jeudi 30 octobre 2014

Dooyeweerd: Cha tèid càil air chall ann an Crìosd

Jan Davidsz. de Heem, "Triopall le Blàthan is Measan"

     Cha tèid càil san t-saoghal Dia-àicheil seo air chall ann an Crìosd. Chan eil pàirt sam bith de fhànas, chan eil beatha thìmeil sam bith, chan eil gluasad tìmeil no lùths tìmeil, chan eil cumhachd, gliocas, maise, gràdh, creideamh no ceartas sam bith as urrainn dhan t-saoghal pheacach a chùmail mar shealbh aige fhèin as aonais Chrìosd....Tha e gu tur taing do ghràs coitcheann Dhè ann an Crìosd gu bheil meadhanan sam bith air am fàgail san t-saoghal thìmeil a chur an aghaidh neart sgriosail nan eileamaidean a fhuair ma sgaoil; gu bheil meadhanan ann fhathast a bhith strì an aghaidh galair, gu bhith bacadh thinneasan-inntinn, gu bhith cur smaoineachaidh loidsigich an gnìomh, gu bhith sàbhaladh leasachaidh chultaraich bho dhol sìos ann am buirbe mi-chneasta, gu bhith ag altram cainnt, gu bhith gleidheadh comas a' chonaltraidh shòisealta, gu bhith seasamh an aghaidh mi-cheartais, agus mar sin air adhart. Tha na nithean uile seo mar thoradh air obair Chrìosd, fiù 's mas do nochd E air an talamh. Bhon toiseach sheall Dia air A chruitheachd leagte ann an solas an t-Slànaigheir."
(Herman Dooyeweerd, A New Critique of Theoretical Thought, Vol II p 34)
____________________

‘Googly Gaeilge’ agus ‘Bí uisce cliste’

‘Googly Gaeilge’ agus ‘Bí uisce cliste’
FRIOTAL – Is é an donas ar fad mar atá Google Translate i ndiaidh greim gnáis a fháil ar eagraíochtaí na hearnála poiblí. Dar leo gur Dia a chuir chucu an bréagán seo le go mbeidh siad ábalta tic a chur i mbosca an dátheangachais

Antain Mac Lochlainn (Deireadh Fómhair 30 2014)

Is é mo laoch Ivan Connaughton, iarrthóir Fhianna Fáil san fhothoghchán i Ros Comáin/Liatroim Theas. Chuir fuarchúis agus faillí an Rialtais a oiread sin feirge air gur chuir sé peann le pár, nó méar le méarchlár, agus chuir a racht de go fileata:
Tá an teanga neamhaird a léiríonn an easpa measa críochnaithe tá sé ar siúl i ag an rialtas. Mar shampla, a cheapadh mar Aire Gaeltachta Joe McHugh, TD, nach bhfuil líofa sa Ghaeilge, bhí nach bhfacthas riamh roimhe.
Gearán faoi lagchumas Gaeilge a scríobhadh i mBéarla (is cosúil) is a cuireadh trí inneall aistriúcháin Google – is i ré na hiar-íoróine a mhairimid gan amhras.



________________________

jeudi 23 octobre 2014

Ionsaí Ottawa: ‘Athraíonn seo beagnach achan rud’

Ionsaí Ottawa: 
‘Athraíonn seo beagnach achan rud’
I ndiaidh eachtraí an lae inniu i gCeanada tá an phríomhchathair ina cíor thuathail go fóill. 
Tuairisc ó Ottawa.

Aralt Mac Giolla Chainnigh 
(Dé Céadaoin, Deireadh Fómhair 22 2014)

Tá tuairisceoirí de chuid Bhardas Chraolachán Cheanada (CBC, Canadian Broadcasting Corporation) ag maíomh anocht go “n-athraíonn sé seo beagnach achan rud”.

Ag 9:52 r.n. inniu léim fear óg amach as gluaisteán i lár na cathrach, agus scaoil sé urchar trí bhrollach garda ag séadchomhartha cogaidh i gceantar Chnoc na Parlaiminte.

