an aghaidh neo-eisimeileachd Alba: The McCrone Report


hebrideanwolfdogs | Ajoutée le 25 août 2013
_________________________________

mercredi 18 juillet 2018

Crapadh na Gaeilge, easpa scríbhneoirí, eagarthóirí oilte agus léitheoirí – na dúshláin ba chúis leis an gcinneadh Cois Life a scor (Tuairisc)

Crapadh na Gaeilge, easpa scríbhneoirí, eagarthóirí oilte agus léitheoirí – na dúshláin ba chúis leis an gcinneadh Cois Life a scor
(Tuairisc Iúil 17 2018)

Tá crapadh na Gaeilge, ró-ualach riaracháin, easpa scríbhneoirí agus eagarthóirí oilte, agus easpa léitheoirí agus léirmheastóireachta luaite ag stiúrthóirí Chois Life lena gcinneadh an comhlacht foilsitheoireachta mórchlú a scor ag deireadh na bliana seo chugainn.

Deir stiúrthóirí Chois Life, Caoilfhionn Nic Pháidín agus Seán Ó Cearnaigh, chomh maith go bhfuil “crapadh na teanga mar aon le díothú na nualitríochta as na hollscoileanna tubaisteach d’fhoilsitheoir liteartha agus d’údair chruthaitheacha na Gaeilge”.

Sa ráiteas a chuir stiúrthóirí Chois Life, Caoilfhionn Nic Pháidín agus Seán Ó Cearnaigh, amach inniu ag fógairt scor an chomhlachta, déantar trácht go neamhbhalbh ar na dúshláin atá roimh fhoilsitheoirí na Gaeilge agus ar an ngéarchéim atá ann ó thaobh scríbhneoireachta agus léitheoireachta sa teanga.
________________________

dimanche 24 juin 2018

'Conaire Mór' - Diarmuid Johnson (Imbolc 2018)

Conaire Mór
Diarmuid Johnson
Leabhar Breac €16.00
104 lch; Clúdach Crua, ISBN 978-1-911363-12-5

Is athinsint bhríomhar bheoga atá in Conaire Mór ar an eipic Sean-Ghaeilge Togail Bruidne Da Derga — sceal a thosaíonn le rí á ghairmeadh de Chonaire agus a chríochnaíonn lena mharú brúidiúil ar bhruach na Dothra. Na hiontaisí ar fad atá i dtraidisiún na seanscéalta, tá siad ar fáil go flúirseach in imeachtaí an scéil, idir mhacghníomhartha Chonaire agus a theacht i réim, na blianta a raibh Éirinn faoi bhláth lena linn, agus an tuar báis nárbh fhéidir a shéanadh. Seo scéal nár insíodh i nGaeilge le beagnach míle bliain, ach tá Conaire Mór i réim anois arís ar deireadh. Is é an file Diarmuid Johnson a rinne an t-athscríobh ar an mbuntéacs.

"Athinsint ar scéal ó ré na Sean-Ghaeilge, tragóid atá inchurtha le Macbeth Shakespeare. Cé go bhfuil na carachtair agus na himeachtaí céanna againn sa leagan nuachumtha seo, tá Johnson tar éis insint úrnua a thabhairt dúinn, insint a gheofá ó úrscéalaí na haoise seo a bhí ina sheanchaí oilte dhá chéad bliana ó shin." — Dennis King, blog 'Nótaí Imill'.

"Leabhar an-shuaitheansach. Athinsint shamhlaíoch chruthaitheach ar cheann de na scealta is tábhachtaí dá bhfuil aqainn ó litríocht na Sean-Ghaolainne." — Breandán Ó Cróinín, Léirmheas Leabhar TG4

“Sár-scríbhneoir is ea Diarmuid Johnson; is léir tuiscint dhomhain aige ar litríocht agus ar ghnáis na Gaeilge, ionas nach mbraithimid aon ní aduain ná tacar san athinsint.  Is fileata saibhir an prós aige, agus éiríonn leis saibhreas liteartha agus rithimí an bhunshaothair a shlánú. Ó thosach deireadh beidh idir iontas agus aoibhneas ar an té a léifidh an leabhar seo, agus ina theannta sin beidh tuiscint níos fearr aige ar thraidisiún liteartha na nGael.” — Tadhg Ó Loingsigh, FEASTA

“Beidh an léitheoir faoi dhraíocht ag an leabhar suntasach seo, agus tá Leabhar Breac le moladh go hard as an dúthracht atá caite acu le réiteach agus le cur i láthair an leabhair. Cuidíonn an dearadh ar ardchaighdeán go mór chun an scéal spleodrach a chur go bríomhar i láthair an léitheora, agus tá dul na Gaeilge san insint nua seo le moladh.” — Moltóirí an Oireachtais
________________________
________________________

Sliocht as CONAIRE MÓR á léamh ag an údar, Diarmuid Johnson
____________________________________
______________________________________
Tuatha Dé Danann
Diarmuid Johnson
Leabhar Breac €16.00
120 lch, clúdach crua, ISBN 978-1-911363-20-0

Is le misneach mór, le héirim aigne, agus le feabhas a gcuid draíochta a bhain Tuatha Dé Danann seilbh na hÉireann de na Fir Bolg fadó, agus is le dícheall agus le díograis na dtréanfhear agus na ndeithe a shéan siad ceannas an oileáin ar na Fomhóraigh lá ab fhaide anonn.

Athinsint bhreá bhríomhar atá sa leabhar seo ar theacht Thuatha Dé Danann, scéal a bhaineann le dúchas na nGael agus le flaitheas na hÉireann.

Scéal flaithiúnais, scéal dúchais, scéal ársa agus scéal nua — sin é atá i scéal na n-eachtraí faoi mar atá inseacht agus aithris orthu sa leabhar beag eipiciúil seo. Cé mar a baineadh an ghéag de Nuadha, cérbh é Lugh Lámhfhada, cén tairngreacht do Bhalar na Súile Nimhe, agus cén bhandáil a bhí ag an Daghda cois Éirne?

Is as na seanleabhair léinn a bhain an t-údar freagraí na gceisteanna seo, ceisteanna faoi ghnéithe den réamhstair atá faoi bhrat ceo leis na céadta bliain. Teacht agus imeacht na dTuatha Dé Danann is ábhar agus is téama don leabhar. Sin, agus an chéad lá ar leag clanna Gael cois ar chladaí Inse Fódla.
______________________________________