Ba cheannródaí sa ghearrscéalaíocht Gàidhlig é Iain Moireach, a fuair bás an tseachtain seo caite, in aois a 80 bliain. Foilsíodh an t-aon chnuasach uaidh An Aghaidh Choimheach i 1973, tráth gur beag leabhar Gàidhlig a bhí dá fhoilsiú. Aithnítear gur leabhar den scoth An Aghaidh Choimheach. Bhí stíl agus saothar Moireach préamhaithe sa phobal Gaeltachta as ar fáisceadh é. Bhí sé mar bhua faoi leith aige go raibh sé ábalta seasamh siar ón bpobal sin, agus amharc go grinn air. Bhí greann ina shaothar, agus doimhneacht in éineacht leis. In amanna, dhéanfadh an léitheoir gáire. Ansin, chuirfeadh sé ceist air féin: ‘Cad chuige go ndearna mé gáire faoi sin, rud chomh tromchúiseach?’ Ba é An An Aghaidh Choimheach an t-aon chnuasach uaidh, cé gur foilsíodh gearrscéalta eile in irisí. Scríobh sé freisin drámaí, dánta, scripteanna, agus úrscéal amháin. Dar leis go raibh sé “riachtanach” aige na híomhánna a bhí ina intinn a a chur i bhfocail ar phár. Ní i dtaobh leis an scríobhneoireacht amháin a bhí sé mar b’fhear ildánach é. Rugadh mí Márta 1938 é i mBarbhas ar an taobh thiar d’Eilean Leòdhais sna hEileanan Siar. Gàidhlig ar fad a bhí sa phobal ag an am. Fuair sé a chuid meánscolaíochta ar Sgoil MhicNeacail i Steòrnabhagh, agus d’freastail sé ar Ollscoil Dhún Éideann ina dhiaidh sin. Chaith sé seal ina mhúinteoir Béarla, seal ina eagarthóir le Comhairle nan Leabhraichean, seal i mbun an oideachais dhátheangaigh le Comhairle nan Eilean Siar, seal ina chraoltóir leis an BBC agus seal ina leas-stiúrthóir oideachais ag Comhairle nan Eilean Siar. Bhí sé ar an dream a bhunaigh an comhlacht foilsitheoireachta Acair atá lonnaithe i Steòrnabhaigh agus a chuireann idir shaothair Gàidhlig agus shaothair Bhéarla ar fáil. Mhothaigh sé dualgas air féin sin a dhéanamh toisc chomh gann agus a bhí leabhair Gàidhlig sna 1970idí. Agus an obair sin go léir ar siúl aige, bhíodh sé ag scríobh leis. Chomh maith le hábhar cruthaitheach, chuir sé Gàidhlig ar roinnt leabhar Gaeilge do pháistí. Ar bhonn pearsanta, ba dhuine séimh, lách é. Dar leis go raibh dhá ábhar bróid aige: an bhean a phós sé, agus a bheith ina eagarthóir ar chuimhní cinn an Leòdhasaigh Aonghus Chambeuil, ‘Suathadh ri Iomadh Rubha’. Buaileadh buille trom air nuair a fuair a bhean bás go tobann ocht mbliana ó shin. Ar an drochuair, theip an tsláinte air níos luaithe i mbliana. Chomh fada agus a bheidh léamh a dteanga dúchais ag oiread agus duine amháin de Ghaeil na hÉireann nó na hAlban, beidh a shaothar dá léamh. le Anton Mac Cába
________________________________
AN AGHAIDH CHOIMHEACH le Iain Moireach Gairm, 1993. Cruinneachadh de dhusan sgeulachdan goirid a tha uile stèidhichte air cuspairean ceangailte ris an fhacal coimheach. Comhairle nan Leabhraichean£5.95
Ar an lá seo 22ú de mhí na Samhna i 1963 cailleadh duine dena húdáir is cáiliúla ar domhan, C. S. Lewis. Is iad úrscéalta Narnia - ar díoladh breis agus 100 milliún cóip díobh in 47 dteanga - na leabhair is clúití a scríobh sé agus tá tionchar an chreidimh, na miotaseolaíochta clasaicí agus sheanscéalta na Gaeilge le feiceáil ina shaothar trí chéile.
