jeudi 12 novembre 2020

Brian Ó Conchubhair | Fin de Siècle na Gaeilge: Darwin, an Athbheochan agus Smaointeoireacht na hEorpa

Obair ealaíne an chlúdaigh: 'Low Tide' le Paul Henry
Fin de Siècle na Gaeilge:
Darwin, an Athbheochan
agus Smaointeoireacht na hEorpa

Brian Ó Conchubhair
Cló Iar-Chonnacht   €10.00
"Is saothar ceannródaíoch é Fin de Siècle na Gaeilge a dhéanann mionléamh íogair, idirdhisciplíneach ar stair intleachtúil dhioscúrsa na Gaeilge sa tréimhse sin idir deireadh an naoú haois déag agus tús an fichú haois ar a dtugtar an fin de siècle. Mínítear anseo an chaoi a ndeachaigh an fin de siècle Eorpach i bhfeidhm go smior ar Athbheochan na Gaeilge agus an chaoi ar mhúnlaigh tuiscintí conspóideacha Charles Darwin idir idé-eolaíocht, chultúr, theanga agus litríocht í. Tugtar mórthéamaí na linne - meathlú, díothú ciníocha, meascadh agus truailliú fola agus cros-síolrú - chun solais i dtéarmaí na Gaeilge trí anailís a dhéanamh ar chonspóidí móra na hAthbheochana: an cló, na canúintí, an litriú, an ghramadach agus an t-úrscéal."

Ollamh cúnta i Roinn Theanga agus Litríocht na Gaeilge, Ollscoil Notre Dame, é Brian Ó Conchubhair agus is comhalta d'Institiúid Mhic Eochaidh-Uí Neachtain um an Léann Éireannach é. Bhí sé ina eagarthóir ar Gearrscéalta Ár Linne (CIC, 2006), Why Irish? Irish Language and Literature in Academia (Arlen House, 2008) mar aon le mórán alt acadúil in irisí éagsúla.

Ghnóthaigh an leabhar seo an chéad duais do shaothar próis i gComórtas an Oireachtais 2009, maoinithe ag Oireachtas na Gaeilge.
___________________________

dimanche 1 novembre 2020

"Madadh teiripe" ag Scoil an Droichid (Meon Eile, 27 Oct 2020)


Dhá bhliain ó shin chuir príomhoide Scoil an Droichid, Fionnghuala McCotter, tús le próiseas chun madadh teiripe a fháil don scoil a chuideodh le páistí a bhfuil riachtanais speisialta orthu.

Agus sa deireadh tá madadh darb ainm Lexi faighte ag an scoil anois ón eagras ADNI (Assistance Dogs NI). Thug Lexi agus a traenálaí, Gary, cuairt ar an scoil den chéad uair ag tús na míosa, am a chuaigh siad ar turas thart ar na ranganna agus a bhuail siad leis na páistí ar fad agus le foireann na scoile.

Aimseadóir buí í Lexi agus bhí gach duine sa scoil an-tógtha lena gcara nua. Beidh Lexi ag obair sa scoil mar theiripeoir cúpla uair sa tseachtain ag tabhairt cuidiú le forbairt shóisialta agus oideachas na bpáistí. Seo an chéad uair a bhfuil madadh teiripe ag Gaelscoil sna Sé Chontae.

Ní bheidh Lexi leis an scoil ach ar feadh bliain amháin, agus tuigeann Fionnghuala an tábhacht leis an obair atá Lexi a dhéanamh. Agus cé go mbeidh an príomhoide ag éirí as an phost go luath, tá spriocanna aici madadh lánaimseartha a fháil don scoil. Beidh ar mhúinteoir amháin an madadh a thabhairt abhaile agus ar ais chun na scoile achan lá agus aire a thabhairt dó. Tá smaointe cheana féin ag an fhoireann faoi dóigh le bia agus táirgí an mhadaidh a mhaoiniú.

Pádraig Mac Oitir 27 Oct 2020
_____________________________

Seoladh Oifigiúil Concise English-Irish Dictionary

Tá an Concise English-Irish Dictionary le fáil i siopaí agus ar líne anois. 

Tá 30,000 iontráil, 85,000 aonad céille agus 1,800 leathanach ann. 

€30/£25 an PMM atá air. 

Is é seo an chéad mhórfhoclóir Béarla-Gaeilge atá foilsithe le seasca bliain anuas. 

Tá suíomh an fhoclóra le fáil saor in aisce ag www.focloir.ie

Tá aip an fhoclóra le fáil saor in aisce do ghléasanna Android agus Apple. 

