samedi 7 octobre 2017

Tá náire ar chuid mhaith de bhunaíocht na tíre seo go bhfuil neamhspleáchas ar bith againn (Eoin Ó Murchú, Tuairisc)

Tá náire ar chuid mhaith de bhunaíocht na tíre seo go bhfuil neamhspleáchas ar bith againn

Eoin Ó Murchú 
Tuairisc (Deireadh Fómhair 7 2017)

Ba cheart dúinn tacaíocht a thabhairt do neamhspleáchas na Catalóine. Ar deireadh thiar is tábhachtaí agus is dlisteanaí toil mhuintir na Catalóine ná aon dlí a bhrúitear orthu ón taobh amuigh.

Tá rialtas réigiúnach na Catalóine ar tí neamhspleáchas na tíre sin ón Spáinn a fhógairt i ndiaidh reifreann inar thug 92% díobh siúd a vótáil tacaíocht don fhógairt.

Deir an rialtas s’againne, ámh, nach dtabharfaidh siad aitheantas don bhfógra toisc go raibh an reifreann ‘mídhleathach’ faoi dhlí is bunreacht na Spáinne.


B’fhéidir gurbh fhiú don rialtas seo, a thogh an 32ú Dáil, cuimhneamh gur fhógair na Sasanaigh go raibh an chéad Dáil i 1919 ‘mídhleathach’ freisin.

__________________________