samedi 20 avril 2019
mercredi 17 avril 2019
Vincent Morley: CÚRSAÍ STAIRE: Aistí ar an stair, ar staraithe, agus ar scríobh na staire
jeudi 4 avril 2019
'An Eoraip agus Litríocht na Gaeilge 1600-1650' le Tadhg Dúshláine
An Eoraip agus Litríocht na Gaeilge
1600-1650:
Gnéithe den Bharócachas Eorpach i Litríocht na Gaeilge
le Tadhg Dúshláine
Baile Átha Cliath 1987
Praghas: €30.00
B'é a chuir an t-údar roimhe sa saothar seo anailís liteartha ina gcomhthéacs Eorpach a dhéanamh ar aonaid aitheanta de litríocht Ghaeilge an 17ú haois. Léirítear an comhthéacs stairiúil agus na toscaí intleachtúla is reiligiúnda a cheadaigh do scolairí Éireannacha teagmháil a dhéanamh le coinsiasacht Eorpach na linne. Déantar anailís ar an dá shaothar chráifeacha Ghaeilge is iomraití ón tréimhse sin: Trí Bior-Ghaoithe an Bháis agus Scathán Shacrumuinte na hAithridhe. Léirítear tionchar na hEorpa chomh maith ar fhilíocht na Gaeilge sa 17ú haois go háirithe ar an bhfilíocht pholaitiúil. Beidh tuiscintí nua ar litríocht na Gaeilge sa chead leath den 17ú haois le fáil ag léitheoir an leabhair seo.
_________________________
mercredi 27 mars 2019
'Cánóg Dhubh' le Simon Ó Faoláin
![]() |
| Simon Ó Faoláin (Grianghraf: RTÉ) |
- do Mharcus Mac Conghail
Cros dhubh thanaí thú san aer im’ chuimhne,
An chulaith ghruama ort ar nós múnla
Ag ceilt chré umha niamhrach do mhianaigh,
Mianach a raideann do chreatlach ar an stoirm Gheimhridh,
Mianach ag ceiliúradh an fhoréigin dhiamhar san aer id’ thimpeall.
Ach ar an dteagmháil is lú dod’ chos scamallach
déanann fórsa éigin sa talamh
Daoi cré, éan tuí, fear grinn asat,
An tuirlingt ag cumadh aoire ort
Ó bhéal na talún tur neamhghéilliúl’
Nuair a thréigeann tú neamh aeir is uisce de thimpist’.
Le heaspa tuisceana an déagóra
Ar dhainséar, ar chastacht an tsaoil,
Léimeann tú gan buaireamh ón bhfaill
Don gcéad uair
agus leathann do sciatháin
Don gcéad uair,
gan cheist ná amhras
Ach go mbéarfaidh an t-aer do mheáchan,
Is déanann.
Cuireann méarnáil leictreach An Daingin soir uait
Teaspach is fiosracht ort, go gcasann tú
– Mar a dhein na hógánaigh thiar riamh –
I dtreo shoilse an bhaile mhóir.
Chonac thú ar maidin
ós comhair an Ché Spáinneach,
Ní le dhá thaobh an bhóthair agat ach a chroílár,
tú suite ar an líne bhán,
meáchan do choirp brúite chun tosaigh ar d’ucht,
do chosa laga ag saothrú gan mhaith,
Iarsma do chlúmh gearrcaigh
ina afro áiféiseach ar chúl do chinn,
na cairteacha is na lorraithe
ag tabhairt gach cor tobann timpeall ort,
iontas ort fén bhfústar,
ar nós garsúin ó Inis Icileáin
a chuaigh sna púcaí oíche
is a dhúisigh le fáinne an lae
i lár Bangkok.
Tarrtháladh thú, is cuireadh siar thú
I mbosca bróg
chun an léimt a thabhairt athuair,
Ag filleadh ar do mhianach,
Cré umha niamhrach do mhianaigh,
Mianach a raideann do chreatlach
Mar chros dhubh thanaí ar an stoirm Gheimhridh,
Mianach ag ceiliúradh an fhoréigin dhiamhar
San aer id’ thimpeall.
