lundi 14 janvier 2019

Stádas na Gaeilge san Eoraip agus an tAistriúchán: Riachtanach (P. S. Ó Murchú, Meon Eile, 14/01/2019)

Stádas na Gaeilge san Eoraip agus an tAistriúchán: Riachtanach
le P. S. Ó Murchú 
Meon Eile, (14/01/2019)

[...] Tá a lán buntáistí ann an Ghaeilge a bheith mar theanga oifigiúil san AE. Bíonn fáil ar eolas ón AE i nGaeilge i bhfad níos rialta agus ar chaighdeán níos airde ná mar a bhíonn i gcás Rialtas na hÉireann. Cruthaítear agus daingnítear téarmaíocht, leathnaítear stór focal, cinntíonn sé gur féidir leis na Gaeil an teanga a áireamh agus iad ag cur isteach ar obair san AE. Murach an stádas seo chuirfí slua mór de Ghaeilgeoirí cumasacha ó dhoras toisc nach mbeadh an tríú ‘teanga Eorpach’ acu. An t-aon fhógra Gaeilge atá feicthe agam ar Instagram ba ón AE a tháinig sé. Normalú teanga é sin. 

[...] Cad atá á rá agam más ea? Is ionann stádas na Gaeilge (san Eoraip agus sa bhaile) agus an teanga a fhorbairt agus a chosaint. Méadaíonn an stádas an seans go mbeidh sí á labhairt i gceann 100 bliain. Tá lochtanna áirithe ar ghnéithe den bhealach a gcuirtear an stádas i bhfeidhm ach ní dócha gur ann don chóras gan locht. Caiteachas riachtanach atá ann dar liom. Is cinnte gur tábhachtaí go mór tacú le pobail agus le tuistí a thógann a bpáistí le Gaeilge ach ní rogha idir eatarthu é. Cuimhnítear leis, ainneoin bhuaileam sciath na n-aonteangaithe anglafónacha, nach mbíonn ach fíorbheagán cearta ag Gaeilgeoirí. [...]  Bíodh stádas ceart ag an nGaeilge san Eoraip, óir nach bhfuil aon áit eile.
______________