dimanche 10 mai 2020

Creidim go bhfuil foilsitheoirí na Gaeilge ar thob dul chun cinn mór a dhéanamh… (le Darach Ó Scolaí, Tuairisc, 8 Bealtaine 2020)

Creidim go bhfuil foilsitheoirí na Gaeilge ar thob dul chun cinn mór a dhéanamh…
Fiú in aimsir na hanachaine, tá ag éirí le scríbhneoirí a lucht léitheoireachta féin a mhealladh, tacaímis leo
le Darach Ó Scolaí 
(Tuairisc, 8 Bealtaine 2020)

Thiar sa Márta, sular bhuail an ráig tinnis seo an tír, sheolamar leabhar nua Liam Mhic Cóil, Bealach na Spáinneach, ag ócáid i mbialann agus siopa leabhar Sé M’ami sa mBruiséil.

Sheol sin agus leabhar eile, aistriúchán le Colmcille Ó Monacháin ar úrscéal John Steinbeck, Ar Luch agus ar Dhuine. Ócáid mhór a bhí ann, os cionn leathchéad duine i láthair, slua nach bhfeicfeá go minic ag ócáidí den tsórt sin in Éirinn — agus oíche go maidin ann.

Cuid de mhórchuairt idirnáisiúnta Bealach na Spáinneach a bhí san ócáid sin. Bhí an leabhar le seoladh an tseachtain ina dhiaidh sin i Ráth Chairn, i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste. Ach faoin am ar bhaineamar an fód dúchais amach bhí an eochair á casadh sa nglas. Chuireamar na hócáidí a bhí beartaithe in Éirinn ar athló agus d’fhilleamar abhaile go diomúch.

Cé gur dúnadh na siopaí leabhar ar fud na tíre agus gur tháinig titim thubaisteach ar dhíolachán leabhar, bhí — agus tá — na horduithe idirlín ag teacht isteach go tréan — do Bealach na Spáinneach agus don dá leabhar eile sa triológ sin ach go háirithe.
_________________

vendredi 1 mai 2020

Gaisgeach na Gàidhlig: Ruairidh MacIlleathain


Gaisgeach na Gàidhlig: Ruairidh MacIlleathain
_________________________________

jeudi 16 avril 2020

Cúrsaí Staire: "What's in a name?" le Vincent Morley (15/04/2020)

Portráidí d'údair Ghaeilge
Cúrsaí Staire: 
"What's in a name?" 
le Vincent Morley (15/04/2020)

Is annamh a fhoilsítear leabhar staire i nGaeilge. B’fhéidir nár mhiste dhá abairt a bhí le léamh anseo cúig bliana ó shin a chur os bhur gcomhair arís:
Is amhlaidh nár foilsíodh oiread is suirbhé téagartha amháin ar stair na hÉireann i nGaeilge ó thús deireadh an 20ú céad. Cuireadh Gaeilge ar chorr-stair a scríobhadh i mBéarla, gan amhras, ach ní hionann an saghas staire a scríobhtar le haghaidh lucht léite an Bhéarla (bíodh Gaeilge ag an údar nó ná bíodh) agus an saghas staire a scríobhfaí i mbunsaothar Gaeilge.
Bíonn an fhírinne searbh go minic ach is cóir í a admháil i gcónaí. Tá tuairim agam go bhfuil leabhair staire i nGaeilge chomh tearc sin, agus gur mhair an ganntanas chomh fada sin, go nglactar leis mar fheiniméan nádúrtha anois.
________________

mercredi 12 février 2020

Ag cuimhneamh na bpílear | Vincent Morley (Cúrsaí Staire 11/02/2020)

Ag cuimhneamh na bpílear
le Vincent Morley 
(Cúrsaí Staire 11/02/2020)

Is mian leis an rialtas – an rialtas a chaill an toghchán a bhí ann Dé Sathairn seo caite – is mian leo go dtabharfaimis an Royal Irish Constabulary (RIC) chun cuimhne. Ós rud é gur saoránach dílis mé, táim sásta gar a dhéanamh dóibh, gan íocaíocht a lorg, agus cuirfidh mé cúpla tagairt do na pílir ó litríocht na Gaeilge faoi bhráid léitheoirí Chúrsaí Staire. Ach ar dtús, ba mhaith liom cúpla focal a rá faoin searmanas cuimhneacháin a bhí beartaithe ag Charlie Flanagan, an t-aire ‘dlí agus cirt agus comhionnanais’ (tá a fhios agam gur amscaí an teideal é ach ní mise a chum), don 17 Eanáir 2020. Chualathas cuid mhaith cur i gcéill ó fhoinsí oifigiúla, ó thráchtairí agus ó staraithe sna laethanta sular cuireadh an ócáid chuimhneacháin ar athló agus ba mhaith liom roinnt de na tuairimí a nochtadh ag an am a scrúdú.
_______________________

samedi 28 décembre 2019

Oíche Nollag (Cór Alumni OÉ Gaillimh)