Le tamall de bhlianta anuas tá féile á reáchtáil i gceantar dúchais Lewis, Oirthear Béal Feirste, a dhéanann ceiliúradh ar an údar agus ar a chuid leabhar. I mbliana ba é “Of this and other worlds” téama na féile agus bhí Meon Eile i láthair le labhairt le beirt a raibh baint acu le cuid de na himeachtaí...
‘Ní mór duit a bheith umhal do dhuine éigin!’ : ‘Gaspal’ Bob Dylan le craobhscaoileadh i nGaeilge…
Seo an chéad bhlaiseadh de liricí na leaganacha Gaeilge d’amhráin de chuid Bob Dylan atá cumtha ag Gabriel Rosenstock do sheó nua IMRAM, ‘Buail na Cloig/Ring them Bells’…
Bhain conspóid mhór le ‘blianta na Críostaíochta’ ag Dylan, ach aithníonn go leor anois iad ar cheann de na tréimhsí is bisiúila, is spéisiúla agus is spleodraí ina shaol ceoil. An file Gabriel Rosenstock a chuir Gaeilge ar liricí Dylan:
Bheith umhal do dhuine éigin
| Gotta Serve Somebody D’fhéadfá bheith i d’ambasadóir, Sasana, an Fhrainc, Tugtha don chearrbhachas, pinginí sna bainc, D’fhéadfá bheith id churadh trom-mheáchain ar an domhan Nó bheith tugtha do na péarlaí, a chailín deas donn. TUILLEADH
**** A Aingil Dhílis | Precious Angel ’Aingil dhílis, conas faoin ngréin Conas nár bhraitheas-sa tú le mo thaobh A léireodh dom mo dhaille, a léireodh mé ar strae Nach lag a bhí an bonn fúm is gan ach gaineamh fé? TUILLEADH
****
Buail na Cloig | Ring them Bells Buail na cloig, a bhodaigh Ó chathair úd na néal Buail na cloig ó na tearmainn Thar na gleanntáin go réidh Táid leathan táid domhain Is an saol bunoscionn Is an t-am ag rith ar gcúl An bhrídeog leis is trua. TUILLEADH
Leabhar nua le Louis de Paor seolta in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Ba é Michael Cronin a sheol leabhar nua Louis de Paor 'Ag caint leis an Simné', cnuasach aistí faoi nualitríocht na Gaeilge agus dúshlán an traidisiúin, ag ócáid in Institúid Uí Mhóra, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Is é Cló Iar-Chonnacht a d'fhoilsigh.
Labhrann an file agus scríbhneoir Louis de Paor faoina leabhar nua a seoladh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Déardaoin, an 13 Meán Fómhair.
Tá crapadh na Gaeilge, ró-ualach riaracháin, easpa scríbhneoirí agus eagarthóirí oilte, agus easpa léitheoirí agus léirmheastóireachta luaite ag stiúrthóirí Chois Life lena gcinneadh an comhlacht foilsitheoireachta mórchlú a scor ag deireadh na bliana seo chugainn. Deir stiúrthóirí Chois Life, Caoilfhionn Nic Pháidín agus Seán Ó Cearnaigh, chomh maith go bhfuil “crapadh na teanga mar aon le díothú na nualitríochta as na hollscoileanna tubaisteach d’fhoilsitheoir liteartha agus d’údair chruthaitheacha na Gaeilge”. Sa ráiteas a chuir stiúrthóirí Chois Life, Caoilfhionn Nic Pháidín agus Seán Ó Cearnaigh, amach inniu ag fógairt scor an chomhlachta, déantar trácht go neamhbhalbh ar na dúshláin atá roimh fhoilsitheoirí na Gaeilge agus ar an ngéarchéim atá ann ó thaobh scríbhneoireachta agus léitheoireachta sa teanga.