Simon Ó Faoláin
_______________________
FOINSE:
(RTÉ 21 Mar 2019)
_______________________
lundi 4 février 2019
Breandán M Mac Gearailt: Léirmheas ar an scannán 'Black 47'
D’airigh mé uaim Máirtín Jaimsie agus mé ag féachaint ar ‘Black 47’
Breandán M Mac Gearailt (10 Meán Fómhair 2018)
Cliar: James Frecheville, Hugo Weaving, Stephen Rea, Freddie Fox, Barry Keoghan, Moe Dunford, Sarah Greene, Jim Broadbant, Peadar Cox, Diarmaid de Faoite
Is gearrscannán Gaeilge, tathagach é An Ranger (2008) a dhíríonn ar shaighdiúir (Owen McDonnell) agus an scrios a dhéanann sé nuair a fhilleann sé ar an bhfód dúchais i gConamara i rith an Ghorta Mhóir. Ghlac sé le ‘scilling an Rí’ nuair a chuaigh sé sna Connaught Rangers agus chaith sé blianta i gcéin i mbun cogaíochta. Thug McDonnell agus Máirtín Jaimsie taispeántais bhreátha uathu sna príomhrólanna. Ní raibh mo ghoile sásaithe, áfach, agus taibhsíodh dom riamh gur leathscannán a bhí ann mar nár cíoradh cúlra nó todhchaí an tsaighdiúra chun mo shástachta.
Dar liom go bhfuil sárshaothar dlite don Ghorta Mór agus is ábhar iontais agam i gcónaí teirce na saothar faoi.[...]
dimanche 27 janvier 2019
'An Tionscadal': Tomás Mac Síomóin (2007)
An Tionscadal
Tomás Mac Síomóin
Coiscéim 2007
LITRÍOCHT €7.50
_________________________________
Nuair a bhaineann Daithí Ó Gallchóir sráidbhaile iargúlta i sléibhte na Catalóine amach, nil aon súil aige leis an bpobal iontach atá ina gcónaí ann. Ní amháin go bhfuil sláinte an bhradáin ag gach duine acu, ach maireann siad thar dhá chéad bliain d’aois….
_________________________________
Buchbesprechung in der elektronischen Zeitschrift SCHATTENBLICK
===================================================
REZENSION/107: Tomás Mac Siomón - An Tionscadal (Gälisch) (SB)
----------------------------------------------------------------------
Tomás Mac Síomóin : An Tionscadal
Ende 2006 hat Tomás Mac Síomóin beim Oireachteas, dem alljährlichen Fest gälischer Kultur in Irland, für sein Buch "An Tionscadal" den Preis für den besten Roman des Jahres gewonnen. Ungewöhnlich wie aucherfrischend für einen gälischsprachigen Roman, hat "An Tionscadal" nichts - jedenfalls nicht direkt - mit Irland zu tun. Es kommen darin weder Kartoffelplage noch Keltischer Tiger, weder Trunksucht noch die Troubles in Nordirland, weder Bestechungsskandale noch Bauboom vor. Statt dessen befaßt sich Mac Siomóin mit Fragen universeller Natur - Leben und Sterben, Gesellschaftsordnung, Gier, Globalisierung sowie Übermacht der Konzerne und der Geheimdienste. Übersetzt heißt "An Tionscadal" "Das Projekt". Im Roman geht es um eine bahnbrechende Entdeckung, die das Leben aller Menschen auf diesem Planeten völlig verändern könnte - was mächtige Interessen auf den Plan ruft.
Die Hauptfigur des Buches, der irische Kosmopolit Daithí Ó Gallchóir, arbeitet, obwohl eigentlich gelernter Chemiker, als leitender Manager der Vermarktungsabteilung von Martell, einem weltweit führenden Pharmaunternehmen. Bei einem Aufenhalt in Barcelona bekommt der Kunstliebhaber - er beschäftigt sich in seiner Freizeit mit mittelalterlichen Kirchenfresken - eine uralte Karte in die Hände, die ihn in ein fast vergessenes Dorf führt, wo es ein ganz besonderes, religiöses Wandmotiv gibt. In Les Pedres stellt Ó Gallchóir mit Erstaunen fest, daß die Menschen dort im Schnitt über 300 Jahre alt werden und kaum bis gar keine Gesundheitsbeschwerden kennen. Wollte Ó Gallchóir übersprünglich das Foto des als verschollen geltenden Freskos für seine Sammlung aufnehmen, so geht es ihm nun um nichts weniger, als das große Geheimnis von Les Pedres zu ergründen und in Besitz zu nehmen. Zwar schweben ihm allerlei Vorteile für die Menschheit vor, letztlich aber hat er nur den persönlichen Ruhm im Sinn.
