dimanche 10 mai 2020

Creidim go bhfuil foilsitheoirí na Gaeilge ar thob dul chun cinn mór a dhéanamh… (le Darach Ó Scolaí, Tuairisc, 8 Bealtaine 2020)

Creidim go bhfuil foilsitheoirí na Gaeilge ar thob dul chun cinn mór a dhéanamh…
Fiú in aimsir na hanachaine, tá ag éirí le scríbhneoirí a lucht léitheoireachta féin a mhealladh, tacaímis leo
le Darach Ó Scolaí 
(Tuairisc, 8 Bealtaine 2020)

Thiar sa Márta, sular bhuail an ráig tinnis seo an tír, sheolamar leabhar nua Liam Mhic Cóil, Bealach na Spáinneach, ag ócáid i mbialann agus siopa leabhar Sé M’ami sa mBruiséil.

Sheol sin agus leabhar eile, aistriúchán le Colmcille Ó Monacháin ar úrscéal John Steinbeck, Ar Luch agus ar Dhuine. Ócáid mhór a bhí ann, os cionn leathchéad duine i láthair, slua nach bhfeicfeá go minic ag ócáidí den tsórt sin in Éirinn — agus oíche go maidin ann.

Cuid de mhórchuairt idirnáisiúnta Bealach na Spáinneach a bhí san ócáid sin. Bhí an leabhar le seoladh an tseachtain ina dhiaidh sin i Ráth Chairn, i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste. Ach faoin am ar bhaineamar an fód dúchais amach bhí an eochair á casadh sa nglas. Chuireamar na hócáidí a bhí beartaithe in Éirinn ar athló agus d’fhilleamar abhaile go diomúch.

Cé gur dúnadh na siopaí leabhar ar fud na tíre agus gur tháinig titim thubaisteach ar dhíolachán leabhar, bhí — agus tá — na horduithe idirlín ag teacht isteach go tréan — do Bealach na Spáinneach agus don dá leabhar eile sa triológ sin ach go háirithe.
_________________