lundi 21 janvier 2019

ColúnLee: Agallamh eisiach le Darach Ó Scolaí, foilsitheoir

Darach Ó Scolaí
Agallamh eisiach le Darach Ó Scolaí, foilsitheoir
(ColúnLee12 Ean 2019)
Cuireann Lee Vahey an scríbhneoir, an foilsitheoir, an t-eagarthóir, agus an t-iar-ealaíontóir, Darach Ó Scolaí faoi agallamh. Cíorann siad an litríocht, an léitheoireacht, an fhoilsitheoireacht, leabhair Ghaeilge, agus an dúshlán a bhaineann le léirmheastóireacht shásúil i bpobal an-bheag. 

[...] Lee Vahey: De bharr a ndéanann tú ar son do chomhlachta [Leabhar Breac], áfach, agus de bharr a laghad léirmheastóireachta toirtiúla a dhéantar ar an bprós comhaimseartha, airím scaití go ndéantar dearmad gur scríbhneoir thú, gur údar bunsaothar thú. Tá saothar suntasach d’úrscéalta, drámaí, aistriúcháin, leabhra do pháistí, agus athleaganacha ar sheanscéalta curtha díot. Cén meas atá agatsa ar an gcaoi a gcaitear le do shaothar? Abair, ba chúis chlamhsáin ag Alan Titley roinnt blianta ó shin nach dtugtar aitheantas a ndóthain do phrósairí comhaimseartha. Dar le hAlan, ba tusa duine de na húdair siúd a bhí ligthe i bhfaillí ag an aos critice. An cuma leat sin? Nó an bhfuil tú sásta fad is go léitear do shaothar?

Darach Ó Scolaí: Is cuma agus ní cuma. Ní maith liom go bhfuil cúrsaí léirmheastóireachta chomh dona sin. Mar a dúirt mé cheana, ní dóigh liom go ndéantar a ndóthain daoine a mhealladh chun léirmheasa. Ní dóigh liom go gcuirtear a ndóthain brú ar scríbhneoirí léirmheas a scríobh, mar is iad na scríbhneoirí atá ag éileamh na léirmheasanna. Níl sé folláin go mbeadh a laghad sin léirmheastóireachta dá déanamh. Níl sé folláin. Thairis sin, tá an dara heagrán de An Cléireach foilsithe. Tá mé an-sásta leis sin agus ní dhearnadh léirmheas ar bith air.

LV: Ghnóthaigh an t-úrscéal sin, An Cléireach (2007), arb é do chéad úrscéal é, duais ollmhór Oireachtais suim bhlianta ó shin. Cuireadh amach úrscéal eile leat Na Comharthaí (2014) le deireanas freisin. Bhíodar éagsúil go maith lena chéile. Tugtar ‘úrscéal stairiúil’ nó ‘úrscéal staire’ fiú ar An Cléireach. Agus táim ag ceapadh le breathnú ort anois díreach nach bhfuil tú sásta leis an lipéid sin.

DÓS (ag meangadh): Ní airím gur ‘úrscéal staire’ An Cléireach. Sílim in amanntaí go gcúngaíonn an téarma ‘úrscéal staire’ úrscéal, mar go dtarraingíonn sé rómhór ar an ‘rómáns’ staire. Ar an láimh eile, tá an oiread sin úrscéalta staire ann a thrasnaíonn an teorann agus atá in ann a bheith ina ngnáthúrscéalta ‘liteartha’.

LV: Meas tú gurb é an dála céanna é le Fontenoy Liam Mhic Cóil? Tugtar ‘úrscéal staire’ air sin freisin.

DÓS: An rud faoi Fontenoy, áfach, bhí sé deacair ormsa ‘úrscéal staire’ a thabhairt air. Feicim mar úrscéal faoin stair é.

LV: Úrscéal staireagrafaíoch, más maith leat.

DÓS. Sea. Tá sé ag labhairt ar pheirspictíocht na staire agus b’fhéidir peirspictíocht na fírinne.
_________________