Der 1938 geborene Mac Síomóin, der seinen Doktor der Biologie an der renommierten Cornell-Universität in den USA gemacht hat und seit rund zehn Jahren in Katalonien lebt, schöpft in der Figur Ó Gallchóirs sowie den örtlichen Gegebenheiten in den östlichen Pyrenäen, wo er Les Pedres angesiedelt hat, aus dem eigenen Erfahrungsschatz. Sein Interesse für lateinamerikanische Literatur findet in der Reise Ó Gallchóirs nach Les Pedres, einer Art europäischem Shangri La, und in den Erfahrungen, die der Romanheld dort macht, seinen Niederschlag. Dieser erste Teil des Buchs, der im Jahr 2000 spielt, erinnert gelegentlich an den magischen Realismus eines Gabriel García Márquez.
Erzählt wird die ganze Geschichte in Form eines Tagebuchs, das von Ó Gallchóir geführt und in der zweiten Hälfte des Romans um fiktive Dokumente und Ausschnnitte aus dem Protokoll einer mehrtägigen Konferenz der Firma Martell in Barcelona im Jahr 2005 ergänzt wird. Auf der Konferenz wird von firmeneigenen Experten sowie hochrangigen Gästen aus Militär, Politik, Religion und Wirtschaft umfassend die Frage diskutiert, ob man das Lebenselixier Sempraviva, das Ó Gallchóir aus Les Pedres mitgebracht hat, den Menschen zugänglich machen sollte oder nicht. Diesen Teil des Buchs nutzt der bekennende Marxist Mac Síomóin geschickt, um die wichtigsten politischen Themen unserer Tage - demographische Verschiebungen, Klimawandel, Nutzung der Gentechnologie, Ressourcensicherung, Sozialabbau und "Terrorismus" - unter die Lupe zu nehmen und zu zeigen, wie einseitig und menschenfeindlich die neoliberalen Antworten auf die Herausforderungen des 21. Jahrhunderts sind. Eigentlich sind es gar keine Antworten, sondern Denkblockaden, die jede Lösung der Probleme der menschlichen Existenz unmöglich machen und jede Utopie von vornherein ausschließen.
Tatsächlich ist es der Vertreter des Vatikans, der auf der Konferenz über Fortsetzung oder Einstellung des "Projektes" den menschenfreundlichsten und philosophisch weitgreifendsten Ansatz präsentiert - was natürlich Bände über die erbsenzählende Sichtweise der versammelten Anthropologen, Finanzexperten, Psychologen, Soziologen usw. spricht. Hier zeigt Mac Síomóin, der selbst sowohl preisgekrönter Dichter als auch Übersetzer des Werkes des nicaraguanischen Befreiungstheologen Ernesto Cardenal Martínez aus dem Spanischen ins Gälische ist, daß der christliche Glaube nicht zwingend den Einsatz für eine bessere Welt im Hier und Jetzt ausschließt. In "An Tionscadal" hat Mac Síomóin viele aktuelle politische Fragen, die er sonst in seinen pointierten und anregenden Artikeln für Zeitschriften wie Comhar oder Red Banner verarbeitet, zu einer packenden Erzählung zusammengefaßt. An diesem empfehlswerten Roman wäre höchstens zu kritisieren, daß die Figuren, einschließlich der des Ó Gallchóirs, etwas eindimensional gezeichnet werden. Doch möglicherweise war dieser Eindruck vom Autor gewollt, um die Verarmung des modernen Menschen im Hamsterrad der Konsum- und Leistungsgesellschaft zu unterstreichen. (28. Juli 2008)
