Albain – lucht ‘Níl’ le daoraí
Tá lucht ‘Níl’ thar a bheith imníoch i ndiaidh do phobalbhreith amháin ag an deireadh seachtaine seo caite tabhairt le fios go bhfuil tromlach iad siúd a ceistíodh ar son neamhspleáchais. Ní hé an chéad uair do phobalbhreith a leithéid a chur in iúl. Bhí an bua ag lucht ‘Tá’ i bpobalbhreith a rinneadh anuraidh. Ach san iomlán bhí 83 pobalbhreith ann faoin cheist go dtí seo agus gan ach 2 ceann acu le tromlach ‘Tá.’ Ní raibh oiread airde ann ag an deireadh seachtaine seo caite ar phobalbhreith eile a léirigh go bhfuil lucht ‘Níl’ beagán chun tosaigh go fóill. Ach is é am na tosaíochta ag lucht ‘Tá’ a scanraigh lucht ‘Níl.’ Tá iad siúd atá ar son neamhspleáchais i ndiaidh dul chun tosaigh tá díreach 10 lá roimh an vóta agus cuma air go bhfuil dlús faoina bhfeachtas, go háirithe i ndiaidh do Alex Salmond an bua a fháil i ndíospóireacht teilifíse coicís ó shin. Tá lucht ‘Tá’ muiníneach agus dlús fúthu, lucht ‘Níl’ neamhchinnte agus buartha. Ach tá an scéal i bhfad ó bheith socruithe. Measann lucht ‘Níl’ go dtabharfaidh an pobalbhreith nua orthu sin a bhí idir dá cheann na meá nó a bhí ag smaoineamh, go dtí seo, ‘lena gcroí seachas lena n-intinn.’ Ach ní ghlacann lucht ‘Tá’ leis na hargóintí sin. Maíonn siad go bhfuil na hargóintí ina n-iomlán cloiste ag bunús daoine agus go dtuigeann bunús Albanach anois go dtiocfadh leo agus go dtiocfadh lena sochaí agus lena dtír a bheith i bhfad níos fearr as ar an ilbhealach dá mbeadh siad neamhspleách. Ach tá an chuid deiridh den fheachtas le teacht agus beidh tábhacht mhór leis sin. Cheana féin tá Westminster ag cur in iúl go mbeidh siad ag soiléiriú na mbuntáistí mhóra a bheadh ag Albain dá nglacfadh siad le ‘Dílárú Ollmhór’ seachas le neamhspleáchas. Agus tá na náisiúnaigh ag treisiú ar an fhís de shocaí is tír nua atá ar tí tarlúint agus an dóigh a dtiocfadh le hAlbanaigh leathanach a scríobh i stair na hAlban, na hEorpa agus na cruinne. Údar suime a laghad de ról is a bhí ag an teanga is an cultúr dúchais sa díoschúrsa in Albain agus an ról lárnach a bhí ag doicheall na nAlbanach roimh rialtas na Tóraithe a bheith i réim. Ach tugadh suntas don dóigh a bhfuil lucht ‘Tá’ ag reachtáil feachtas agus seifteanna dearfacha agus an bhéim a bhí ag lucht ‘Níl’ ar sheifteanna agus íomhánna diúltacha. Sa deireadh, cá fios. Síleann na geallglacadóirí go fóill fach gur ag lucht ‘Níl’ a bheidh an lá!
___________________________