Fuair an garda bás san ospidéal go luath ina dhiaidh.  Rith an fear gunna ansin go gluaisteán eile, agus thiomáin sé leathchiliméadar siar go Tithe na Parlaiminte.  Bhrúigh sé a bhealach isteach trí dhoras iontrála  a bhí faoi dhianslándáil, agus lámhaigh garda agus duine eile sular mharaigh an Sáirsint Eagair...



__________________________

mercredi 22 octobre 2014

Beart de réir briathair is gá a dhéanamh

Beart de réir briathair is gá a dhéanamh
Ní fiú tada ‘ fearg’ na nGael má chaitear ar na meáin shóisialta nó ar stól an bheáir í. Stopaimis ag gearán nach n-aithníonn an Stát muid nuair nach n-aithníonn muidne muid féin – agus fágaimis Ballydavid, Spiddle agus Gortahurk san áit chéanna ar fhág muid Kingstown, Philipstown agus Maryborough.


Maitiú Ó COIMÍN (Deireadh Fómhair 22 2014)

Tharraing an dá alt a d’fhoilsigh Tuairisc.ie ar thorthaí phobalbhreith Millward Brown inné go leor cainte ar na meáin shóisialta agus, go deimhin, ar na meáin thraidisiúnta. An t-alt a léirigh go raibh sé i gceist ag an Aire Iompair, Paschal Donohoe, ‘athbhreithniú’ a dhéanamh ar chinneadh a réamhtheachtaí go gcuirfí an Ghaeilge ar comhchéim leis an mBéarla ba mhó a tharraing aird na ndaoine – agus bhíodar ar buile faoi.

Lasadh Twitter agus Facebook le fearg na nGael faoin gcinneadh seo agus caitheadh go leor ama ag cáineadh an Rialtais agus ag tabhairt amach.

Ach i ndeireadh na dála, ní fiú tada an fhearg seo má chaitear ar na meáin shóisialta nó ar stól an bheáir í. Ach sin an cur chuige atá ag formhór na nGael: ag gearán go glórach agus ansin ag suí ar a dtóin gan mórán eile a dhéanamh. Mar a dúirt an fear fadó, beart de réir briathair is gá a dhéanamh.



_____________________

Guthán cliste Anne Frank

Guthán cliste Anne Frank
Ní comhtharlúint é go bhfuil an focal ‘líon’ san fhocal ‘idirlíon’.

Alex HIJMANS (Deireadh Fómhair 22 2014)

Cuimhním go rialta ar thaispeántas idirghníomhach ar fhreastail mé air ag ionad Anne Frank in Amsterdam i samhradh na bliana 2008. Ní faoin Uileloscadh a bhí an taispeántas sealadach seo, ach faoi shaoirse phearsanta an duine.

Mar chuid den taispeántas, bhí ar an lucht féachana vótáil i bhfábhar nó i gcoinne ráiteas áirithe a teilgeadh ar scáileán mór. Bhí an vótáil discréideach go maith, le cnaipí nach bhfeicfeadh do chomharsana. Cúpla soicind i ndiaidh na vótála, teilgeadh an toradh ar an scáileán.

Seans nach bhfuil áit níos fearr ar chlár na cruinne ná ionad Anne Frank chun teacht ar thuairim choitianta dhomhanda faoi cheisteanna conspóideacha an tsaoil.

...Seo ceann de na ráitis a cuireadh os comhair an lucht féachana randamach, idirnáisiúnta seo an lá ar thug mé féin cuairt ar an taispeántas:
‘Ba cheart geataí fíorúla (virtual gates) a chur i bhfeidhm ag imeall na gcathracha móra a choinneodh súil ar gach duine a théann isteach agus amach.’
Vótáil mé féin i gcoinne an ráitis, ach vótáil seasca faoin gcéad den slua – tuairim is leathchéad duine a bhí i láthair – ina fhábhar. Arís is arís eile, bhí céatadán ard den slua sásta sciar suntasach dá saoirse phearsanta a ghéilleadh ar mhaithe lena sábháilteacht.



__________________________

mardi 21 octobre 2014

Gaeilge+Gàidhlig = Eadar-Ghaeilg?