Is athinsint bhríomhar bheoga atá in Conaire Mór ar an eipic Sean-Ghaeilge Togail Bruidne Da Derga — sceal a thosaíonn le rí á ghairmeadh de Chonaire agus a chríochnaíonn lena mharú brúidiúil ar bhruach na Dothra. Na hiontaisí ar fad atá i dtraidisiún na seanscéalta, tá siad ar fáil go flúirseach in imeachtaí an scéil, idir mhacghníomhartha Chonaire agus a theacht i réim, na blianta a raibh Éirinn faoi bhláth lena linn, agus an tuar báis nárbh fhéidir a shéanadh. Seo scéal nár insíodh i nGaeilge le beagnach míle bliain, ach tá Conaire Mór i réim anois arís ar deireadh. Is é an file Diarmuid Johnson a rinne an t-athscríobh ar an mbuntéacs.
"Athinsint ar scéal ó ré na Sean-Ghaeilge, tragóid atá inchurtha le Macbeth Shakespeare. Cé go bhfuil na carachtair agus na himeachtaí céanna againn sa leagan nuachumtha seo, tá Johnson tar éis insint úrnua a thabhairt dúinn, insint a gheofá ó úrscéalaí na haoise seo a bhí ina sheanchaí oilte dhá chéad bliana ó shin." — Dennis King, blog 'Nótaí Imill'.
"Leabhar an-shuaitheansach. Athinsint shamhlaíoch chruthaitheach ar cheann de na scealta is tábhachtaí dá bhfuil aqainn ó litríocht na Sean-Ghaolainne." — Breandán Ó Cróinín, Léirmheas Leabhar TG4
“Sár-scríbhneoir is ea Diarmuid Johnson; is léir tuiscint dhomhain aige ar litríocht agus ar ghnáis na Gaeilge, ionas nach mbraithimid aon ní aduain ná tacar san athinsint. Is fileata saibhir an prós aige, agus éiríonn leis saibhreas liteartha agus rithimí an bhunshaothair a shlánú. Ó thosach deireadh beidh idir iontas agus aoibhneas ar an té a léifidh an leabhar seo, agus ina theannta sin beidh tuiscint níos fearr aige ar thraidisiún liteartha na nGael.” — Tadhg Ó Loingsigh, FEASTA
“Beidh an léitheoir faoi dhraíocht ag an leabhar suntasach seo, agus tá Leabhar Breac le moladh go hard as an dúthracht atá caite acu le réiteach agus le cur i láthair an leabhair. Cuidíonn an dearadh ar ardchaighdeán go mór chun an scéal spleodrach a chur go bríomhar i láthair an léitheora, agus tá dul na Gaeilge san insint nua seo le moladh.” — Moltóirí an Oireachtais
Tuatha Dé Danann Diarmuid Johnson Leabhar Breac €16.00 120 lch, clúdach crua, ISBN 978-1-911363-20-0
Is le misneach mór, le héirim aigne, agus le feabhas a gcuid draíochta a bhain Tuatha Dé Danann seilbh na hÉireann de na Fir Bolg fadó, agus is le dícheall agus le díograis na dtréanfhear agus na ndeithe a shéan siad ceannas an oileáin ar na Fomhóraigh lá ab fhaide anonn.
Athinsint bhreá bhríomhar atá sa leabhar seo ar theacht Thuatha Dé Danann, scéal a bhaineann le dúchas na nGael agus le flaitheas na hÉireann.
Scéal flaithiúnais, scéal dúchais, scéal ársa agus scéal nua — sin é atá i scéal na n-eachtraí faoi mar atá inseacht agus aithris orthu sa leabhar beag eipiciúil seo. Cé mar a baineadh an ghéag de Nuadha, cérbh é Lugh Lámhfhada, cén tairngreacht do Bhalar na Súile Nimhe, agus cén bhandáil a bhí ag an Daghda cois Éirne?
Is as na seanleabhair léinn a bhain an t-údar freagraí na gceisteanna seo, ceisteanna faoi ghnéithe den réamhstair atá faoi bhrat ceo leis na céadta bliain. Teacht agus imeacht na dTuatha Dé Danann is ábhar agus is téama don leabhar. Sin, agus an chéad lá ar leag clanna Gael cois ar chladaí Inse Fódla.
