lundi 11 mai 2020

An chéad mhórfhoclóir Béarla-Gaeilge le 60 bliain anuas curtha chuig na clódóirí (Tuairisc, Bealtaine 11 2020)

An chéad mhórfhoclóir Béarla-Gaeilge le 60 bliain anuas curtha chuig na clódóirí
1,800 leathanach atá sa Concise English-Irish Dictionary a bhfuiltear ag súil lena sheoladh an fómhar seo
(Tuairisc Dé Luain, Bealtaine 11 2020)

Tá an chéad mhórfhoclóir Béarla-Gaeilge nua le breis is 60 bliain seolta chuig na clódóirí.

1,800 leathanach atá sa Concise English-Irish Dictionary a bhfuiltear ag súil lena sheoladh an fómhar seo. 30,000 ceannfocal atá san fhoclóir nua a bhfuil Pádraig Ó Mianáin, scoláire Gaeilge as Doire, ina Phríomh-Eagarthóir air.

Tá an saothar nua bunaithe ar foclóir.ie, an foclóir ar líne atá áirithe ar cheann de na tograí Gaeilge is uaillmhianaí agus is tábhachtaí dá raibh ann le fada.

48,000 ceannfhocal atá sa bhfoclóir ar líne ach ar ndóigh ba ghá ciorruithe a dhéanamh don leagan clóite. 1,700 leathanach atá i gcorp an fhoclóra agus beidh 80 leathanach d’fhorlíonadh teanga agus gramadaí ann.

Is é Foclóir an Mhianánaigh, togra de chuid Fhoras na Gaeilge, an chéad saothar dá leithéid ó foilsíodh foclóir Thomáis de Bhaldraithe i 1959.

8,000 cóip den fhoclóir nua atá le foilsiú agus comhlacht Éireannach atá lonnaithe san Iodáil a chuirfidh i gcló é. Táthar ag súil an foclóir nua a sheoladh ag tús na scoilbhliana nua mí Mheán Fómhair.

Dúirt Bainisteoir Thionscadal foclóireachta Fhoras na Gaeilge, Cormac Breathnach, le Tuairisc.ie gur údar mór sásaimh d’fhoireann an fhoclóra gur éirigh leo an beart a dhéanamh agus an saothar a chur díobh tráth a bhfuil deacrachtaí go leor le sárú ag daoine de bharr na paindéime.

“Cúis áthais dúinn go léir gur cuireadh an leagan clóite den Fhoclóir Nua Béarla-Gaeilge go dtí na clódóirí Dé Luain. Bhí deacrachtaí suntasacha gan choinne le sárú i gcéimeanna deiridh an fhoclóra de bharr na mbeartas atá i bhfeidhm ar fud na tíre le tamall,” arsa Cormac Breathnach.

Dúirt Breathnach go bhfuiltear lán dóchais go n-éireoidh le lucht an fhoclóra a sprioc a bhaint amach agus an Concise English-Irish Dictionary a sheoladh ag deireadh an tsamhraidh.
(Tuairisc Dé Luain, Bealtaine 11 2020)