Pléann Ciarán Dunbar na féidearthachtaí maidir le droichead tuisceana a thógáil thar Shruth na Maoile, agus fiafraíonn sé an féidir canúint, lena mbeadh aon duine in ann gach Gael eile a thuiscint, a thógáil?
“Gaedhilg Cho-Choitcheann? An urrainn/féidir dóigh scríobhaidh/scríobhtha Gaedhilge bh(e)ith ann a thuig(f)eas Éireannaich agus Albannaich? Tha barail/baramhail agam mun/fán chúis, ach chan eil me deiseil/réidh fhasast/go fóill airson am foillseachadh/lena bhfoillsiughadh.”
Tá an friotal cainte thuas tógtha ó shuíomh idirlín an Dr. Ciarán Ó Duibhín atá ina shaineolaí ar Ghaeilge Uladh agus ar Ghaeilge na hAlban araon. Ó léigh mé an ráiteas sin den chéaduair, is iomaí uair a rinne mé mo mhachnamh ar an cheist chéanna.

...Mar sin de, arbh fhéidir ‘Eadar-Ghaeilg’ a chruthú idir an Ghaeilge agus an Ghàidhlig?Go dtí seo níl an oiread daoine ar an eolas faoin choincheap, agus roinnt daoine ar luaigh mé leo é measartha diúltach faoi, ach cha raibh sé i gceist agam caitheamh anuas ar chanúint ar bith – bhí mé ag smaoineamh ar dhroichead tuisceana a thógáil.
Léigh an tAlt iomlán
NÓS
____________________

An tAontas Eorpach ag lorg aistritheoirí Gaeilge

Wiki
An tAontas Eorpach ag lorg aistritheoirí Gaeilge
Tá dea-scéala ann d’aistritheoirí Gaeilge. Tá Ard-Stiúrthóireacht Aistriúcháin an Choimisiúin Eorpaigh ag iarraidh aistritheoirí a earcú ar chonarthaí sealadacha a mhairfidh trí bliana ar a mhéad. Sa Bhruiséil a bheidh na haistritheoirí ag obair. Foilsíodh an Glao ar Iarratais Dé Luain an 6 Deireadh Fómhair 2014 agus tá go dtí an Aoine an 14 Samhain 2014 ag daoine chun iarratas a chur isteach.

Tá dálaí maithe oibre agus tuarastal an-mhaith (breis agus €4000 sa mhí) ag gabháil le post mar aistritheoir sa Choimisiún Eorpach.

Is í an Bhruiséil ardchathair na hEorpa. Tá sí faoi fhad uaire go leith den Fhrainc agus den Ísiltír. Ní fada uaithi Lucsamburg ná an Ghearmáin ach a oiread, agus an té ar maith leis an traein mhear ní fada uaidh Londain. Tá seirbhís laethúil eitiltí díreacha idir Aerfort Bhaile Átha Cliath agus an Bhruiséil.

Cathair ilteangach, ilchultúrtha is ea an Bhruiséil. Thar aon ardstiúrthóireacht eile sa Choimisiún is é a dhála céanna sin ag Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin é, tharla go bhfuil lucht labhartha 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh, agus tuilleadh, cruinn in aon ardstiúrthóireacht amháin. Parthas is ea é ag an té ar suim leis teangacha.

Luaitear sa Ghlao ar Iarratais na cáilíochtaí a chaithfidh bheith ag iarrthóirí. Bheadh taithí ar an aistriúchán (taithí a bhfuil fianaise uirthi), cáilíochtaí i dteangacha nó cáilíochtaí san aistriúchán, ina mbuntáiste; ach ní gá d’iarrthóirí cáilíochtaí acadúla san aistriúchán a bheith acu.

Iad siúd a bhfuil mianach aistritheora iontu, moltar dóibh an Glao ar Iarratais thíos a léamh.

Ní foláir na hiarratais bheith istigh faoin Aoine an 14 Samhain 2014.

An glao ar iarratais:

http://ec.europa.eu/dgs/translation/workwithus/staff/temporary/documents/call_temporary_translator_irish_ga.pdf

Tuilleadh eolais:

Físeán – spléachadh ar shaol an aistritheora sa Choimisiún Eorpach: https://www.youtube.com/watch?v=nkEJza_pd0o

Facebook: https://ga-ie.facebook.com/aistritheoir

Twitter: @translatores https://twitter.com/translatores (#aistritheoir)

____________________________