‘Ní mór duit a bheith umhal do dhuine éigin!’ : ‘Gaspal’ Bob Dylan le craobhscaoileadh i nGaeilge…
Seo an chéad bhlaiseadh de liricí na leaganacha Gaeilge d’amhráin de chuid Bob Dylan atá cumtha ag Gabriel Rosenstock do sheó nua IMRAM, ‘Buail na Cloig/Ring them Bells’…
Bhain conspóid mhór le ‘blianta na Críostaíochta’ ag Dylan, ach aithníonn go leor anois iad ar cheann de na tréimhsí is bisiúila, is spéisiúla agus is spleodraí ina shaol ceoil. An file Gabriel Rosenstock a chuir Gaeilge ar liricí Dylan:
Bheith umhal do dhuine éigin
| Gotta Serve Somebody D’fhéadfá bheith i d’ambasadóir, Sasana, an Fhrainc, Tugtha don chearrbhachas, pinginí sna bainc, D’fhéadfá bheith id churadh trom-mheáchain ar an domhan Nó bheith tugtha do na péarlaí, a chailín deas donn. TUILLEADH
**** A Aingil Dhílis | Precious Angel ’Aingil dhílis, conas faoin ngréin Conas nár bhraitheas-sa tú le mo thaobh A léireodh dom mo dhaille, a léireodh mé ar strae Nach lag a bhí an bonn fúm is gan ach gaineamh fé? TUILLEADH
****
Buail na Cloig | Ring them Bells Buail na cloig, a bhodaigh Ó chathair úd na néal Buail na cloig ó na tearmainn Thar na gleanntáin go réidh Táid leathan táid domhain Is an saol bunoscionn Is an t-am ag rith ar gcúl An bhrídeog leis is trua. TUILLEADH
Leabhar nua le Louis de Paor seolta in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Ba é Michael Cronin a sheol leabhar nua Louis de Paor 'Ag caint leis an Simné', cnuasach aistí faoi nualitríocht na Gaeilge agus dúshlán an traidisiúin, ag ócáid in Institúid Uí Mhóra, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Is é Cló Iar-Chonnacht a d'fhoilsigh.
Labhrann an file agus scríbhneoir Louis de Paor faoina leabhar nua a seoladh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Déardaoin, an 13 Meán Fómhair.
Tá crapadh na Gaeilge, ró-ualach riaracháin, easpa scríbhneoirí agus eagarthóirí oilte, agus easpa léitheoirí agus léirmheastóireachta luaite ag stiúrthóirí Chois Life lena gcinneadh an comhlacht foilsitheoireachta mórchlú a scor ag deireadh na bliana seo chugainn. Deir stiúrthóirí Chois Life, Caoilfhionn Nic Pháidín agus Seán Ó Cearnaigh, chomh maith go bhfuil “crapadh na teanga mar aon le díothú na nualitríochta as na hollscoileanna tubaisteach d’fhoilsitheoir liteartha agus d’údair chruthaitheacha na Gaeilge”. Sa ráiteas a chuir stiúrthóirí Chois Life, Caoilfhionn Nic Pháidín agus Seán Ó Cearnaigh, amach inniu ag fógairt scor an chomhlachta, déantar trácht go neamhbhalbh ar na dúshláin atá roimh fhoilsitheoirí na Gaeilge agus ar an ngéarchéim atá ann ó thaobh scríbhneoireachta agus léitheoireachta sa teanga.
Is athinsint bhríomhar bheoga atá in Conaire Mór ar an eipic Sean-Ghaeilge Togail Bruidne Da Derga — sceal a thosaíonn le rí á ghairmeadh de Chonaire agus a chríochnaíonn lena mharú brúidiúil ar bhruach na Dothra. Na hiontaisí ar fad atá i dtraidisiún na seanscéalta, tá siad ar fáil go flúirseach in imeachtaí an scéil, idir mhacghníomhartha Chonaire agus a theacht i réim, na blianta a raibh Éirinn faoi bhláth lena linn, agus an tuar báis nárbh fhéidir a shéanadh. Seo scéal nár insíodh i nGaeilge le beagnach míle bliain, ach tá Conaire Mór i réim anois arís ar deireadh. Is é an file Diarmuid Johnson a rinne an t-athscríobh ar an mbuntéacs.