"’S ann anns an aon bhliadhna – 1767 – a nochd an Tiomnadh Nuadh Gàidhlig agus an leabhar laoidhean aig Dùghall Bochanan. Bidh mi gu tric a’ beachdachadh air dè an ceangal a tha eadar an dà leabhar. Am faod e a bhith gur h-ann mar thaing airson na rinn e air an Tiomnadh Nuadh – gun aithneachadh bho bhuidhnean no bho eaglaisean, agus le glè bheag pàighidh – a chaidh an leabhar aige fhoillseachadh? An e Seumas Stiùbhart a bha air chùl a’ ghnothaich, ’s esan, seach duine sam bith, a’ tuigsinn luach na h-obrach a rinn Dùghall aig deifir ìrean?"
An Meon Folaithe: Idé-eolaíochtaí agus iompar lucht Labhartha na Gaeilge in Éirinn agus in Albain,
- curtha in eagar ag Tadhg Ó hIfearnáin agus John Walsh LITRÍOCHT €18
An nós seanbhunaithe ‘Gaelic’ a úsáid in áit ‘Irish’ mar mhasla pléite i leabhar nua.
Léiríonn taighde atá déanta ag an scoláire Hugh Rowland gur nós seanbhunaithe é an focal ‘Gaelic’ a úsáid in áit ‘Irish’ chun beag is fiú a dhéanamh den teanga agus lucht a labhartha. In aiste taighde leis faoin Language Freedom Movement agus Conradh na Gaeilge sa chnuasach nua An Meon Folaithe, deir Rowland gur bhain an LFM úsáid as an bhfocal ‘Gaelic’ d’aon ghnó mar chuid de “idé-eolaíocht an díspeagtha”. Bunaíodh an LFM i 1965 chun cur i gcoinne stádas na Gaeilge sa státseirbhís agus sa chóras oideachais.
Tuairisc | Ajoutée le 17 avr. 2018 Óráid an Uachtaráin Uí Uigínn: 'Bliain na Gaeilge 2018' (Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath, Dé Sathairn, 14 Aibreán 2018) Téacs A Chairde Gael, Go raibh míle maith agaibh as bhur bhfíorchaoin fáilte. Tá áthas orm, mar Uachtarán na hÉireann, a bheith anseo inniu chun ceiliúradh a dhéanamh libh ar Bhliain na Gaeilge 2018. Bhí ról nach beag ag Uachtaráin na hÉireann i gcur chun cinn na Gaeilge – chomh fada siar leis an gcéad Uachtarán, Dubhghlas de hÍde, ceannródaí na hathbheochana, a bhí ina chathaoirleach ag an gcruinniú, i mí Iúil 1893, céad fiche cúig bliain ó shin, nuair a bunaíodh Conradh na Gaeilge. Tá muid bailithe le chéile inniu, idir óg agus aosta, idir lucht líofa agus foghlaimeoirí, idir mhuintir na cathrach agus mhuintir na tuaithe, chun ceiliúradh a dhéanamh ar ár n-oidhreacht, ár gcultúr ársa - caomhnaithe againn in ainneoin deacrachtaí agus dúshlán na staire, agus an chuid is tábhachtaí, is luachmhara, is áille dár gcultúr: An Ghaeilge, teanga dhúchais an oileáin seo. Tá muid bailithe le chéile chun fís an Chraoibhín Aoibhinn agus a chomhghleacaithe a cheiliúradh, agus chun ardú meanma agus spreagadh a thabhairt don obair a bheidh ar siúl againn sna blianta atá amach romhainn. Is iontach an rud í gach teanga. Tugann gach teanga ar domhan léargas faoi leith ar na daoine a labhraíonn í, ar an bpobal ina labhraítear í, ar an áit ina labhraítear í. Léiríonn gach pobal, sa chaoi ina gcaitheann siad lena dteanga, luachanna bunúsacha an phobail sin. Dúinne, atá chomh tógtha leis an nGaeilge, is ábhar ceiliúrtha í an teanga dúinn mar chuid lárnach dár n-oidhreacht. Nuair a thuigimid luach na teanga agus gach ní a bhaineann léi, tuigimid, ag an am céanna, luach na dteangacha eile a úsáidtear ar an Oileán seo, agus tábhacht na dtraidisiúin éagsúla atá ag maireachtáil ar scáth a chéile fud fad an 32 Contae. 