Le haghaidh tuilleadh eolais faoin leabhar téigh go dtí: https://www.focloir.ie/ga/page/book.html
_________________________________

dimanche 18 octobre 2020

Ní comóradh céad ach leac cuimhneacháin atá de dhíth ar ár dtír bheag féin (le BLOSC Oct 16 2020)

Ní comóradh céad ach leac cuimhneacháin 
atá de dhíth ar ár dtír bheag féin
le BLOSC 
(Fearghal Mac Bhloscaidh, Oct 16, 2020)
[...] Le bua na hiarghaoise, maíonn an bheirt go raibh an locht ar na radacaigh agus gur cheart ligint do Terence O’Neill leasaithe a chur i bhfeidhm – conclúid choimeádach chámasach a chuireann an locht ar na híospartaigh agus a chuidíonn le daoine áirithe codladh sa oíche agus iad gléasta i gculaith caorach nó eirmín Theach na dTeachtaí. Ach sionnaigh i gcraiceann caorach atá iontu agus más fhianaise atá uait, ba cheart dúinn súil siar a chaitheamh ar chomóradh eile nó cothrom lae an dara mórshiúil chearta sibhialta i nDoire ar 5 Deireadh Fómhair 1968 mar chan amháin gur fhás an PD amach as an eachtra seo, ach go mínítear taobh istigh d’aon léiriú an fáth nach dtiocfaidh smidín na fírinne amach as fóram an tuaiscirt. Tá íomhánna an lae greanta ar chuimhne na ndaoine agus seachadadh an smachtín ó shearbhóntaí an stáitín craolta fud fad an domhain ag criú ceamara RTÉ. Baineadh geit as an tsaol agus a máthair agus baineadh síor-shotal de na Sasanaigh a shíl go raibh an scéal suarach seicteach suaimhnithe go stuama sna Sé Chontae acu ar shiúl ó shúile an tsaoil mhóir. [...]
___________

dimanche 4 octobre 2020

An chéad mhórfhoclóir Béarla-Gaeilge le 60 bliain anuas: The Concise English-Irish Dictionary (Meon Eile)

  

Tá an chéad mhórfhoclóir Béarla-Gaeilge ó cuireadh Foclóir de Bhaldraithe i gcló sa bhliain 1959 anois ar fáil. 1,800 leathanach agus níos mó ná 30,000 ceannfocal atá sa The Concise English-Irish Dictionary, a foilsíodh an mhí seo caite.


Is leagan coimrithe é an foclóir Béarla-Gaeilge seo den Fhoclóir Nua Béarla-Gaeilge atá le fáil ar líne ag focloir.ie ach mhothaigh an lucht eagarthóireachta go raibh sé tábhachtach freastal orthu siúd nach bhfuil fáil acu ar an suíomh gréasáin. Ní hamháin sin ach bhí sé thar am go raibh mórfhoclóir i bhfoirm leabhair curtha i gcló agus Gaeilge nua-aimseartha ár linne le feiceáil ann, go háirithe agus na céadta focal nua i ndiaidh teacht isteach sa chaint le glúin nó dhó anuas.

Thóg sé níos mó ná dhá bhliain ar fhoireann an fhoclóra The Concise English-Irish Dictionary a chur i gcló mar leabhar. Tá cumhdach cuimsithe ann ar Bhéarla na linne seo mar aon le rogha fhairsing d'aistriúcháin sa Ghaeilge chomhaimseartha. Is é seo an chéad mhórthionscadal foclóireachta de chuid Fhoras na Gaeilge.

The Concise English-Irish Dictionary ar fáil ar €30/£25 ó shiopaí leabhar anois.

lundi 21 septembre 2020

Liam Ó Flaithearta: Rogha Scéalta (Micheál Ó Conghaile a d'aistrigh ón mBéarla)

Liam Ó Flaithearta: 
Rogha Scéalta

Micheál Ó Conghaile
a roghnaidh agus a d'aistrigh ón mBéarla

Tá leagan Gaeilge de scéalta áirithe le Liam ó Flaithearta le fáil i nGaeilge anois ach ar roghnaigh, ar aistrigh agus ar fhoilsigh Micheál Ó Conghaile a rogha trí cinn is tríocha féin de ghearrscéalta an Fhlaitheartaigh.

Ainneoin gur mar scríbhneoir Béarla is mó a bhí cáil ar an Árannach Liam Ó Flaithearta (1896–1984) – na déaga d’úrscéalta agus beagnach dhá chéad gearrscéal – bhí tionchar nach beag ag an aon leabhar Gaeilge a d’fhoilsigh sé lena bheo, an cnuasach gearrscéalta Dúil (1953) Ríomhleabhar, ar léitheoirí Gaeilge. 

Sa leabhar nua seo tá Gaeilge curtha go paiteanta ag Micheál Ó Conghaile ar a rogha féin de scoth na ngearrscéalta, trí cinn agus tríocha, mar a gcíortar téamaí mar chruas agus ainnise shaol na n-oileánach Éireannach, ról na mban sa tsochaí sin, dearcadh suaithinseach Uí Fhlaithearta ar an gcléir agus ar an eaglais Chaitliceach, an spéis thar na bearta sa dúlra agus sa nádúr. Athshealbhú cruthaitheach don aonú haois is fiche.

Praghas: €15.00

Tá gach eolas le fáil ina thaobh 
______________________________
______________________________