"Athinsint ar scéal ó ré na Sean-Ghaeilge, tragóid atá inchurtha le Macbeth Shakespeare. Cé go bhfuil na carachtair agus na himeachtaí céanna againn sa leagan nuachumtha seo, tá Johnson tar éis insint úrnua a thabhairt dúinn, insint a gheofá ó úrscéalaí na haoise seo a bhí ina sheanchaí oilte dhá chéad bliana ó shin." — Dennis King, blog 'Nótaí Imill'.
"Leabhar an-shuaitheansach. Athinsint shamhlaíoch chruthaitheach ar cheann de na scealta is tábhachtaí dá bhfuil aqainn ó litríocht na Sean-Ghaolainne." — Breandán Ó Cróinín, Léirmheas Leabhar TG4
“Sár-scríbhneoir is ea Diarmuid Johnson; is léir tuiscint dhomhain aige ar litríocht agus ar ghnáis na Gaeilge, ionas nach mbraithimid aon ní aduain ná tacar san athinsint. Is fileata saibhir an prós aige, agus éiríonn leis saibhreas liteartha agus rithimí an bhunshaothair a shlánú. Ó thosach deireadh beidh idir iontas agus aoibhneas ar an té a léifidh an leabhar seo, agus ina theannta sin beidh tuiscint níos fearr aige ar thraidisiún liteartha na nGael.” — Tadhg Ó Loingsigh, FEASTA
“Beidh an léitheoir faoi dhraíocht ag an leabhar suntasach seo, agus tá Leabhar Breac le moladh go hard as an dúthracht atá caite acu le réiteach agus le cur i láthair an leabhair. Cuidíonn an dearadh ar ardchaighdeán go mór chun an scéal spleodrach a chur go bríomhar i láthair an léitheora, agus tá dul na Gaeilge san insint nua seo le moladh.” — Moltóirí an Oireachtais
Tuatha Dé Danann Diarmuid Johnson Leabhar Breac €16.00 120 lch, clúdach crua, ISBN 978-1-911363-20-0
Is le misneach mór, le héirim aigne, agus le feabhas a gcuid draíochta a bhain Tuatha Dé Danann seilbh na hÉireann de na Fir Bolg fadó, agus is le dícheall agus le díograis na dtréanfhear agus na ndeithe a shéan siad ceannas an oileáin ar na Fomhóraigh lá ab fhaide anonn.
Athinsint bhreá bhríomhar atá sa leabhar seo ar theacht Thuatha Dé Danann, scéal a bhaineann le dúchas na nGael agus le flaitheas na hÉireann.
Scéal flaithiúnais, scéal dúchais, scéal ársa agus scéal nua — sin é atá i scéal na n-eachtraí faoi mar atá inseacht agus aithris orthu sa leabhar beag eipiciúil seo. Cé mar a baineadh an ghéag de Nuadha, cérbh é Lugh Lámhfhada, cén tairngreacht do Bhalar na Súile Nimhe, agus cén bhandáil a bhí ag an Daghda cois Éirne?
Is as na seanleabhair léinn a bhain an t-údar freagraí na gceisteanna seo, ceisteanna faoi ghnéithe den réamhstair atá faoi bhrat ceo leis na céadta bliain. Teacht agus imeacht na dTuatha Dé Danann is ábhar agus is téama don leabhar. Sin, agus an chéad lá ar leag clanna Gael cois ar chladaí Inse Fódla.
"’S ann anns an aon bhliadhna – 1767 – a nochd an Tiomnadh Nuadh Gàidhlig agus an leabhar laoidhean aig Dùghall Bochanan. Bidh mi gu tric a’ beachdachadh air dè an ceangal a tha eadar an dà leabhar. Am faod e a bhith gur h-ann mar thaing airson na rinn e air an Tiomnadh Nuadh – gun aithneachadh bho bhuidhnean no bho eaglaisean, agus le glè bheag pàighidh – a chaidh an leabhar aige fhoillseachadh? An e Seumas Stiùbhart a bha air chùl a’ ghnothaich, ’s esan, seach duine sam bith, a’ tuigsinn luach na h-obrach a rinn Dùghall aig deifir ìrean?"