125 bliain ó shin, nuair a scríobh Dubhghlas de hÍde chuig Eoin Mac Néill den chéad uair, dúirt sé nach raibh rud ar bith níos tábhachtaí ná an Ghaeilge a choinneáil “dá labhairt” in Éirinn. Bhunaigh an bheirt acu Conradh na Gaeilge, gluaiseacht a ghríosaigh muintir na hÉireann chun gnímh: gníomh a raibh géarghá leis, toisc go raibh baol mór go gcaillfí go deo an teanga a labhraíodh anseo leis na mílte bliain. Inniu, mar chuid de Bhliain na Gaeilge, tá muid ag déanamh machnaimh ar a bhfuil déanta ag na glúnta a tháinig romhainn ar son ár dteanga. Sheas siad an fód ar son ár n-oidhreachta agus bhaineadar áit lárnach amach don Ghaeilge i gcroílár an chóras oideachais. Sheas siad an fód agus bhain siad áit amach don Ghaeilge sa saol poiblí. Sheas siad an fód le go mbeadh aitheantas tugtha don Ghaeilge, dá luach agus dá litríocht ag muintir na hÉireann. Sheas siad an fód chun aitheantas a fháil dár nGaeltachtaí, atá chomh lárnach inár dtuiscint ar ár bhféiniúlacht agus ar ár scéal mar phobal agus mar náisiúin. Sheas siad an fód mar go raibh fís acu dár dtír mar ba chóir di a bheith. Tír ina raibh an Ghaeilge beo beathach. Tír a bhí ar a compord lena hoidhreacht, lena cultúr agus lena dúchas. Tír ina raibh na deacrachtaí agus na dúshláin a bhí cruthaithe tríd na hiarrachtaí ár gcultúr a scrios, taobh thiar dúinn. Tír ar aon chéim le gach tír eile ar domhan. Fís dhaonna a bhí agus atá fós ann, fís shíochánta, agus fís radacach. Fís atá fós beo. Tá sé tábhachtach go dtuigeann muid sin, go n-aithníonn muid sin, go ndéanann muid ceiliúradh ar sin. Tá an Ghaeilge beo sna Gaeltachtaí, tá sí beo sna naíonraí agus sna Gaelscoileanna, tá sí beo sna campaí samhraidh, tá sí beo sna teaghlaigh Ghaelacha fud fad na tíre, tá sí beo ar na meáin chumarsáide agus tá sí beo sna ciorcail chomhrá, sna clubanna leabhar, sna “pop-up” Gaeltachtaí agus sna seisiúin cheoil ar fud na tíre agus ar fud na cruinne. Ní hé sin le rá nach bhfuil dúshláin le sárú fós sa Ghaeltacht leis an nGaeilge a choinneáil mar theanga pobail agus chun go mbeidh fás agus forbairt ar na pobail sin. Tá dúshlán faoi leith os comhair mhuintir na Gaeltachta ach tá gá le tacaíocht sa bhreis uathu chun an seod seo dár gcultúr a choimeád slán. Caithfimid aitheantas ar leith a thabhairt, agus ceiliúradh ar leith a dhéanamh ar phobail na nGaeltachtaí i mbliana, agus gach iarracht le cinntiú go mbeidh todhchaí inmharthanach acu. Is iad na Gaeltachtaí tobair na teanga sa tír seo, agus tá sé riachtanach go n-aithneoimid chomh luachmhar is atá siad. Tá muid réidh anois leis an gcéad chéim eile a ghlacadh i dtreo fís bheo na hathbheochana, ‘sé sin úsáid na Gaeilge a spreagadh agus a craobhscaoileadh go bródúil agus go forleathan ar fud na tíre agus ar fud an domhain. Tá dualgas agus ról againn ar fad san iarracht seo. Bíodh sé go ndéarfadh muid “Go raibh maith agat” le strainséirí, nó go mbainfeadh muid úsáid as an méid Gaeilge atá againn nuair is féidir. Bíodh sé go dtógfadh muid ár bpáistí trí Ghaeilge nó go n-aimseodh muid ceann de na mílte bealaí eile gur féidir linn an fhís a bhaint amach. A fhad is a mhairfidh an fhís, mairfidh an Ghaeilge. De réir mar a neartófar an fhís, neartófar an Ghaeilge. For those of you who love our language but may not be confident speaking Irish. The revival of our Irish language starts with each and every one of you. I invite everyone, starting this year in Bliain na Gaeilge, to welcome the Irish language into their lives. To experience, relearn, reengage with it. Tabhair an dara seans dó. Dare to cherish it. Dare to value it. Dare to use it. Dare to