Oíche Nollag - Cór Alumni OÉ Gaillimh
Is amhrán Nollag nuachumtha é seo, atá á chanadh ag Cór Alumni OÉ Gaillimh. Is ón dán ‘Oíche Nollag’ le Máire Mhac an tSaoi a thagann formhór na bhfocal san amhrán agus tá glór an fhile féin le cloisteáil sa taifeadadh. Is le cead ón bhfile agus le tacaíocht ó Chartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta a déanadh an taifeadadh. Is iad John Caulfield agus Peter Mannion (stiúrthóir an chóir) a chum an leagan nua seo, agus i measc na nguthanna éagsúla tá an soprano Lorraine Gilchreest.

Eolas faoin gCór
Is céimithe de chuid na hollscoile a bhíonn ag canadh i gCór Alumni OÉ Gaillimh. Cé go bhfuil siad ag cur fúthu anois timpeall na tíre (agus thar lear) tagann siad le chéile go minic chun páirt a ghlacadh i bhféilte córúla in Éirinn agus chun amhráin a thaifeadadh le chéile.
_________________________________

vendredi 29 novembre 2019

'Ar Luch agus ar Dhuine' le John Steinbeck

Ar Luch agus ar Dhuine
John Steinbeck
€16.00
Luach Speisialta €14.00
Le Réamhordú ar Lascaine go dtí 13 Nollaig
120 lch; clúdach crua: ISBN 978 1 911363 22 4

Eagrán álainn Gaeilge den tseanchlasaic le John Steinbeck Of Mice and Men a céadfhoilsíodh in 1937, ceann de mhórshaothair na haoise seo caite.

Beirt spailpíní iad George agus Lennie, i gCalafóirne i dtríochaidí an chéid seo caite. Fathach urrúnta ‘ar chiall na bpáistí’ é Lennie agus bíonn George ag tabhairt aire dó. Agus cé nach bhfuil acu de mhaoin an tsaoil ach an t-éadach ar a ndroim, tá aisling acu – feirm bheag a cheannach dóibh féin agus a bheith ‘beo ar mhéith na tíre’.
An Garbhadas, an Mhíofaireacht agus an Suarachas
Ar Luch agus ar Dhuine ar cheann de na scéalta is cumhachtaí dár scríobh John Steinbeck. Tá an garbhadas ann, agus an mhíofaireacht agus an suarachas, ach is é an cineáltas agus an grá atá in uachtar. Scéal gairid é ach, más ea féin, beidh cuimhne fhada air ag an té a léifidh.

An saothar seo le Colmcille Ó Monacháin, tá sé ar cheann de na heiseamláirí aistriúcháin is breátha dá ndearnadh le tamall de bhlianta.
___________________________________

lundi 4 novembre 2019

An Chatalóin: Stát nua de chuid na hEorpa? (Vincent Morley, Cúrsaí Staire 12/12/2012)


An Chatalóin: 
Stát nua de chuid na hEorpa?
(Vincent Morley, Cúrsaí Staire 12/12/2012)
Ag breacadh an lae, an 11 Meán Fómhair 1714, d’ionsaigh arm Francach agus Spáinneach cathair Barcelona. Níos mó ná 40,000 fear a bhí san arm aontaithe seo i gcomórtas le harm beag de 10,000 Catalónach a bhí ag cosaint na cathrach. Bhíodh buntáiste nár bheag ag an lucht cosanta i gcogaíocht an 18ú céad, áfach, agus b’éigean do na comhghuaillithe a ngunnaí móra a dhíriú ar Barcelona ó lár mhí Iúil go dtí mí Mheán Fómhair sula raibh dóthain damáiste déanta d’fhallaí na cathrach chun an t-ionsaí a dhéanamh. I measc na saighdiúirí a réab isteach trí na bearnaí bhí ceithre reisimint Éireannacha i seirbhís na Fraince – reisimintí Dillon, Lee, Berwick agus Bourke. ‘Géanna fiáine’ ba ea na saighdiúirí seo agus bhí James Sarsfield (1693-1719), Iarla Leamhcáin agus aonmhac Phádraig Sáirséal, ar dhuine de na hoifigigh a goineadh sa troid fhíochmhar. Tuairim is 10,000 de na hionsaitheoirí agus 6,000 de na cosantóirí a maraíodh nó a goineadh sular ghéill na Catalónaigh timpeall a ceathair a chlog um thráthnóna.
________________________
Freisin:
Tomás Mac Síomóin: Ceachtanna ón gCatalóin
________________________