IOHANNES Ó ÉIRINN
AGUS
MÁISTRÍ NA GRÉIGE:
AGUS
MÁISTRÍ NA GRÉIGE:
Léamh ar Shaothar Iohannes Scottus Eriugena
le Eoghan Mac Aogáin
“Anois, agus é [Iohannes Scottus Eriugena] ag plé le Teacht Amach na cruthaíochta, dearbhaíonn sé seanról Bhriathar Dé a bhí fós beo i gCríostaíocht an oirthir, mar chaomhnóir agus rialtóir na cruthaíochta go léir. Inniu féin, tá Íosa Críost Rialtóir an uile Ní, ‘Iésous Christos o Pantokratór’ ar na híomhánna is mó a scarann thoir agus thiar na Críostaíochta. [...] Is beag glacadh a bhí riamh leis an íomhá chosmach seo d’Íosa san iarthar. De réir mar a d’imigh an Chríostaíocht siar, leagadh béim níos mó ar dhaonnacht Íosa agus cailleadh an coincheap de Bhriathar Dé mar fhórsa leanúnach a choiníonn rudaí mar atá. D’fhan na foirmlí focal - mar atá siad i dtús shoiscéal Naomh Eóin, abair - ach is léamh lag, meafarach a bhí á dhéanamh orthu de réir a chéile. I scríbhinní Iohannes, áfach, is ionann Briathar Dé agus Cúis an Uile Ní.” ('Iohannes Ó Éirinn agus Máistrí na Gréige: Léamh ar Shaothar Iohannes Scottus Eriugena' le Eoghan Mac Aogáin, Coiscéim, 2009, leath.181)
___________________________
Sna cúig imleabhar dá mhórshaothar Periphyseon (Mar Gheall ar Nádúir) chuir Iohannes Scottus Eriugena (c. 810-875) cuntas ciclipéideach le chéile ar gach dá bhfuil ann: dúile dofheicthe na fisice, mionstruchtúir anatamaíochta na colainne, feidhmiú na gcéadfaí, struchtúr na hintinne, iompar an duine, rothlú na spéartha, ordlathas na n-aingeal, agus an diacht. Scáthán is ea an dúlra, a dúirt sé, ina bhfeictear íomhá den intinn, agus scáthán is ea an intinn ina bhfeictear íomhá de Dhia.Tá an scéal ar fad inste anseo ag Eoghan Mac Aogáin bunaithe ar aistriúcháin atá déanta aige ar shraith de théacsanna le Iohannes agus leis na húdair is mó a chuaigh i bhfeidhm air: na hAithreacha Gréagacha Greagóir Nyssa, Dinísias an tAiréapagach, agus Maximus an Coinfeasóir, agus an t-oideachasóir Rómhánach Martianus Capella. Díríonn Mac Aogáin aird an léitheora ar na buntéamaí Nua-Phlatónach atá le fáil i saothar Iohannes, ar na hiarsmai láidre den seamanachas atá le brath ar an láimhseáil a dhein sé orthu, agus ar an aeisteitic gan sárú a dhein sé díobh araon in Periphyseon. Agus léiríonn sé an tábhacht atá fós leis an seasamh neamhghnáthach a ghlac sé sa choimhlint idir thoir agus thiar na Críostaíochta.
"An-leabhar é seo ar dhá chúis: a léannta agus atá an cur síos agus an anailís ar fhealsúnacht agus ar dhiacht Eriugena, agus a ghreanta agus atá an stíl phróis, go háirithe an t-aistriúchán ar bhriathra Eriugena féin." (Donnchadh Ó Corráin)
"- Stair intleachtúil a linne - Johannes Scottus Eriugena, c. 810-875 - agus a shaothar, go háirithe ag cúirt an rí Chairilínsigh, Séarlas Maol.
- Cuntas tríd is tríd den smaointeoireacht ar bun meafair (mar ba dhúil don fhealsúnacht scolaíoch).
- Cur síos ar an scoilt idir oirthear (an Ghréig) agus iarthar na Críostaíochta ag an am.
- An Chríostaíocht Ghréagach. Na naisc leis an manachas in Éirinn ag an am agus roimh-ré. I gcomhthéacs an mhanachais aiséitigh seo tá plé an-suimiúil ar fad ag an údar faoin cúlra a bhí le seo: dar leis, tréith thábhachtach den domhan réamh-liteartha a bhí a rian air fós i saol an 8ú chéid ná an seamanachas (‘shamanism’ i mBéarla). Táim an-ghafa ar fad leis an leabhar seo. Tá an oiread sin ábhar machnaimh ann." (Fionn Murtagh)Coiscéim 2009 €12
Litríocht.com
_______________________________