mardi 30 mars 2021

Franz Fanon: Impiriúlachas, Coilíneachas, Neo-choilíneachas & Díchoilíniú (BLOSC, Mar 30, 2021)

Franz Fanon: Impiriúlachas, Coilíneachas, Neo-choilíneachas & Díchoilíniú
le BLOSC (Mar 30, 2021)

Fuair Franz Fanon bás seasca bliain ó shin – Marxach, daonnachaí radacach agus príomh-theoiricí agus fealsúnaí an díchoilínithe. An tseachtain a chuaigh thart, d’iarr mo chara, Dr Fearghal Mac Ionnrachtaigh, orm alt dá chuid faoi Fanon i gcomhthéacs na hÉireann a phrófléamh agus lena linn, thuig mé nár scríobh mé rud ar bith as Gaeilge faoi Fanon ar an bhlag seo cé go ndeachaigh a fhealsúnacht agus a dhearcadh i bhfeidhm go mór orm. Chinn mé, mar sin de, aistriúchán beag a dhéanamh as blúire den alt úd mar cad is fiú a bheith ag tabhairt amach faoin impiriúlachas, coilíneachas, nua-choilíneachas agus díchoilíniú mura bhfuil bun-thuigbheáil de na téarmaí sin agat i do theanga dhúchais agus tú sáite agus meáite ar dhíchoilíniú a bhaint amach i do thír féin? ‘Sí an Ghaeilge athghabháil na hÉireann, agus is i athghabháil na hÉireann slánú na Gaeilge!
______________

samedi 20 mars 2021

Fearghal Mac Bhloscaidh - Idir Chamáin (NVTV 2020)

 Fearghal Mac Bhloscaidh - Idir Chamáin [Cuid 1]
Comhrá leis an staraí Fearghal Mac Bhloscaidh, a thosaigh an blag staire dhátheanganach BLOSC
_____________________________________

Fearghal Mac Bhloscaidh - Idir Chamáin [Cuid 2]
Pléann an staraí Fearghal Mac Bhloscaidh míleatachas lucht oibre i gCúige Uladh 100 bliain ó shin agus na dúshláin os ár gcomhair inniu.
________________________________
FREISIN -
________________________________
________________________________

jeudi 21 janvier 2021

'Im(sh)ní(omh) Aistritheora: Scéal fá Dhá Leabhar' le Séamus Ó Coileáin (Léann Teanga: An Reiviú)

Im(sh)ní(omh) Aistritheora: 
Scéal fá Dhá Leabhar
le Séamus Ó Coileáin
In ainneoin líon iomadúil na leabhar, idir úrscéalta, chnuasaigh gearrscéalta agus drámaí a aistríodh mar chuid de Scéim Aistriúcháin an Ghúim sna 1930idí agus sna 1940idí agus an bhorraidh atá faoin aistriú litríochta go Gaeilge le blianta beaga anuas, is beag éachtaint a fhaighimid ar mheon an aistritheora féin i gcruthú na saothar sin go léir. Seans gurb é is cúis leis sin téiseanna scoláirí a bhain clú agus cáil amach i ndioscúrsa an aistriúcháin litríochta, arb é leabhar cáiliúil Lawrence Venuti, The Translator’s Invisibility: A History of Translation (1995), buaicléiriú na téise sin. Cé gurb é is ciall le ‘dofheictheacht’ an aistritheora i dteoiric Venuti nach mbeadh de rian ar an aistriúchán gur téacs é a aistríodh ó theanga eile, is é sin go mbeadh dul na sprioctheanga ar an aistriúchán agus nach mbeadh friotal coimhthíoch aduain ann a thabharfadh le fios gur tiontaíodh ó theanga agus ó mheon coimhthíoch an litríocht, mar sin féin, is í dofheictheacht nó neamhfheictheacht an aistritheora an tslat tomhais is mó lena meastar aistriúchán litríochta. ‘A good translation is imperceptible,’ a deir Antonia Lloyd-Jones, aistritheoir litríochta ó Pholainnis go Béarla. ‘It reads as if the book were written in the language into which it has been translated. Within the text, the translator is invisible.’ (Derbyshire, 2018). Is amhlaidh a bhítear ag cur i gcéill nach ndearnadh aon chur isteach, ná aon smáladh, ar an mbunleagan. Chuige sin, is rí-annamh a chuireann aistritheoir réamhrá nó iar-rá le saothar aistrithe litríochta. Is annamh a fheictear ainm an aistritheora ar chlúdach an tsaothair aistrithe agus i gcásanna áirithe ní luaitear an t-aistritheoir in aon chor. Ní nós le léirmheastóirí an t-aistritheoir a lua ach oiread má dhéantar léirmheas ar shaothar aistrithe. ‘A book can take two or three times as long to translate as it took to write. Yet translators are often either not mentioned in book reviews or fobbed off with an adjective: ‘vibrant,’ ‘meticulous,’ ‘faithful,’’ a deir Miranda France (2019). [...]
_______________________