samedi 22 mars 2014

Alan Titley: Scotti stuacacha

Scotti stuacacha
Alan Titley 
(12 Bealtaine 2011)

TÁ AN chuma air go bhfuil an Bhanríocht Aontaithe ar tí díscaoileadh. Ní láithreach bonn baill ach tá an fód ar crith. Go díreach nuair atá náisiúnaithe na sé contaetha gafa tar éis glacadh leis an socrú bunreachtúil, seo chugainn dream achrannach eile ag iarraidh mioscaise a chothú.

Ceapadh go raibh “ceist na hAlban” réitithe nuair a nascadh an dá choróin le chéile in aimsir Shéamais VI (James I do dhaoine a bhfuil léamh eile acu ar an stair); agus ina dhiaidh sin nuair a ceanglaíodh an dá thír le chéile faoi Acht na hAontachta a bhuíochas leis an “parcel of rogues”; agus ina dhiaidh sin go cinnte tar éis gur bhuaigh Stinking Billy ar Charlie Cheann Cabáiste ag Cath Chúil Lodair in 1746.

Cuireadh an tír chomh mór sin faoi chois go ndéarfá gur múnla maith ba ea é ar son smachtú tíortha eile – abraimis An tSúdáin, An Afraic Theas, An Éigipt, An Afganastáin, An Iaráic, An Chipir, An Nigéir, An India, Burma, Gána, An Chéinia, An Róidéis...lean leat féin go bun an leathanaigh de réir mar a oireann.

Tá bealach ciotrúnta cábógach ag an stair, áfach, gan dul as go ciúin. Tá na seanchuimhní mallaithe sin a thagann ar ais de shíor agus nach féidir a dhíbirt go brách.

Déantar gach dícheall ar an stair a athscríobh, ach fanann smuit ar nós amhrán agus scéalta agus oideas béil agus seanfhocal agus rud éigin adúirt duine le duine eile agus a d’eachtraigh an duine eile sin le duine eile fós é.

Níorbh é Idi Amin, mar shampla, an rí deireanach ar Albain ach mo dhuine, an Séamas thuasluaite, a scríobh leabhar ar mhaitheasaí an tobac agus ar chontúirtí na mban draíochta. Dá scríobhfaí leabhair mar sin inniu is é a mhalairt shalach a bheadh ann.

Bhí léirsithe ar na sráideanna nuair a breabadh agus nuair a bagraíodh Alba isteach sa Bhanríocht Aontaithe sa bhliain 1707. Ní móide go raibh an pobal iontach sásta go bhfaigheadh Sasana na bainisteoirí foirne peile ab fhearr agus go bhfágfaí hagaois agus filí beaga acu féin.

Is fíor go raibh cúiseanna eile ag na hAlbanaigh in aghaidh na Sasanach: bhí cogadh eatarthu mar gheall ar leabhar paidreacha uair amháin, agus chuir na Sasanaigh cosc leis an bpíb mhór ar feadh tamaill nuair a theastaigh uathu iad féin a chloisint.

Ach níl cúis ar bith an rud a nascadh le chéile 300 bliain ó shin nach bhféadfaí é a roiseadh arís. D’inis ball pairliminte Sasanach amháin an fhírinne ag an am: “Have we not bought Scotland in order that we may tax her?” Tá an mhacántacht san ar aon dul le polaiteoir Éireannach a déarfadh: “Chuamar isteach san Eoraip chun ár lámha a chur sa phota óir”, nó baincéir Eorpach adéarfadh: “Thugamar airgead daoibh ionas go bhféadfaimis sibh a lomadh agus a chreachadh ar ball!”

Aimsir Acht sin na hAontachta nuair a caitheadh míolta móra aníos ar chósta thoir na tíre thuar mórán daoine bás na críche. Ní iasc an tsamhail a thug Somhairle MacGill-Eain ach éan do chás a thíre: 
Mairg an t-sùil a chì air fairge
eun mòr marbh na h-Albann.
(Mairg an tsúil a chíonn ar an bhfarraige
éan mór marbh na hAlban.)

http://www.sorleymaclean.org/bardachd/a/an_t_eilean.htm
Dealraíonn go bhfuil an míol mór ag corraíl arís agus an éanlaith réidh chun múscailte. Tharlódh go mbeadh toghchán seo Bealtaine 2011 chomh cinniúnach le Beannach Buirn, chomh greanta sa chuimhne le sléacht Ghleann Comhain, chomh siombalach le bás Sherlock Holmes.

Os a choinne sin, áfach, cloisim go bhfuil iarrachtaí ar bun cheana féin ó dheas leis an véarsa cáiliúil úd in amhrán náisiúnta na Banríochta Aontaithe a thabhairt ar ais. Ní go rómhinic a chloistear anois é:
Lord grant that Marshal Wade
May by thy mighty aid
Victory bring.
May he sedition hush
And like a torrent rush
Rebellious Scots to crush
God save the King!
Deirtear go bhfuil coiste rúnda ag an gCamshrónach féachaint conas is ceart tabhairt faoi na “rebellious Scots” a chloí sa chás is go n-éireodh siad rómhustarach ar fad nó go gcuirfeadh siad a gcaincín aníos. Bhí Cambhéalach mar chomhairleoir ag Blair, agus is é a bheadh oilte ó dhúchas ar aon cheannairc a chur faoi chois.

Buntáiste amháin a bheadh ag Alba neamhspleách, gan amhras, ná go bhféadfadh siad a bheith páirteach sa Chomórtas Amhrán Eurofíse. In áit Jedward bheadh Hamjock nó a leithéid acu. Agus bheadh de mhaitheas ann dúinne go bhfaighimis vóta amháin eile, vóta a mbeimis ina ghátar nuair a thosnódh an comhaireamh. 
(Le cead coibhneil bho Alan Titley)

(Alan Titley, The Irish Times)
http://www.irishtimes.com/newspaper/features/2011/0512/1224296752642.html