Tomás Mac Síomóin
An Tionscadal
Verlag Coiscéim (www.coisceim.ie), Dublin, 2007.10
208 Seiten
__________________________________________
lundi 21 janvier 2019
ColúnLee: Agallamh eisiach le Darach Ó Scolaí, foilsitheoir
![]() |
| Darach Ó Scolaí |
Agallamh eisiach le Darach Ó Scolaí, foilsitheoir
(ColúnLee: 12 Ean 2019)
Cuireann Lee Vahey an scríbhneoir, an foilsitheoir, an t-eagarthóir, agus an t-iar-ealaíontóir, Darach Ó Scolaí faoi agallamh. Cíorann siad an litríocht, an léitheoireacht, an fhoilsitheoireacht, leabhair Ghaeilge, agus an dúshlán a bhaineann le léirmheastóireacht shásúil i bpobal an-bheag. [...] Lee Vahey: De bharr a ndéanann tú ar son do chomhlachta [Leabhar Breac], áfach, agus de bharr a laghad léirmheastóireachta toirtiúla a dhéantar ar an bprós comhaimseartha, airím scaití go ndéantar dearmad gur scríbhneoir thú, gur údar bunsaothar thú. Tá saothar suntasach d’úrscéalta, drámaí, aistriúcháin, leabhra do pháistí, agus athleaganacha ar sheanscéalta curtha díot. Cén meas atá agatsa ar an gcaoi a gcaitear le do shaothar? Abair, ba chúis chlamhsáin ag Alan Titley roinnt blianta ó shin nach dtugtar aitheantas a ndóthain do phrósairí comhaimseartha. Dar le hAlan, ba tusa duine de na húdair siúd a bhí ligthe i bhfaillí ag an aos critice. An cuma leat sin? Nó an bhfuil tú sásta fad is go léitear do shaothar?
Darach Ó Scolaí: Is cuma agus ní cuma. Ní maith liom go bhfuil cúrsaí léirmheastóireachta chomh dona sin. Mar a dúirt mé cheana, ní dóigh liom go ndéantar a ndóthain daoine a mhealladh chun léirmheasa. Ní dóigh liom go gcuirtear a ndóthain brú ar scríbhneoirí léirmheas a scríobh, mar is iad na scríbhneoirí atá ag éileamh na léirmheasanna. Níl sé folláin go mbeadh a laghad sin léirmheastóireachta dá déanamh. Níl sé folláin. Thairis sin, tá an dara heagrán de An Cléireach foilsithe. Tá mé an-sásta leis sin agus ní dhearnadh léirmheas ar bith air.
LV: Ghnóthaigh an t-úrscéal sin, An Cléireach (2007), arb é do chéad úrscéal é, duais ollmhór Oireachtais suim bhlianta ó shin. Cuireadh amach úrscéal eile leat Na Comharthaí (2014) le deireanas freisin. Bhíodar éagsúil go maith lena chéile. Tugtar ‘úrscéal stairiúil’ nó ‘úrscéal staire’ fiú ar An Cléireach. Agus táim ag ceapadh le breathnú ort anois díreach nach bhfuil tú sásta leis an lipéid sin.
DÓS (ag meangadh): Ní airím gur ‘úrscéal staire’ An Cléireach. Sílim in amanntaí go gcúngaíonn an téarma ‘úrscéal staire’ úrscéal, mar go dtarraingíonn sé rómhór ar an ‘rómáns’ staire. Ar an láimh eile, tá an oiread sin úrscéalta staire ann a thrasnaíonn an teorann agus atá in ann a bheith ina ngnáthúrscéalta ‘liteartha’.
LV: Meas tú gurb é an dála céanna é le Fontenoy Liam Mhic Cóil? Tugtar ‘úrscéal staire’ air sin freisin.
DÓS: An rud faoi Fontenoy, áfach, bhí sé deacair ormsa ‘úrscéal staire’ a thabhairt air. Feicim mar úrscéal faoin stair é.
LV: Úrscéal staireagrafaíoch, más maith leat.
DÓS. Sea. Tá sé ag labhairt ar pheirspictíocht na staire agus b’fhéidir peirspictíocht na fírinne.
_________________
Inscription à :
Articles (Atom)









