mercredi 12 février 2020

Ag cuimhneamh na bpílear | Vincent Morley (Cúrsaí Staire 11/02/2020)

Ag cuimhneamh na bpílear
le Vincent Morley 
(Cúrsaí Staire 11/02/2020)

Is mian leis an rialtas – an rialtas a chaill an toghchán a bhí ann Dé Sathairn seo caite – is mian leo go dtabharfaimis an Royal Irish Constabulary (RIC) chun cuimhne. Ós rud é gur saoránach dílis mé, táim sásta gar a dhéanamh dóibh, gan íocaíocht a lorg, agus cuirfidh mé cúpla tagairt do na pílir ó litríocht na Gaeilge faoi bhráid léitheoirí Chúrsaí Staire. Ach ar dtús, ba mhaith liom cúpla focal a rá faoin searmanas cuimhneacháin a bhí beartaithe ag Charlie Flanagan, an t-aire ‘dlí agus cirt agus comhionnanais’ (tá a fhios agam gur amscaí an teideal é ach ní mise a chum), don 17 Eanáir 2020. Chualathas cuid mhaith cur i gcéill ó fhoinsí oifigiúla, ó thráchtairí agus ó staraithe sna laethanta sular cuireadh an ócáid chuimhneacháin ar athló agus ba mhaith liom roinnt de na tuairimí a nochtadh ag an am a scrúdú.
_______________________

samedi 28 décembre 2019

Oíche Nollag (Cór Alumni OÉ Gaillimh)


Oíche Nollag - Cór Alumni OÉ Gaillimh
Is amhrán Nollag nuachumtha é seo, atá á chanadh ag Cór Alumni OÉ Gaillimh. Is ón dán ‘Oíche Nollag’ le Máire Mhac an tSaoi a thagann formhór na bhfocal san amhrán agus tá glór an fhile féin le cloisteáil sa taifeadadh. Is le cead ón bhfile agus le tacaíocht ó Chartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta a déanadh an taifeadadh. Is iad John Caulfield agus Peter Mannion (stiúrthóir an chóir) a chum an leagan nua seo, agus i measc na nguthanna éagsúla tá an soprano Lorraine Gilchreest.

Eolas faoin gCór
Is céimithe de chuid na hollscoile a bhíonn ag canadh i gCór Alumni OÉ Gaillimh. Cé go bhfuil siad ag cur fúthu anois timpeall na tíre (agus thar lear) tagann siad le chéile go minic chun páirt a ghlacadh i bhféilte córúla in Éirinn agus chun amhráin a thaifeadadh le chéile.
_________________________________

vendredi 29 novembre 2019

'Ar Luch agus ar Dhuine' le John Steinbeck

Ar Luch agus ar Dhuine
John Steinbeck
€16.00
Luach Speisialta €14.00
Le Réamhordú ar Lascaine go dtí 13 Nollaig
120 lch; clúdach crua: ISBN 978 1 911363 22 4

Eagrán álainn Gaeilge den tseanchlasaic le John Steinbeck Of Mice and Men a céadfhoilsíodh in 1937, ceann de mhórshaothair na haoise seo caite.

Beirt spailpíní iad George agus Lennie, i gCalafóirne i dtríochaidí an chéid seo caite. Fathach urrúnta ‘ar chiall na bpáistí’ é Lennie agus bíonn George ag tabhairt aire dó. Agus cé nach bhfuil acu de mhaoin an tsaoil ach an t-éadach ar a ndroim, tá aisling acu – feirm bheag a cheannach dóibh féin agus a bheith ‘beo ar mhéith na tíre’.
An Garbhadas, an Mhíofaireacht agus an Suarachas
Ar Luch agus ar Dhuine ar cheann de na scéalta is cumhachtaí dár scríobh John Steinbeck. Tá an garbhadas ann, agus an mhíofaireacht agus an suarachas, ach is é an cineáltas agus an grá atá in uachtar. Scéal gairid é ach, más ea féin, beidh cuimhne fhada air ag an té a léifidh.

