mercredi 29 décembre 2021

Ceiltigh Chonamara agus Dúchasaigh Manhattan – meath na Gaeilge agus íobairtí daonna na nua-aoiseachta | Fearghal Mac Bhloscaidh (BLOSC 24 Dec 2021)

Ceiltigh Chonamara agus Dúchasaigh Manhattan – meath na Gaeilge agus íobairtí daonna na nua-aoiseachta 
le Fearghal Mac Bhloscaidh 
(BLOSC, 24 Dec 2021)

An lá fá dheireadh, léigh mé píosa a scríobh cara de mo chuid faoi mheath na Gaeilge, rud a chuir mé ag smaoinitú faoin teanga agus faoin choilíneachas mar aon. Tharla go raibh mé ag léamh leabhar Graeber agus Wengrow The Dawn of Everything ag an am chéanna agus rith sé liom gur úsáideadh dearcadh cúng na nua-aoiseachta le leithscéal a ghabhail do dhíothú sibhialtachtaí fud fad na cruinne. Is gá a rá ar ndóigh nárbh sibhialtacht gan smál í córas na nGael, ní mór duit ach amharc ar leabhar eile Graeber faoin fhiach le caibidil iomlán ar ár gcóras sclábhaíochta a aithint, ach tharla sé fosta gur chuir duine eile alt chugam an tseachtain seo faoi na manaigh Gaelacha a chuaigh ar deoraíocht ar mhór-roinn na hEorpa le linn na meánaoise agus ar ndóigh nach dtugtar mórán aitheantais dóibh nó d’ionchur na nGael i sibhialtacht na hEorpa ó thaobh na staireolaíochta de.

Feictear domsa go bhfuil an próiseas céanna i bhfeidhm anseo is a bhí ann maidir le stair na réabhlóide i m’alt féin, sin le rá, gur cuireadh ina leith go bhfuil an t-athbhreithniúchas “gan claonadh” nó oibiachtúil ach go nglactar gan cheistiú le léamh coilíneach na staire agus go mion minic cé gur scríobh Foster mar shampla go raibh sé idir chamáin acu teacht aniar aduaidh ar an iarghaois, i bhfírinne scríobhtar stair chinnteachaíoch ó dhearcadh na nua-aimsearthachta agus í dall ar an léirscrios a rinne aingeal na staire mar a thug Benjamin air. Dar liom féin, sin díreach an rud atá ag tarlú maidir leis na manaigh ar an mhór-roinn agus cuid mhaith den staireolaíocht fúthu. […]
———————