recognise and love it as the most essential part of our culture. However much or little of the language you have, I urge you to use it. I promise you, it will be easier than you imagine! In this regard I salute Minister Joe McHugh, who has shown such leadership in re-engaging with the language, in improving and using it. He has been an inspiration and an example to so many. Molaim é! Tá an Ghaeilge beo le cúig míle bliain ar a laghad. · Beo tar éis 125 bliain den Athbheochan agus beidh an Ghaeilge beo don chéad fiche cúig bliain atá le teacht. · Beo agus muid á labhairt lena chéile. · Beo agus muid ag bunú agus ag tógáil Gaelscoileanna nua. · Beo agus muid ag forbairt ár gceantracha Gaeltachta, le cinntiú go mbeidh saol inmharthanach ag na pobail sin amach anseo. · Beo agus muid ag bunú agus ag forbairt Gaelphobal nua. · Beo agus muid ag freastail ar pop-up Gaeltachtaí ar fud an domhain · Beo agus muid ag tógáil ár bpáistí le Gaeilge, sa Ghaeltacht, sna cathracha, i dtithe ar fud na tíre, agus taobh amuigh di. · Beo agus muid ag meabhrú dár státchóras gur ann dúinn agus go bhfuil cearta teanga againn. Bíodh an fhís sin beo. Bíodh an Ghaeilge beo. Bímis Gaelach, bródúil agus inár bpobal bheo! Go raibh míle maith agaibh go léir, agus bainigí sult as an lá!
________________________________________
Áras an Uachtaráin | Ajoutée le 15 mars 2018
Teachtaireacht Lá Fhéile Pádraig 2018 ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn
_______________________________________
Sa tuairisc seo, déanann Cathal Ó Cuaig, atá ag cur faoi i mBarcelona, cíoradh ar chúrsaí polaitíochta, féiniúlachta agus teanga agus a mbaint leis an aighneas sa Chatalóin. Craoladh an tuairisc seo ar dtús ar '7Lá' ar TG4. Ceamara: Martín González Damonte.
Bhuel… Teastaíonn ó Donald J. Trump falla a thógail- huth! Is mian leis Hombres agus bad dudes Mheicsiceo a choinneáil amach as na Stáit Aontaithe… Samhlaigh an t-iontas atá ar na Gaillimhigh, Rónán agus Fionntán Ó Conghaile, as ceantar na nOileán, nuair a thagann glaoch ón Teach Bán isteach chucu san oifig i mBostún, lá. Teastaíonn ón Trumpach go ndéanfaidh ‘R & F Ó Conghaile Teo.’ an falla a thógáil dó….agus tógfaidh.
Láithreoir: Seán Ó Catháin
Aíonna: Alan Titley agus Réaltán Ní Leannáin
_____________________________________
An mhí seo, labhair Róisín Adams le Caitlín Nic Íomhair, Bainisteoir an tSiopa Leabhar, agus le Brian Mac Maghnuis, scoláire i gColáiste na Tríonóide, faoi Lár an Domhain, cnuasach gearrscéalta le Beairtle Ó Conaire.
"Bunaíodh RnaG ar dtús mar gheall ar an agóid leanúnach a rinne Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta ag tús na seachtóidí. Ghéill an rialtas don agóid, ach ba dhrogallach a ghlac RTÉ an cúram orthu féin, cé go raibh siad meáite nach mbeadh aon eagraíocht neamhspleách ann. Ó lá a bhunaithe, ámh – le huaireanta teoranta craolta – d’éirigh le bainistíocht agus foireann an stáisiúin brú a chur ar na húdaráis chun breis uaireanta a chloig craolta a fháil, chun tuilleadh daoine a earcú agus chun feabhas a chur ar an tseirbhís. Throid RTÉ in aghaidh gach céim den dul chun cinn sin."
Tá nócha bliain ann i mbliana ó foilsíodh Ecce Homo Friedrich Nietzsche, ocht mbliana tar éis don údar féin bás a fháil. Sa bheathaisnéis gearr seo cuireann Diarmuid Ó Gráinne (comheagarthóir An Fhealsúnacht agus an tSíceolaíocht [Coiscéim 1993] smaointeachas agus cúlra an fhealsaimh os ár gcomhair.