An saothar seo le Colmcille Ó Monacháin, tá sé ar cheann de na heiseamláirí aistriúcháin is breátha dá ndearnadh le tamall de bhlianta.
___________________________________

lundi 4 novembre 2019

An Chatalóin: Stát nua de chuid na hEorpa? (Vincent Morley, Cúrsaí Staire 12/12/2012)


An Chatalóin: 
Stát nua de chuid na hEorpa?
(Vincent Morley, Cúrsaí Staire 12/12/2012)
Ag breacadh an lae, an 11 Meán Fómhair 1714, d’ionsaigh arm Francach agus Spáinneach cathair Barcelona. Níos mó ná 40,000 fear a bhí san arm aontaithe seo i gcomórtas le harm beag de 10,000 Catalónach a bhí ag cosaint na cathrach. Bhíodh buntáiste nár bheag ag an lucht cosanta i gcogaíocht an 18ú céad, áfach, agus b’éigean do na comhghuaillithe a ngunnaí móra a dhíriú ar Barcelona ó lár mhí Iúil go dtí mí Mheán Fómhair sula raibh dóthain damáiste déanta d’fhallaí na cathrach chun an t-ionsaí a dhéanamh. I measc na saighdiúirí a réab isteach trí na bearnaí bhí ceithre reisimint Éireannacha i seirbhís na Fraince – reisimintí Dillon, Lee, Berwick agus Bourke. ‘Géanna fiáine’ ba ea na saighdiúirí seo agus bhí James Sarsfield (1693-1719), Iarla Leamhcáin agus aonmhac Phádraig Sáirséal, ar dhuine de na hoifigigh a goineadh sa troid fhíochmhar. Tuairim is 10,000 de na hionsaitheoirí agus 6,000 de na cosantóirí a maraíodh nó a goineadh sular ghéill na Catalónaigh timpeall a ceathair a chlog um thráthnóna.
________________________
Freisin:
Tomás Mac Síomóin: Ceachtanna ón gCatalóin
________________________

mercredi 4 septembre 2019

Dialanna Sheáin Uí Ríordáin le foilsiú (MEON EILE: Sorcha Ní Chearúlláin 04/09/19)


Dialanna Sheáin Uí Ríordáin le foilsiú 
MEON EILE: Sorcha Ní Chearúlláin (04/09/19)
Is beag dalta scoile nach bhfuil staidéar déanta aige ar shaothar filíochta Sheáin Uí Ríordáin, duine de na daoine ba chlúití agus ba thábhachtaí i litríocht na hÉireann sa 20ú haois.

D’aithneodh duine láithreach bonn ‘réal na gealaí’ a thit i ‘scamallsparán, go mall, mall, faitíosach’ ón dán clúiteach dá chuid ‘An Peaca’, cuir i gcás.

Cé go bhfuil an oiread sin staidéir déanta ar an Ríordánach, áfach, níor cuireadh a dhialanna pearsanta ar fáil go dtí seo – níl siad le fáil ach i seomra léitheoireachta na seanchnuasach sa leabharlann in UCD.

A bhuí leis na dialanna seo, a chuimsíonn an tréimhse idir 1940 agus bás an fhile in 1977,  tugtar léargas domhain ar an mhodh machnaimh a bhí aige agus ar na rudaí a raibh dúil aige iontu, ar a chuid tuairimí agus ar nithe ina shaol príobháideach – an cath a throid sé in éadan na heitinne, mar shampla.

Labhair Meon Eile leis an Dr. Pádraig Ó Liatháin (Fiontar agus Scoil na Gaeilge DCU) atá ag obair le Cló Iar-Chonnacht chun an saothar tábhachtach seo a chur i gcló faoi dheireadh thiar thall.
________________________________________

vendredi 5 juillet 2019

FÍSDÁN: Raithneach | Séamus Barra Ó Súilleabháin | REIC


Irish WritersCtr | Ajoutée le 10 déc. 2018

'Raithneach' scríofa ag Séamus Barra Ó Suilleabháin
Rinneadh an físdán seo le REIC i gcomhar le hÁras Scríbhneoirí na hÉireann, Foras na Gaeilge agus Bliain na Gaeilge

Taifeadadh - Seán T. Ó Meallaigh
Léiritheoir - Ciara Ní É
_______________________________

Cré na Cille (traduction québecoise)


Seaghan Sionnach | Ajoutée le 16 mai 2019
"An chéad chaibeal amach as saothar iomráiteach Uí Chadhain aistrithe go Fraincis Québec againn, mé féin agus Antoine Malette. Táimíd baoch as Geneviève Breton as an léitheoireacht."
_________________________________