dimanche 18 octobre 2020

Ní comóradh céad ach leac cuimhneacháin atá de dhíth ar ár dtír bheag féin (le BLOSC Oct 16 2020)

Ní comóradh céad ach leac cuimhneacháin 
atá de dhíth ar ár dtír bheag féin
le BLOSC 
(Fearghal Mac Bhloscaidh, Oct 16, 2020)
[...] Le bua na hiarghaoise, maíonn an bheirt go raibh an locht ar na radacaigh agus gur cheart ligint do Terence O’Neill leasaithe a chur i bhfeidhm – conclúid choimeádach chámasach a chuireann an locht ar na híospartaigh agus a chuidíonn le daoine áirithe codladh sa oíche agus iad gléasta i gculaith caorach nó eirmín Theach na dTeachtaí. Ach sionnaigh i gcraiceann caorach atá iontu agus más fhianaise atá uait, ba cheart dúinn súil siar a chaitheamh ar chomóradh eile nó cothrom lae an dara mórshiúil chearta sibhialta i nDoire ar 5 Deireadh Fómhair 1968 mar chan amháin gur fhás an PD amach as an eachtra seo, ach go mínítear taobh istigh d’aon léiriú an fáth nach dtiocfaidh smidín na fírinne amach as fóram an tuaiscirt. Tá íomhánna an lae greanta ar chuimhne na ndaoine agus seachadadh an smachtín ó shearbhóntaí an stáitín craolta fud fad an domhain ag criú ceamara RTÉ. Baineadh geit as an tsaol agus a máthair agus baineadh síor-shotal de na Sasanaigh a shíl go raibh an scéal suarach seicteach suaimhnithe go stuama sna Sé Chontae acu ar shiúl ó shúile an tsaoil mhóir. [...]
___________

dimanche 4 octobre 2020

An chéad mhórfhoclóir Béarla-Gaeilge le 60 bliain anuas: The Concise English-Irish Dictionary (Meon Eile)

  

Tá an chéad mhórfhoclóir Béarla-Gaeilge ó cuireadh Foclóir de Bhaldraithe i gcló sa bhliain 1959 anois ar fáil. 1,800 leathanach agus níos mó ná 30,000 ceannfocal atá sa The Concise English-Irish Dictionary, a foilsíodh an mhí seo caite.


Is leagan coimrithe é an foclóir Béarla-Gaeilge seo den Fhoclóir Nua Béarla-Gaeilge atá le fáil ar líne ag focloir.ie ach mhothaigh an lucht eagarthóireachta go raibh sé tábhachtach freastal orthu siúd nach bhfuil fáil acu ar an suíomh gréasáin. Ní hamháin sin ach bhí sé thar am go raibh mórfhoclóir i bhfoirm leabhair curtha i gcló agus Gaeilge nua-aimseartha ár linne le feiceáil ann, go háirithe agus na céadta focal nua i ndiaidh teacht isteach sa chaint le glúin nó dhó anuas.

Thóg sé níos mó ná dhá bhliain ar fhoireann an fhoclóra The Concise English-Irish Dictionary a chur i gcló mar leabhar. Tá cumhdach cuimsithe ann ar Bhéarla na linne seo mar aon le rogha fhairsing d'aistriúcháin sa Ghaeilge chomhaimseartha. Is é seo an chéad mhórthionscadal foclóireachta de chuid Fhoras na Gaeilge.

The Concise English-Irish Dictionary ar fáil ar €30/£25 ó shiopaí leabhar anois.

lundi 21 septembre 2020

Liam Ó Flaithearta: Rogha Scéalta (Micheál Ó Conghaile a d'aistrigh ón mBéarla)

Liam Ó Flaithearta: 
Rogha Scéalta

Micheál Ó Conghaile
a roghnaidh agus a d'aistrigh ón mBéarla

Tá leagan Gaeilge de scéalta áirithe le Liam ó Flaithearta le fáil i nGaeilge anois ach ar roghnaigh, ar aistrigh agus ar fhoilsigh Micheál Ó Conghaile a rogha trí cinn is tríocha féin de ghearrscéalta an Fhlaitheartaigh.

Ainneoin gur mar scríbhneoir Béarla is mó a bhí cáil ar an Árannach Liam Ó Flaithearta (1896–1984) – na déaga d’úrscéalta agus beagnach dhá chéad gearrscéal – bhí tionchar nach beag ag an aon leabhar Gaeilge a d’fhoilsigh sé lena bheo, an cnuasach gearrscéalta Dúil (1953) Ríomhleabhar, ar léitheoirí Gaeilge. 

Sa leabhar nua seo tá Gaeilge curtha go paiteanta ag Micheál Ó Conghaile ar a rogha féin de scoth na ngearrscéalta, trí cinn agus tríocha, mar a gcíortar téamaí mar chruas agus ainnise shaol na n-oileánach Éireannach, ról na mban sa tsochaí sin, dearcadh suaithinseach Uí Fhlaithearta ar an gcléir agus ar an eaglais Chaitliceach, an spéis thar na bearta sa dúlra agus sa nádúr. Athshealbhú cruthaitheach don aonú haois is fiche.

Praghas: €15.00

Tá gach eolas le fáil ina thaobh 
______________________________
______________________________

mardi 15 septembre 2020

Lá Roald Dahl, agus aistriúcháin Ghaeilge (Pádraig Mac Oitir, Meon Eile, 15 Sept 2020)

Lá Roald Dahl, agus aistriúcháin Ghaeilge

 (Pádraig Mac Oitir, Meon Eile, 15 Sept 2020)

An 13 Meán Fómhair gach bliain déanann an domhan ceiliúradh ar an údar Roald Dahl. Rugadh Dahl sa Bhreatain Bheag in 1916 agus bhí sé ag scríobh úrscéaltaí do pháistí go dtí go bhfuair sé bás in 1990. Tá níos mó ná 250 milliún leabhar dá chuid díolta fud fad an domhain, agus scannáin déanta de roinnt acu fosta.