__________
“Ba shíceolaí Nietzsche chomh maith le bheith ina fháidh fealsúnta. Bhí sé frithShócraiteach, toisc gur chuir Sócraitéas béim ar an réasún. B’é an fealsamh réamhShócraiteach, Hearaiclítéas, a rogha. Mar sin, roghnaigh sé Diníosas in áit Apolló, an taghd cruthaitheachta in áit an réasúin. Ní hiontas go raibh col ar leth aige le scoláirí a chaith a gcuid ama ag scríobh faoi thuairimí a bhí oibrithe amach ag daoine eile. Dhearc sé orthu mar chluanairí meata, a bhí lán formaid agus éada, nach raibh sé de mhisneach iontu briseadh amach thar bhallaí na hollscoile, agus an saol a fheiceáil mar a bhí. Ní hiontas gur mhol Nietzsche an saol faoin aer, agus is minic a dúirt nár chóir iontaoibh a chur i smaoineamh ar bith nach dtagann chugainn sna sléibhte faoin aer folláin. […] Ba dhíol trua an duine nua-aoiseach, dar leis, feithid bhocht éidreorach nár chuir an iomarca stró air féin faoi rud ar bith, a raibh lá crua oibre thar a acmhainn, a raibh an tseirbhís féin thar a chumas cluanach, spreas díbheo a bhí coillte go hintleachtúil, go fisiciúil agus go spioradálta.” (‘Friedrich Nietzsche: Saol agus Smaointeachas’ le Diarmuid Ó Gráinne, Coiscéim, 1997, leath. 17,18.)
Tha Oilthigh Dhùn Èideann air a’ bhileag seo a leasachadh agus a sgaoileadh le taic-airgid bho Bhòrd na Gàidhlig agus ann an co-obrachadh le Iomairt Dhùn Èideann agus iomadh buidheann eile ann an Dùn Èideann. Tha fiosrachadh mu eachdraidh na Gàidhlig ann an Dùn Èideann na cois, cho math ri fios mu bhuidhnean Gàidhlig sa bhaile.
EngineersIreland | Ajoutée le 25 oct. 2016 Nuálaíocht Inbhuanaithe agus Oideachas Innealtóireachta le Fionnbarra Ó Brolcháin
__________________________________
EngineersIreland | Ajoutée le 5 mai 2016 Crosfhocal as Gaeilge ar an sean-nós le Gearóid Ó Catháin
__________________________________
EngineersIreland | Ajoutée le 15 avr. 2016 Eolaíocht Sonraí: Céard í agus cén tairbhe atá le baint aisti don innealtóireacht? le Éanna Mac Con Iomaire, PHD
____________________________________
EngineersIreland | Ajoutée le 8 févr. 2016 Láthair Tástála na Mara le Diarmuid Ó Conchubhair
Ag 9 gcéad míle ciliméadar cearnaí, seasann achar mara na hÉireann ag 10 n-uaire chomh mór is a bhfuil achar na tíre. Tá ceann de na h-acmhainní nadúrtha is mó ar domhain againn maidir le fuinneamh in-athnuaite na mara. I Feabhra 2014 d’fhoilsigh Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha plean ó thaobh forbairt fuinnimh in-athnuaite na mara chun cuidiú leis an tír a cuid cumas a fhorbairt agus go mbéadh muid (mar thír) in ann fuinneamh glas in-athnuaite a aimsiú agus a asphortáil. Sula mbeidh muid in ann é seo a dhéanamh, ní foláir taighde agus forbairt ó scála beag, go dtí na h-aidhmeanna móra, agus a bhfuil leagtha amach, sa phlean ó thaobh forbairt fuinnimh in-athnuaite na mara.
