mardi 10 octobre 2017

‘Ní coirpigh muid, nílimid as ár meabhair’ – fógra neamhspleáchais na Catalóine curtha siar ag Puigdemont (Tuairisc)

‘Ní coirpigh muid, nílimid as ár meabhair’ – fógra neamhspleáchais na Catalóine curtha siar ag Puigdemont.
Maitiú Ó CoimínTuairisc  
(Dé Máirt, Deireadh Fómhair 10 2017)

Tá fógra oifigiúil neamhspleáchas na Catalóine curtha ar athlá ag uachtarán na tíre Carles Puigdemont ar mhaithe le tuilleadh cainte agus comhrá le rialtas Madrid faoi phróiseas síochánta leis an neamhspleáchas a bhaint amach.

Dúirt Puigdemont i bparlaimint na Catalóine inniu gur “stát neamhspleách” a theastaíonn ó mhuintir na Catalóine agus gur léiríodh an mhian sin i reifreann na seachtaine seo caite.

“D’éirigh leis an bhfeachtas ar son an neamhspleáchais, ainneoin go raibh orainn troid in aghaidh an fhoréigin. Bhí an vóta ar a shon níos mó ná an vóta ina aghaidh,” a dúirt an t-uachtarán.

Dúirt sé, áfach, go molann rialtas na Catalóine “go gcuirfí ar athlá iarmhairtí fhógra an neamhspleáchais go ceann cúpla seachtain chun comhráite a thosú”.
_________________