In imeacht na mblianta, aistríodh na leabhair go dtí 58 dteanga éagsúla, an Ghaeilge ina measc. Chuaigh Meon Eile i dteagmháil le Muiris Ó Raghallaigh, saoraistritheoir atá ag obair faoi láthair ar leabhar eile de chuid Dahl a aistriú go Gaeilge.

Bhí spéis mhór ag Muiris in úrscéalta Roald Dahl agus é ag fás aníos. Bhí sé ag iarraidh na leabhair a thabhairt dá mhac féin ach ní raibh ach dhá leabhar aistrithe go Gaeilge ag an am. Chinn sé na leabhair is mó a thaitin leis agus é óg a aistriú agus ó shin d'fhoilsigh an foilsitheoir Leabhar Breac 'Danny Seaimpín an Domhan' agus 'Na Gamail' leis, agus tá sé anois ag obair ar 'Matilda'.

Labhair Meon Eile leis faoin dúil atá aige sna leabhair seo agus na deacaireachtaí is mó a bhaineann le leabhair mar iad a aistriú.

Is féidir na leabhair a cheannach anseoanseo.
___________________________________

jeudi 10 septembre 2020

Dorchadas um Nóin (Darkness at Noon) le Arthur Koestler | Aistriúchán le Risteárd Mac Annraoi

Dorchadas um Nóin
le Arthur Koestler
Aistriúchán le Risteárd Mac Annraoi
Sept 10, 2020 

Tá aistriúchán nua le Risteárd Mac Annraoi ar an bhfód – leagan Gaeilge den leabhar Darkness at Noon le Arthur Koestler a céadfhoilsíodh i 1940.

“Dúnadh doras an chillín de phlab thaobh thiar de Rúbaiseov…”

Chaith Arthur Koestler (1905-83) saol fíoreachtrúil mar iriseoir, úrscéalaí, agus trodaire ar son an chirt. Ungárach de phór Giúdach ab ea é, fear iltíreach ildánach agus comhbhá aige le teifigh is cimí. Saoi de chuid na fichiú haoise ab ea é, agus tábhacht bhuan lena fhís. Chaith sé a dhúthracht leis an tsaoirse aigne a chothú i ngach tír.

Mór-úrscéal machnamhach is ea Dorchadas um Nóin a foilsíodh i 1941. Cáineadh ar stáit ollsmachtacha de shaghas ar bith atá ann, rabhadh d’éinne a mbeadh rómhuinnín aige as idé-eolaíocht ar bith. Ní mór aird a thabhairt ar fhírinní an chroí chomh maith leis an réasún fuarchúiseach.

Cime polaitiúil ina chillín uaigneach is ea Rúbaiseov. Tráth dá raibh, bhí sé óg idéalach, ag tnúth leis an Tír Tairngire. Tá curtha ina leith anois, áfach, gur fheall sé ar an réabhlóid a thug a ghlúin féin i gcrích. Agus an bás ag teannadh leis, tá léargas ar a shaol uaidh. Conas a tháinig drochthorthaí ar dhea-aisling? An bhfuil modhanna gránna mídhaonna ceart má chuireann siad cuspóirí uaisle chun cinn?

Is aistritheoir bisiúil é Risteárd Mac Annraoi agus cónaí air i gCorcaigh. Mar chuid dá thionscnamh chun litríocht an domhain a chur ar fáil do Ghaeil, tá aistriúcháin leis ar shaothar Franz Kafka, Erich Maria Remarque, Agatha Christie, Italo Calvino, Yann Martel, Eivgéiní Saimiatin, Stefan Zweig agus eile i gcló.

Is féidir an leabhar a fháil ó Gael-Taca i gCorcaigh.

_______________________________________

mardi 25 août 2020

An Fear Nárbh Fhéidir a Fheiscint | The Invisible Man, H.G. Wells | Leagan Gaeilge le Séamus Ó Coileáin

 

An Fear Nárbh Fhéidir a Fheiscint 
(The Invisible Man, H.G. Wells)
Leagan Gaeilge le Séamus Ó Coileáin
€12.00

“Ritheann sé leis an nGrifíneach, eolaí iontach, gurbh fhéidir ábhar ar bith a chóiriú go ceimiceach ionas nach bhfeicfeadh an tsúil dhaonna é. Caitheann sé a chuid ama agus a chuid airgid ag iarraidh an tuairim sin a chur i gcrích. Samhlaigh na rudaí a d’fhéadfadh duine a dhéanamh dá mbeadh sé dofheicthe, a dúirt sé leis féin! I ndeireadh na dála, éiríonn leis ach cén costas a bhí air i ndáiríre? Insíonn an scéal cáiliúil seo le H.G. Wells mar a d’éirigh le fear aisling a réaladh agus an tslí a chuaigh sé i gcion ar na daoine eile a casadh air, go háirithe i sráidbhaile beag tuaithe, Baile Ipa. An fíor nach mar a a shíltear a bhítear i gcónaí.”

Tá an leabhar le ceannach 
ó Shiopa Leabhar CnaG i mBÁC 
____________________________
Freisin le HG Wells:
The War of the Worlds
____________________________
_____________________________