Sé an teideal atá againne ar an suíomh Tástála na Mara ná an “Marine and Renewable Energy Test Site”. Ta céadúnas ag Foras na Mara ar an suíomh (800m X 600m) le h-uirlisí na mara a thástáil, ní hé uirlisí fuinnimh na mara amháin a bhíonn i gceist anseo ach uirlisí taighde na mara chomh maith agus bíonn muid ag obair le go leor de na h-ollscoileanna thart timpeall na tíre chomh maith le comhlachtaí móra idirnáisiúnta a thógann úirlisí na mara. Cuireann SmartBay amach na huirlisí seo (ar data buoys) go dtí seo chun iad a thástáil ach amach anseo beidh muid ag úsáid an observatory nó ‘réadlann’ atá curtha amach ar ghrinneall na farraige againn i mí Lúnasa imbliana.
Tá an suíomh tástála suite leath-slí idir An Spidéal agus na Forbacha, timpeall ar 1.5 ciliméadar amach ón chósta agus ag doimhneacht (sonra cairte/chart datum) 23 méadar.
Tá Foras na Mara thar ceann ceadúnas an tsuímh ó 2006 agus sé SmartBay atá thar ceann an tsuímh ó 2012. Bhí dhá uirlis fuinneamh na mara ar an suíomh go dtí seo; ‘Wave Bob’ agus ceann ó chomhlacht eile ‘Ocean Energy Limited.’
Séard atá díreach críochnaithe againn faoi láthair ná uasghrádú ollmhór ar infrastruchtúr an tsuímh. Fuair Foras na Mara deóntas ó Fundúireacht Eolaíochta Éireann (SFI) chun cábla a chur amach ó chéibh nua an Spidéil go dtí an suíomh.
Soláthraíonn an cábla cumhacht amach go dtí réadlann nó ‘node’ ar ghrinneall na farraige atá suite laistigh den suíomh. Chomh maith le cumhacht, soláthraíonn an cábla sonraí (data) ó uirlisí atá á dtástáil amuigh ar an suíomh, ar ais go dtí stáisiún ar an gcósta ag luas ard (toisc gur cábla snáthoptaice atá ann).
Ní amháin go mbeidh sé seo íontach le tástáil uirlisí fuinneamh na mara ach cuirfidh sé seo an tír chun tosaigh maidir le h-eolaíocht agus tástáil úirlisí na mara. Beidh ós cionn 10 bport nó plug fágtha ar an ‘node’ ar ghrinneall na farraige agus beidh said seo ar fáil le haghaidh tionscnimh taighde amháin.
Tá deóntas eile faighte ó Údaras Fuineamh Inmharthana na hÉireann (SEAI) chun SeaStation a sholáthair ar an suíomh chomh maith. Tá Foras na Mara, SmartBay agus Coláiste na hOllscoile Corcaigh ag obair le chéile chun an tionscnamh a chríochnú agus beidh SmartBay thar ceann an infrastruchtúir ar fad nuair atá sé tógtha agus i bhfeidhim.
An t-Aoichainteoir: Diarmuid Ó Conchubhair
Tá Diarmuid mar comhordaitheoir tionscadail le SmartBay Ireland. Tá sé freagrach as comhordú tionscadail aistritheacha ar nós comhoibriú le h-eagraíochta taighde, comhlachtaí, spásphleanáil na mara ar son an tsuímh taighde agus ceadúnais urthrá. Bhí Diarmuid ag obair le Foras na Mara sular thosaigh sé le SmartBay in 2013.
Beidh suim faoi leith ins an léacht seo ag líon mór innealtóirí sna h-earnálacha seo leanas: muir, imshaol, teicnneolaíocht agus taighde.
_____________________________
EngineersIreland | Ajoutée le 19 nov. 2014 Méarchlár Ríomhaireachta Dhátheangach Nua le Ciarán Ó Bréartúin
Tá a méarchlár ríomhaireachta féin ag beagnach gach tír san Eoraip. Bíonn gá leis, mar go hiondúil bíonn litreacha agus siombailí dá gcuid féin, dála Ø, Å, ¿, Ä agus mar sin de, ag na tíortha sin. Is eisceacht í Éire, ar ndóigh; bainimidne leas as an méarchlár Sasanach, fiú agus an Ghaeilge á scríobh againn. Ní mór dúinn a bheith inár “méarchleasaithe”: éiríonn linn trí mhéar a bhrú ag an am céanna leis an gcéad litir in ainm ár dtíre féin a scríobh, É. Níl sé éasca! Ach glacaimid go humhal leis.